search


keyboard_tab EIDAS 2014/0910 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2014/0910 GA Art. 3 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


just index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 276

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ríomh-shainaitheantas” an próiseas arb é atá ann úsáid a bhaint as sonraí sainaitheantais duine i bhfoirm leictreonach, ar sonraí iad a léiríonn, go leithleach, duine nádúrthadlítheanachduine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach;

(2)

Ciallaíonn “modh ríomh-shainaitheantais” aonad ábhartha agus/nó neamhábhartha ina bhfuil sonraí sainaitheantais duine, a mbaintear úsáid as chun seirbhís ar líne a fhíordheimhniú;

(3)

ciallaíonn “sonraí sainaitheantais duine” tacar sonraí chun céannacht duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, nó duine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh aige ar dhuine dlítheanach, a shuíomh;

(4)

ciallaíonn “scéim ríomh-shainaitheantais” córas chun ríomh-shainaitheantas a dhéanamh lena ndéantar modhanna ríomh-shainaitheantais a eisiúint do dhaoine nádúrthadlítheanach nó do dhaoine nádúrtha a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar dhaoine dlítheanacha;

(5)

ciallaíonn “fíordheimhniú” ríomhphróiseas a fhágann go bhféadfar ríomh-shainaitheantas an duine nádúrtha nó dlítheanaigh a dheimhniú; nó foinse agus sláine ríomhshonraí a dheimhniú;

(6)

ciallaíonn “an páirtí is úsáideoir” duine nádúrthadlítheanach a bhíonn ag brath ar chéannacht leictreonach nó ar sheirbhís iontaoibhe;

(7)

ciallaíonn “comhlacht poiblí” an stát, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí nó comhlachas ina bhfuil ceann amháinníos mó de na húdaráis sin nó ceann amháinníos mó de na comhlachtaí faoi rialú an dlí phoiblí, nó eintiteas príobháideach a bhfuil sainordú aige ó cheann amháin ar a laghad de na húdaráis sin, de na comhlachtaí sin nó de na comhlachais sin seirbhísí poiblí a sholáthar ag feidhmiú dó faoi shainordú den sórt sin;

(8)

ciallaíonn “comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí” mar a shainítear é i bpointe (4) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15);

(9)

ciallaíonn “sínitheoir” duine nádúrtha a chruthaíonn ríomhshíniú;

(10)

ciallaíonn “ríomhshíniú” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí i bhfoirm leictreonach eile, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, agus a úsáideann an sínitheoir le síniú a dhéanamh;

(11)

ciallaíonn “ríomhshíniú ardleibhéil” ríomhshíniú a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 26;

(12)

ciallaíonn “ríomhshíniú cáilitheríomhshíniú ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithe;

(13)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshínithesonraí uathúla a úsáideann an sínitheoir chun ríomhshíniú a chruthú;

(14)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshínithe” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshínithe a nascadh le duine nádúrtha agus lena ndearbhaítear ar a laghad ainm nó ainm bréige an duine sin;

(15)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshínithedeimhniú le haghaidh ríomhshínithe, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn I;

(16)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe” ríomhsheirbhís a thugtar de ghnáth ar luach saothair a bhfuil na nithe seo leanas iontu:

(a)

ríomhshínithe, ríomhshéalaí, nó ríomhstampaí ama, ríomhsheirbhísí seachadta atá cláraithe agus na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin a chruthú, a fhíorú agus a bhailíochtú, nó

(b)

cruthú, fíorú agus bailíochtú na ndeimhnithe le haghaidh fíordheimhniú láithreán gréasáin, nó

(c)

caomhnú ríomhshínithe, ríomhshéalaí nó na deimhnithe a bhaineann leis na seirbhísí sin;

(17)

ciallaíonn “seirbhís iontaoibhe cháilithe” seirbhís iontaoibhe a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar síos sa Rialachán seo;

(18)

ciallaíonn “comhlacht measúnaithe comhréireachta” comhlacht a shainítear i bpointe 13 d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, a bhfuil creidiúnú aige i gcomhréir leis an Rialachán sin á rá go bhfuil sé inniúil ar mheasúnú comhréireachta a dhéanamh ar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus ar na seirbhísí iontaoibhe cáilithe a chuireann sé ar fáil;

(19)

ciallaíonn “soláthraí seirbhísí iontaoibheduine nádúrthadlítheanach a chuireann seirbhís iontaoibhe amháinníos mó ar fáil cibé acu mar sholáthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe nó mar sholáthraí neamhcháilithe seirbhísí iontaoibhe;

(20)

ciallaíonn “soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhesoláthraí seirbhísí iontaoibhe a chuireann seirbhís iontaoibhe cáilithe amháinníos mó ar fáil agus a ndeonaíonn an comhlacht maoirseachta stádas mar sholáthraí cáilithe dó;

(21)

ciallaíonn “táirge” crua-earraí nó bogearraí, nó comhpháirteanna de chrua-earraí nó de bhogearraí, atá beartaithe lena n-úsáid chun seirbhísí iontaoibhe a sholáthar;

(22)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshíniú a chruthú;

(23)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshínithe cáilithegléas cruthaithe ríomhshínithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(24)

ciallaíonn “cruthaitheoir séala” duine dlítheanach a chruthaíonn ríomhshéala;

(25)

ciallaíonn “ríomhshéala” sonraí i bhfoirm leictreonach atá ceangailte de shonraí eile i bhfoirm leictreonach, nó a bhfuil baint loighciúil acu leo, chun foinse agus sláine na sonraí eile a áirithiú;

(26)

ciallaíonn “ríomhshéala ardleibhéil” ríomhshéala a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 36:

(27)

ciallaíonn “ríomhshéala cáilitheríomhshéala ardleibhéil a cruthaíodh le gléas cruthaithe ríomhshéalaí cáilithe, agus atá bunaithe ar dheimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéalaí;

(28)

ciallaíonn “sonraí maidir le cruthú ríomhshéalasonraí uathúla a úsáideann cruthaitheoir an ríomhshéala chun ríomhshéala a chruthú;

(29)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh ríomhshéala” ríomhdhearbhú a dhéanann sonraí bailíochtaithe ríomhshéala a nascadh le duine dlítheanach agus lena ndearbhaítear ainm an duine sin;

(30)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh ríomhshéaladeimhniú le haghaidh ríomhshéala a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III;

(31)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala” bogearraí nó crua-earraí cumraithe a úsáidtear chun ríomhshéala a chruthú;

(32)

ciallaíonn “gléas cruthaithe ríomhshéala cáilithegléas um chruthú ríomhshéala a chomhlíonann mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II;

(33)

ciallaíonn “ríomhstampa ama” sonraí i bhfoirm leictreonach a cheanglaíonn shonraí eile i bhfoirm leictreonach d’am ar leith, agus a shuíonn trína bhíthin sin fianaise go raibh na sonraí eile sin ann ag an am sin;

(34)

ciallaíonn “ríomhstampa ama cáilithe” ríomhstampa a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42;

(35)

ciallaíonn “ríomhdhoiciméad” aon ábhar a stóráiltear i bhfoirm leictreonach nó mar thaifead fuaime, mar thaifead amhairc nó mar thaifead closamhairc;

(36)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe” seirbhís a fhágann go bhféadfar sonraí a tharchur idir tríú páirtithe le ríomh-mhodhanna agus a chuireann fianaise ar fáil maidir le láimhseáil na sonraí a tarchuireadh, lena n-áirítear cruthúnas gur seoladh agus/nó go bhfuarthas iad, agus a dhéanann na sonraí a tarchuireadh a chosaint ar an riosca go ndéanfar iad a chailliúint, a ghoid, nó go ndéanfar damáiste dóibh nó athrú neamhúdaraithe orthu;

(37)

ciallaíonn “ríomhsheirbhís seachadta cáilithe atá cláraithe” ríomhsheirbhís seachadta atá cláraithe a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 44;

(38)

ciallaíonn “deimhniú le haghaidh fíordheimhniú gréasáin” dearbhú trína bhféadfar gréasán a fhíordheimhniú agus trína nasctar an gréasán leis an duine nádúrthadlítheanach a n-eisítear an deimhniú dó;

(39)

ciallaíonn “deimhniú cáilithe le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin” deimhniú le haghaidh fíordheimhniú suíomh gréasáin, a eisíonn soláthraí cáilithe seirbhísí iontaoibhe agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn IV;

(40)

ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí a úsáidtear chun ríomhshíniúríomhshéala a bhailíochtú;

(41)

ciallaíonn “bailíochtú” an próiseas trína bhfíoraítear agus trína ndeimhnítear go bhfuil ríomhshíniúríomhshéala bailí.


whereas









keyboard_arrow_down