search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'd’airteagal ' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index d’airteagal :

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas d’airteagal :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 625

 

Airteagal 19

Eisiamh do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga

1.   Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháilíonn mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo, cé is moite d’airteagal 24(3) de, maidir le soláthraithe ardán ar líne a cháiligh roimhe sin don stádas mar mhicrifhiontar nó mar fhiontar beag mar a shainmhínítear i Moladh 2003/361/CE le linn an 12 mhí tar éis dóibh an stádas sin a chailleadh de bhun Airteagal 4(2) de, ach amháin nuair is ardáin an-mhór ar líne iad i gcomhréir le hAirteagal 33.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le soláthraithe ardán ar líne a ainmníodh mar ardáin an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33, gan beann ar cibé acu a cháilíonn siad nó ngach gcáilíonn siad mar mhicrifhiontair nó mar fhiontair bheaga.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 Feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 34

Measúnú riosca

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line sainaithint, anailís agus measúnú dúthrachtach ar aon rioscaí sistéamacha san Aontas a eascraíonn as dearadh nó feidhmiú a seirbhís agus a gcórais ghaolmhara, lena n-áirítear córais algartamacha, agus as úsáid a bhaintear as a gcuid seirbhísí.

Déanfaidh siad na measúnuithe riosca faoin dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’airteagal 33(6), agus uair amháin ar a laghad gach bliain ina dhiaidh sin, agus i gcás ar bith, sula n-imscarfar feidhmiúlachtaí ar dócha go mbeidh tionchar criticiúil acu ar na rioscaí arna sainaithint de bhun an Airteagail seo. Bainfidh an measúnú riosca seo go sonrach lena gcuid seirbhísí agus beidh sé i gcomhréir leis na rioscaí sistéamacha, ag cur san áireamh a ndéine agus na dóchúlachta go dtarlóidís, agus beidh na rioscaí sistéamacha seo a leanas mar chuid de:

(a)

scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh trína seirbhísí;

(b)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar fheidhmiú na gceart bunúsach, go háirithe na cearta bunúsacha a bhaineann le dínit an duine a chumhdaítear in Airteagal 1 den Chairt le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh a chumhdaítear in Airteagal 7 den Chairt, le cosaint sonraí pearsanta a chumhdaítear in Airteagal 8 den Chairt, le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán a chumhdaítear in Airteagal 11 den Chairt, le neamh-idirdhealú a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt, le hurraim ar chearta an linbh a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus le hardleibhéal cosaint an tomhaltóra a chumhdaítear in Airteagal 38 den Chairt;

(c)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis thoghchánacha, agus ar an tslándáil phoiblí;

(d)

aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, cosaint na sláinte poiblí agus mionaoisigh agus iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha ar fholláine fhisiciúil agus mheabhrach an duine.

2.   Agus measúnuithe riosca á ndéanamh acu, cuirfidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line san áireamh, go háirithe, cibé a imreoidh nó nach n-imreoidh na gnéithe seo a leanas tionchar ar aon cheann de na rioscaí sistéamacha dá dtagraítear i mír 1, agus conas a imreoidh siad an tionchar sin:

(a)

dearadh a gcóras moltaí agus aon chórais algartamaigh ábhartha eile;

(b)

a gcórais modhnóireachta inneachair;

(c)

na téarmaí agus coinníollacha is infheidhme agus a bhforfheidhmiú;

(d)

córais chun fógráin a roghnú agus a chur i láthair;

(e)

cleachtais an tsoláthraí a bhaineann le sonraí.

Déanfaidh na measúnuithe anailís freisin ar cibé a bhíonn nó nach mbíonn tionchar ag ionramháil d’aon ghnó ar a seirbhís ar rioscaí de bhun mhír 1 agus conas a bhíonn tionchar ag an méid sin orthu, lena n-áirítear úsáid bhréagach nó saothrú uathoibrithe na seirbhíse, mar aon le méadú agus scaipeadh inneachair neamhdhleathaigh agus faisnéise atá ar neamhréir lena dtéarmaí agus coinníollacha agus a d’fhéadfadh a bheith mear agus forleathan.

Cuirfear gnéithe sonracha réigiúnacha nó teanga san áireamh sa mheasúnú, lena n-áirítear nuair a bhaineann an méid sin le Ballstát ar leith.

3.   Caomhnóidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na doiciméid tacaíochta do na measúnuithe riosca ar feadh trí bliana ar a laghad, tar éis measúnuithe riosca a dhéanamh agus, arna iarraidh sin, cuirfidh siad ar aghaidh iad chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta.

Airteagal 42

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta

1.   Foilseoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar line na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 15 ar a dhéanaí faoi 2 mhí ón dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d’airteagal 33(6), agus gach sé mhí ina dhiaidh sin ar a laghad.

2.   Sonrófar an méid seo a leanas sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna bhfoilsiú ag soláthraithe ardán an-mhór ar líne, sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15 agus in Airteagal 24(1):

(a)

na hacmhainní daonna a thiomnaíonn an soláthraí ardán an-mhór ar líne do mhodhnóireacht inneachair i ndáil leis an tseirbhís a thairgtear san Aontas, arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil is infheidhme de chuid na mBallstát, lena n-áirítear chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16 agus 22 a chomhlíonadh, agus chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 20 a chomhlíonadh;

(b)

cáilíochtaí agus saineolas teanga na ndaoine a dhéanann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), chomh maith leis an oiliúint agus an tacaíocht a thugtar don fhoireann sin;

(c)

na táscairí cruinnis agus an fhaisnéis ghaolmhar dá dtagraítear in Airteagal 15(1), pointe (e), arna miondealú de réir gach teanga oifigiúil de chuid na mBallstát .

Foilseofar na tuarascálacha i dteanga oifigiúil amháin de theangacha oifigiúla na mBallstát ar a laghad.

3.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 24(2), áireoidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne faisnéis sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le meánfhaighteoirí míosúla na seirbhíse i ngach Ballstát.

4.   Déanfaidh soláthraithe ardán an-mhór ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne na nithe seo a leanas a tharchur chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, gan moill mhíchuí ar a dtabhairt i gcrích, agus cuirfidh siad ar fail go poiblí iad, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis gach tuarascáil iniúchóireachta a fháil de bhun Airteagal 37(4):

(a)

tuarascáil ina leagtar amach torthaí an mheasúnaithe riosca de bhun Airteagal 34;

(b)

na bearta maolaithe sonracha a cuireadh ar bun de bhun Airteagal 35(1);

(c)

an tuarascáil iniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(4);

(d)

an tuarascáil ar chur chun feidhme na hiniúchóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 37(6);

(e)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis faoi na comhairliúcháin arna ndéanamh ag an soláthraí chun tacú leis na measúnuithe riosca agus dearadh na mbeart maolaithe riosca.

5.   I gcás ina measann soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne go bhféadfaí faisnéis rúnda an tsoláthraí sin nó fhaighteoirí na seirbhíse a nochtadh mar thoradh ar fhoilsiú faisnéise de bhun mhír 4, nó go bhféadadh sé a bheith ina chúis le leochaileachtaí suntasacha i ndáil le slándáil a sheirbhíse, go bhféadfaí an bonn a bhaint ón tslándáil phoiblí dá thoradh, nó go bhféadadh sé díobháil a dhéanamh d’fhaighteoirí, féadfaidh an soláthraí an fhaisnéis sin a bhaint as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí. I gcás mar sin, tarchuirfidh an soláthraí na tuarascálacha iomlána chuig an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus chuig an gCoimisiún, agus beidh ráiteas faoi na cúiseanna ar baineadh an fhaisnéis as na tuarascálacha atá ar fáil go poiblí ag gabháil leo.

Airteagal 44

Caighdeáin

1.   Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord, agus tacóidh sé le forbairt agus cur chun feidhme caighdeán deonach agus cuirfidh sé chun cinn iad, ar caighdeáin iad arna leagan amach ag comhlachtaí ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú, i leith an mhéid seo a leanas ar a laghad:

(a)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach faoi Airteagal 16;

(b)

teimpléid, caighdeáin maidir le dearadh agus próisis chun cumarsáid a dhéanamh le faighteoirí na seirbhíse ar bhealach atá intuigthe don úsáideoir maidir le srianta a eascraíonn as téarmaí agus coinníollacha agus as athruithe orthu;

(c)

fógraí arna gcur isteach go leictreonach ag comharthóirí iontaofa faoi Airteagal 22, lena n-áirítear trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár;

(d)

comhéadain shonracha, lena n-áirítear comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 39 agus 40 a éascú;

(e)

iniúchadh ar ardáin an-mhór ar líne agus ar innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun Airteagal 37;

(f)

idir-inoibritheacht na stór fógrán dá dtagraítear in Airteagal 39(2);

(g)

tarchur sonraí idir idirghabhálaithe fógraíochta mar thaca le hoibleagáidí trédhearcachta de bhun phointí (b), (c) agus (d) d’airteagal 26;

(h)

bearta teicniúla chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a bhaineann leis an bhfógraíocht atá sa Rialachán seo a chumasú, lena n-áirítear na hoibleagáidí maidir le marcálacha feiceálacha d’fhógráin agus do chumarsáid tráchtála dá dtagraítear in Airteagal 26;

(i)

comhéadain roghnúcháin agus cur i láthair faisnéise maidir leis na príomhpharaiméadair a bhaineann le cineálacha éagsúla córas moltaí, i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 38;

(j)

caighdeáin do bhearta spriocdhírithe chun mionaoisigh a chosaint ar líne.

2.   Tacóidh an Coimisiún le nuashonrú na gcaighdeán i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus iompar fhaighteoirí na seirbhísí i dtrácht. Beidh fáil ag an bpobal ar an bhfaisnéis ábhartha maidir le nuashonrú na gcaighdeán agus beidh sé éasca teacht uirthi.

Airteagal 82

Iarrataí ar shrianta ar rochtain agus comhar le cúirteanna náisiúnta

1.   I gcás ina bhfuiltear tar éis leas a bhaint as gach cumhacht de bhun na Roinne seo chun stop a chur le sárú ar an Rialachán seo ach go leanann an sárú ar aghaidh agus é ina shiocair le díobháil thromchúiseach nach féidir a sheachaint trí chumhachtaí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais ná faoin dlí náisiúnta a fheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta de chuid sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann gníomhú de bhun Airteagal 51(3).

Sula ndéanfaidh sé iarraidh den sórt sin ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, iarrfaidh an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúlacha i scríbhinn a chur isteach laistigh de thréimhse nach mbeidh níos lú ná 14 lá oibre agus míneoidh sé na bearta a bheartaíonn sé a iarraidh agus aithneoidh sé an duine nó na daoine ar a mbeidh siad dírithe.

2.   I gcás ina gceanglaítear amhlaidh le haghaidh chur i bhfeidhm comhleanúnach an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, barúlacha i scríbhinn a chur faoi bhráid an údaráis bhreithiúnaigh inniúil dá dtagraítear in Airteagal 51(3). Féadfaidh sé barúlacha ó bhéal a dhéanamh freisin le cead ón údarás breithiúnach atá i gceist.

Díreach chun na críche a chuid barúlacha a ullmhú, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás breithiúnach sin aon doiciméid atá riachtanach le haghaidh mheasúnú an cháis a tharchur chuige nó tarchur na ndoiciméad sin chuige a áirithiú.

3.   I gcás ina dtabharfaidh cúirt náisiúnta breithiúnas maidir le hábhar atá ina ábhar cheana féin do chinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún faoin Rialachán seo, ní ghlacfaidh an chúirt náisiúnta sin aon chinneadh a bheidh ar neamhréir leis an gcinneadh sin ón gCoimisiúin. Seachnóidh na cúirteanna náisiúnta cinntí a d’fhéadfadh a bheithe ar neamhréir le cinneadh atá á mheas ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige faoin Rialachán seo. Chuige sin, féadfaidh cúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a cuid imeachtaí. Ní dochar é sin d’airteagal 267 CFAE.


whereas









keyboard_arrow_down