search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'mholadh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index mholadh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA
  • 1 Airteagal 3 Sainmhínithe

  • CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
  • 1 Airteagal 35 Maolú rioscaí
  • 3 Airteagal 36 Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

  • ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta
  • 1 Airteagal 48 Prótacail ghéarchéime

  • ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha
  • 1 Airteagal 60 Imscrúduithe comhpháirteacha

  • ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas mholadh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 862

 

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “seirbhís sochaí faisnéise”“seirbhís” mar a shainmhínítear in Airteagal 1(1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/1535;

(b)

ciallaíonn “faighteoir na seirbhíse” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach a úsáideann seirbhís idirghabhálach, go háirithe chun faisnéis a lorg nó chun í a dhéanamh inrochtana;

(c)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin;

(d)

ciallaíonn “chun seirbhísí a thairiscint san Aontas” é a chur ar a gcumas do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha i mBallstát amháin nó níos mó seirbhísí soláthraí seirbhísí idirghabhálacha ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an Aontas a úsáid;

(e)

ciallaíonn “nasc substaintiúil leis an Aontas” nasc atá ag soláthraí seirbhísí idirghabhálacha leis an Aontas, nasc a thagann as a bhunú san Aontas nó as critéir shonracha fhíorasacha, amhail:

líon suntasach fhaighteoirí na seirbhíse i mBallstát amháin nó níos mó de réir a dhaonra nó a ndaonra; nó

gníomhaíochtaí a spriocdhíriú i dtreo Ballstát amháin nó níos mó;

(f)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach, gan beann ar cibé an bhfuil sé faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine atá ag gníomhú ina ainm/ina hainm nó thar a cheann/thar a ceann, chun críoch a bhaineann le thrádáil, gnólacht, ceird nó gairm an duine sin;

(g)

ciallaíonn “seirbhís idirghabhálach” ceann de na seirbhísí sochaí faisnéise seo a leanas:

(i)

seirbhís “cainéal fórach” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, nó soláthar rochtana ar líonra cumarsáide;

(ii)

seirbhís “taiscthe” arb é atá inti tarchur i líonra cumarsáide ar fhaisnéis arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, a bhaineann le stóráil uathoibríoch, idirmheánach agus shealadach na faisnéise sin, arna dhéanamh chun críche tarchur ar aghaidh na faisnéise chuig faighteoirí eile na seirbhíse arna iarraidh acu, a dhéanamh níos éifeachtúla;

(iii)

seirbhís “óstála” arb é atá inti stóráil faisnéise arna soláthar ag faighteoir na seirbhíse, agus arna iarraidh sin don fhaighteoir sin;

(h)

ciallaíonn “inneachar neamhdhleathach” aon fhaisnéis, inti féin nó i dtaca le gníomhaíocht, lena n-áirítear díolachán táirgí nó soláthar seirbhísí, nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais nó dlí aon Bhallstáit, gan beann ar ábhar beacht nó cineál an dlí sin;

(i)

ciallaíonn “ardán ar líne” seirbhís óstála lena stóráltar agus lena scaiptear faisnéis ar an bpobal, arna iarraidh sin d’fhaighteoir na seirbhíse, murar mionghné nó gné choimhdeach amháin de sheirbhís eile nó de mhionfheidhmiúlacht na príomhsheirbhíse atá sa ghníomhaíocht sin agus, ar chúiseanna teicniúla agus oibiachtúla, nach féidir é a úsáid gan an tseirbhís eile sin, agus nach bealach é comhtháthú na gné nó na feidhmiúlachta sin i seirbhís eile le dul timpeall ar infheidhmeacht an Rialacháin seo;

(j)

ciallaíonn “inneall cuardaigh ar líne” seirbhís idirghabhálach a chuireann ar chumas úsáideoirí iarratais a ionchur chun cuardaigh a dhéanamh, i bprionsabal, ar gach suíomh gréasáin nó gach suíomh gréasáin i dteanga ar leith, ar bhonn iarratas ar aon inneachar i bhfoirm eochairfhocail, glao-iarraidh, frása nó ionchuir eile, agus a sheolann torthaí ar ais in aon fhormáid ina bhfuil faisnéis le fáil a bhaineann leis an inneachar a iarradh;

(k)

ciallaíonn “scaipeadh ar an bpobal” faisnéis a chur ar fáil go poiblí, arna iarraidh sin d’faighteoir na seirbhíse a sholáthair an fhaisnéis, chuig líon tríú páirtithe a d’fhéadfadh a bheith neamhtheoranta;

(l)

ciallaíonn “cianchonradh”“cianchonradh” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe 7 de Threoir 2011/83/AE;

(m)

ciallaíonn “comhéadan ar líne” aon bhogearraí, lena n-áirítear suíomh gréasáin nó cuid de, agus feidhmchláir, lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste;

(n)

ciallaíonn “an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil príomhbhunaíocht soláthraí seirbhíse idirghabhálaí lonnaithe nó ina bhfuil cónaí ar a ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe;

(o)

ciallaíonn “Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe” Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina gcuirtear an tseirbhís idirghabhálach ar fáil;

(p)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach ardáin ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuaigh i dteagmháil le hardán ar líne trína iarraidh ar an ardán ar líne faisnéis a óstáil nó a bheith neamhchosanta ar fhaisnéis arna hóstáil ag an ardán ar líne agus arna scaipeadh trína chomhéadan ar líne;

(q)

ciallaíonn “faighteoir gníomhach innill cuardaigh ar líne” faighteoir na seirbhíse a chuir ceist isteach ar inneall cuardaigh ar líne agus ar nochtadhfaisnéise don faighteoir atá innéacsaithe agus curtha i láthair ar a chomhéadan ar líne;

(r)

ciallaíonn “fógrán” faisnéis a dearadh chun teachtaireacht duine dlítheanach nó duine nádúrtha a chur chun cinn, gan beann ar cibé an ndéantar sin chun críoch tráchtála nó neamhthráchtála, agus arna taispeáint ar ardán ar líne ar a chomhéadan ar líne in aghaidh luach saothair go sonrach chun an fhaisnéis sin a chur chun cinn;

(s)

ciallaíonn “córas moltaí” córas atá uathoibrithe go hiomlán nó uathoibrithe i bpáirt a úsáideann ardán ar líne chun faisnéis shonrach a mholadh d’fhaighteoirí na seirbhíse ina chomhéadan ar líne, nó chun an fhaisnéis sin a chur in ord tosaíochta ann, lena n-áirítear de thoradh cuardach a thionscain faighteoir na seirbhíse nó ar shlí eile chun ord coibhneasta nó feiceálacht na faisnéise a thaispeántar a chinneadh;

(t)

ciallaíonn “modhnóireacht inneachair” na gníomhaíochtaí, bíodh siad uathoibrithe nó ná bíodh, a dtugann soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fúthu agus atá dírithe, go háirithe, ar inneachar neamhdhleathach nó faisnéis nach bhfuil comhoiriúnach lena dtéarmaí agus coinníollacha a bhrath, a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, a sholáthraíonn faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear bearta a dhéanamh a dhéanann difear d’infhaighteacht, sofheictheacht agus inrochtaineacht an inneachair neamhdhleathaigh nó na faisnéise sin, amhail an fhaisnéis sin a ísliú, luach airgid a bhaint di, rochtain uirthi a dhíchumasú, nó í a bhaint, nó a dhéanann difear do chumas fhaighteoirí na seirbhíse chun an fhaisnéis sin a sholáthar, amhail cuntas faighteora a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí;

(u)

ciallaíonn “téarmaí agus coinníollacha” gach clásal, gan beann ar a ainm nó a fhoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí idirghabhálacha agus faighteoirí na seirbhísí;

(v)

ciallaíonn “daoine faoi mhíchumas”“daoine faoi mhíchumas” dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38);

(w)

ciallaíonn “cumarsáid tráchtála”“cumarsáid tráchtála” mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (f), de Threoir 2000/31/CE;

(x)

ciallaíonn “láimhdeachas” an méid a dhíorthaíonn gnóthas de réir bhrí Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (39) ón gComhairle.

CAIBIDIL II

DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

Airteagal 35

Maolú rioscaí

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha atá oiriúnaithe do na rioscaí sistéamacha sonracha arna sainaithint de bhun Airteagal 34 a chur i bhfeidhm, agus aird ar leith á tabhairt ar thionchair na mbeart sin ar chearta bunúsacha. D’fhéadfadh go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na mbeart sin, i gcás inarb infheidhme:

(a)

dearadh, gnéithe dá gcuid seirbhísí nó feidhmiú a gcuid seirbhísí a oiriúnú, lena n-áirítear a gcomhéadain ar líne;

(b)

a dtéarmaí agus coinníollacha agus a bhforfheidhmiú a oiriúnú;

(c)

próisis modhnóireachta inneachair a oiriúnú, lena n-áirítear luas agus cáilíocht na bhfógraí próiseála a bhaineann le cineálacha sonracha inneachair neamhdhleathaigh agus, i gcás inarb iomchuí, an t-inneachar a fógraíodh a bhaint go gasta nó rochtain air a dhíchumasú, go háirithe i leith fuathchaint neamhdhleathach nó cibearfhoréigin, chomh maith le haon phróisis chinnteoireachta ábhartha agus aon acmhainní tiomnaithe le haghaidh modhnóireacht inneachair a oiriúnú;

(d)

tástáil agus oiriúnú a dhéanamh ar a gcórais algartamacha, lena n-áirítear a gcórais moltaí;

(e)

a gcórais fógraíochta a oiriúnú agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh a bhfuil sé mar aidhm acu teorainn a chur le taispeáint fógrán maidir leis an tseirbhís a sholáthraíonn siad nó a dtaispeáint a choigeartú;

(f)

na próisis inmheánacha, na hacmhainní, an tástáil, an doiciméadacht, nó an mhaoirseacht ar aon cheann dá ngníomhaíochtaí a neartú go háirithe maidir le riosca sistéamach a bhrath;

(g)

comhar a thionscnamh nó a leasú le comharthóirí iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 22 agus cinntí na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chur chun feidhme de bhun Airteagal 21;

(h)

comhar a thionscnamh nó a leasú le soláthraithe eile ardán ar líne nó soláthraithe eile inneall cuardaigh ar line trí na cóid iompair agus trí na prótacail ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagail 45 agus 48 faoi seach;

(i)

bearta múscailte feasachta a dhéanamh agus a gcomhéadan ar líne a oiriúnú chun tuilleadh faisnéise a chur ar fáil d’fhaighteoirí na seirbhíse;

(j)

bearta spriocdhírithe a dhéanamh chun cearta an linbh a chosaint, lena n-áirítear fíorú aoise agus uirlisí rialaithe do thuismitheoirí, uirlisí atá dírithe ar chabhrú le mionaoisigh mí-úsáid a chur in iúl nó tacaíocht a fháil, de réir mar is iomchuí;

(k)

á áirithiú, i gcás ítim faisnéise, bíodh sí ina híomhá ghinte nó ionramháilte, ina hinneachar fuaime nó físe atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a fheictear go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach, go mbeidh sí inaitheanta trí mharcálacha feiceálacha agus é ar taispeáint ar a gcomhéadain ar líne; agus sa bhreis air sin feidhmiúlacht a chur ar fáil,, a bheidh éasca le húsáid agus lena gcumasófar faighteoirí na seirbhíse chun faisnéis den sórt sin a chur in iúl.

2.   Foilseoidh an Bord, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuarascálacha cuimsitheacha, uair amháin sa bhliain. Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na tuarascálacha sin:

(a)

sainaithint agus measúnú ar na rioscaí sistéamacha is mó agus is mó a thagann chun cinn arís agus arís de réir tuairiscí ó sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó ó sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line nó a sainaithníodh trí fhoinsí faisnéise eile, go háirithe iad siúd atá á soláthar i gcomhréir le hAirteagail 39, 40 agus 42;

(b)

dea-chleachtais do sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus do sholáthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line chun na rioscaí sistéamacha a sainaithníodh a mhaolú.

Déanfaidh na tuarascálacha sin rioscaí sistéamacha, iad miondealaithe de réir an Bhallstáit inar tharla siad agus san Aontas ina iomláine a chur in iúl, de réir mar is infheidhme.

3.   Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, treoirlínte a eisiúint faoi chur i bhfeidhm mhír 1 i ndáil le rioscaí sonracha, go háirithe maidir le dea-chleachtais reatha agus bearta féideartha a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar iarmhairtí féideartha na mbeart ar chearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt do na páirtithe uile lena mbaineann. Eagróidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí le linn ullmhú na dtreoirlínte sin.

Airteagal 36

Sásra freagartha ar ghéarchéimeanna

1.   I gcás ina dtarlaíonn géarchéim, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó ar mholadh ón mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglófar ar cheann amháin nó níos mó de na soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

measúnú a dhéanamh ar cibé a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, agus más ea, a mhéid a rannchuidíonn feidhmiú agus úsáid na seirbhísí go suntasach, nó an dóchúlacht go rannchuideoidís, le bagairt dháiríre dá dtagraítear i mír 2;

(b)

bearta sonracha, éifeachtacha agus comhréireacha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm, amhail ceann ar bith díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 35(1) nó in Airteagal 48(2), chun aon rannchuidiú den sórt sin leis an mbagairt thromchúiseach arna sainaithint de bhun phointe (a) den mhír seo a chosc, a dhíothú nó a theorannú;

(c)

tuairisciú don Choimisiún faoi dháta áirithe nó ag eatraimh rialta a shonrófar sa chinneadh, maidir leis na measúnuithe dá dtagraítear i bpointe (a), leis an inneachar beacht, cur chun feidhme agus tionchar cáilíochtúil agus cainníochtúil na mbeart sonrach a rinneadh de bhun phointe (b) agus aon saincheist eile a bhaineann leis na measúnuithe nó na bearta sin, mar a shonraítear sa chinneadh.

Agus bearta á sainaithint agus á gcur i bhfeidhm de bhun phointe (b) den mhír seo, tabharfaidh an soláthraí nó na soláthraithe seirbhíse aird chuí ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí leis na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

2.   Chun críche an Airteagail seo, measfar go bhfuil géarchéim ann i gcás ina bhfuil cúinsí urghnácha ina gcúis le bagairt thromchúiseach don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí san Aontas nó i gcodanna suntasacha de.

3.   Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

go mbeidh géarghá agus údar leis na gníomhaíochtaí arna n-éileamh leis an gcinneadh agus go mbeidh siad comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar thromchúis na bagartha tromchúisí dá dtagraítear i mír 2, ar phráinn na mbeart agus ar na himpleachtaí iarbhír nó a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do leasanna dlisteanacha na bpáirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mainneofaí na bearta na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú;

(b)

go sonrófar tréimhse réasúnta sa chinneadh ina ndéanfar bearta sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, ag féachaint, go háirithe, do phráinn na mbeart sin agus don am a bheidh ag teastáil chun iad a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c)

go mbeidh na gníomhaíochtaí a cheanglaítear leis an gcinneadh teoranta do thréimhse nach faide ná 3 mhí.

4.   Tar éis dó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, na bearta seo a leanas:

(a)

fógra faoin gcinneadh a thabhairt don soláthraí nó do na soláthraithe a bhfuil an cinneadh dírithe orthu;

(b)

an cinneadh a chur ar fáil go poiblí; agus

(c)

an cinneadh a chur in iúl don Bhord, a iarraidh air a thuairimí ina leith a chur isteach, agus é a choimeád ar an eolas maidir le haon fhorbairtí a dhéanfar ina dhiaidh sin a bhaineann leis an gcinneadh.

5.   Maidir le rogha na mbeart sonrach a bheidh le déanamh de bhun phointe (b) de mhír 1, agus an dara fomhír de mhír 7, fanfaidh sé ag an soláthraí nó ag na soláthraithe a ndíreofar orthu leis an gcinneadh ón gCoimisiún.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin don soláthraí, dul i mbun idirphlé leis an soláthraí chun a chinneadh, i bhfianaise imthosca sonracha an tsoláthraí, cibé atá nó nach bhfuil na bearta beartaithe nó curtha chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, éifeachtach agus comhréireach chun na cuspóirí atá á saothrú a bhaint amach. Go háirithe, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfaidh na bearta arna ndéanamh ag an soláthraí seirbhíse faoi phointe (b) de mhír 1, na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 3.

7.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin agus ar bhonn aon fhaisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear faisnéis a fhéadfaidh sé a iarraidh de bhun Airteagal 40 nó Airteagal 67, agus éabhlóid na géarchéime á cur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú rialta don Bhord maidir leis an bhfaireachán sin, ar bhonn míosúil ar a laghad.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil na bearta sonracha atá beartaithe nó curtha chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1 éifeachtach nó comhréireach, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an soláthraí athbhreithniú a dhéanamh ar shainaithint nó cur i bhfeidhm na mbeart sonrach sin.

8.   I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise fhorbairt na géarchéime, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó de réir mholadh an Bhoird, an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 nó i mír 7, an dara fomhír, a leasú trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an cinneadh a chúlghairm agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal ar an ardán an-mhór ar líne nó ar inneall cuardaigh an-mhór ar líne scor de na bearta a shainaithnítear agus a chuirtear chun feidhme de bhun phointe (b) de mhír 1, nó de bhun an dara fomhír de mhír 7, a chur i bhfeidhm a thuilleadh, go háirithe i gcás nach ann do na forais dá bhfuil na bearta sin ann a thuilleadh;

(b)

síneadh nach faide ná 3 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3;

(c)

an taithí a fuarthas agus na bearta á gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, go háirithe mainneachtain fhéidearthach na mbeart na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a urramú.

9.   Beidh feidhm ag ceanglais mhíreanna 1 go 6 maidir leis an gcinneadh agus leis an leasú air dá dtagraítear san Airteagal seo.

10.   Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar mholadh an Bhoird arna eisiúint de bhun an Airteagail seo.

11.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar bhonn bliantúil tar éis cinntí a ghlacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus ar aon chuma, 3 mhí tar éis dheireadh na géarchéime maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sonrach arna nglacadh de bhun na gcinntí sin.

Airteagal 48

Prótacail ghéarchéime

1.   Féadfaidh an Bord a mholadh don Choimisiún go dtionscnófaí tarraingt suas prótacal géarchéime deonach, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 4, chun aghaidh a thabhairt ar chásanna géarchéime. Beidh na cásanna sin teoranta go docht d’imthosca urghnácha a dhéanfaidh difear don tslándáil phoiblí nó don tsláinte phoiblí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún soláthraithe ardán an-mhór ar líne, soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne agus, i gcás inarb iomchuí, soláthraithe ardán eile ar líne nó inneall chuardaigh eile ar líne, a spreagadh agus a éascú chun bheith rannpháirteach i dtarraingt suas, tástáil agus cur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime sin. Beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas mar chuid de na prótacail ghéarchéime sin:

(a)

faisnéis arna soláthar ag údaráis na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais nó, ag brath ar chomhthéacs na géarchéime, ag comhlachtaí iontaofa ábhartha eile, a chur ar taispeáint go follasach maidir leis an gcás géarchéime;

(b)

a áirithiú go n-ainmneoidh an soláthraí seirbhísí idirghabhálacha pointe teagmhála sonrach do bhainistiú géarchéime; i gcás inarb ábhartha, d’fhéadfadh gurbh é an pointe teagmhála leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 11 an pointe teagmhála sin nó, i gcás soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne, d’fhéadfadh sé gurbh é an t-oifigeach comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 41 an pointe teagmhála;

(c)

i gcás inarb infheidhme, na hacmhainní atá tiomnaithe do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 20, 22, 23 agus 35 a oiriúnú do na riachtanais a eascraíonn as an gcás géarchéime.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, údaráis na mBallstát a tharraingt isteach agus féadfaidh sé comhlachtaí an Aontais, oifigí agus gníomhaireachtaí a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas, a thástáil agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprótacal géarchéime. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus inarb iomchuí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó eagraíochtaí ábhartha eile a tharraingt isteach chun na prótacail ghéarchéime a tharraingt suas.

4.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go leagtar gach ceann de na nithe seo a leanas amach go soiléir sna prótacail ghéarchéime:

(a)

na paraiméadair shonracha chun cinneadh a dhéanamh cad iad na himthosca urghnácha sonracha iontu a fhéachtar le dul i ngleic leo sa phrótacal géarchéime agus na cuspóirí a shaothraíonn sé;

(b)

ról gach rannpháirtí agus na bearta a chuirfidh siad i bhfeidhm mar ullmhúchán agus a luaithe agus a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(c)

nós imeachta soiléir lena chinneadh cathain a chuirtear an prótacal géarchéime i ngníomh;

(d)

nós imeachta soiléir chun an tréimhse ina nglacfar na bearta atá le déanamh a chinneadh a luaithe agus a chuirtear an prótacal i ngníomh, agus iad teoranta go docht dóibh siúd is gá chun dul i ngleic leis na himthosca sonracha urghnácha lena mbaineann;

(e)

coimircí chun dul i ngleic le haon éifeachtaí diúltacha ar fheidhmiú na gceart bunúsach a chumhdaítear sa Chairt, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe;

(f)

próiseas chun aon bhearta a rinneadh, an fad agus na torthaí a bhí leo, a thuairisciú go poiblí tráth a dtagann deireadh leis an gcás géarchéime.

5.   Má mheasann an Coimisiún go mainníonn prótacal géarchéime dul i ngleic leis an gcás géarchéime ar bhealach éifeachtach, nó go mainníonn prótacal géarchéime feidhmiú na gceart bunúsach dá dtagraítear i mír 4, pointe (e), a chosaint, iarrfaidh sé ar na rannpháirtithe athbhreithniú a dhéanamh ar an bprótacal géarchéime, lena n-áirítear trí bhearta breise a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

ROINN 1

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

Airteagal 60

Imscrúduithe comhpháirteacha

1.   Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta imscrúduithe comhpháirteacha a sheoladh agus a stiúradh agus Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha amháin nó níos mó lena mbaineann rannpháirteach iontu:

(a)

ar a thionscnamh féin, chun imscrúdú a dhéanamh ar shárú ar an Rialachán seo a líomhnaíodh a rinne soláthraí ar leith seirbhísí idirghabhálacha i roinnt Ballstát; nó

(b)

ar mholadh a fháil ón mBord, ag gníomhú dó ar iarraidh ó thriúr Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar a laghad, a líomhnaíonn go bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna soláthraí áirithe seirbhísí idirghabhálacha sárú a dhéanann difear d’fhaighteoirí na seirbhíse ina mBallstáit.

2.   Aon Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a chruthaíonn go bhfuil leas dlisteanach aige i bpáirt a ghlacadh in imscrúdú comhpháirteach de bhun mhír 1, féadfaidh sé a iarraidh é sin a dhéanamh. Tabharfar an t-imscrúdú comhpháirteach i gcrích laistigh de thrí mhí óna sheoladh, ach amháin má chomhaontaítear a mhalairt i measc na rannpháirtithe.

Cuirfidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a réamhsheasamh maidir leis an sárú a líomhnaíodh in iúl tráth nach déanaí ná 1 mhí tar éis dheireadh an spriocdháta dá dtagraítear sa chéad fhomhír do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfear san áireamh sa réamhsheasamh tuairimí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile go léir atá rannpháirteach san imscrúdú comhpháirteach. I gcás inarb infheidhme, leagfar amach sa réamhsheasamh sin freisin na bearta forfheidhmithe atá beartaithe.

3.   Féadfaidh an Bord an t-ábhar a tharchur chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 59 sna cásanna seo a leanas:

(a)

níl a réamhsheasamh curtha in iúl ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta laistigh den sprioc-am a leagtar amach i mír 2;

(b)

easaontaíonn an Bord go substaintiúil leis an réamhsheasamh a chuir an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta in iúl; nó

(c)

níor thosaigh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta an t-imscrúdú comhpháirteach go pras tar éis an moladh a fháil ón mBord de bhun phointe (b) de mhír 1.

4.   Agus an t-imscrúdú comhpháirteach á dhéanamh acu, oibreoidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha atá rannpháirteach i gcomhar le chéile de mheon macánta, agus aird á tabhairt acu, i gcás inarb infheidhme, ar thásca an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus ar an moladh ón mBord. Beidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha sa tír cinn scríbe a ghlacann páirt san imscrúdú comhpháirteach i dteideal, arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó tar éis dóibh dul i gcomhairle leis, a gcumhachtaí imscrúdaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 51(1) a fheidhmiú i leith na soláthraithe seirbhísí idirghabhála lena mbaineann an sárú a líomhnaíodh, maidir le faisnéis agus áitribh atá suite laistigh dá gcríoch.

ROINN 3

An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha


whereas









keyboard_arrow_down