search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: 'coinneoidh' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index coinneoidh:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne
  • 1 Airteagal 21 Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt
  • 2 Airteagal 22 Comharthóirí iontaofa

  • ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú
  • 1 Airteagal 33

  • ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne
  • 1 Airteagal 75 Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III

  • ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas coinneoidh:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 659

 

Airteagal 21

Réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt

1.   Beidh faighteoirí na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu, a dtugann na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 20(1) aghaidh orthu, i dteideal aon chomhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnú a deimhníodh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo chun díospóidí a bhaineann leis na cinntí sin a réiteach, lena n-áirítear gearáin nár a réitíodh trí bhíthin an chórais inmheánaigh um láimhseáil gearán dá dtagraítear san Airteagal sin.

Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne go mbeidh rochtain éasca ar a gcomhéadan ar líne, ar bhealach soiléir agus soláimhsithe, ar an bhfaisnéis faoi fhéidearthacht fhaighteoirí na seirbhíse rochtain a bheith acu ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tá an chéad fhomhír gan dochar do cheart fhaighteoir na seirbhíse lena mbaineann imeachtaí a thionscnamh, ag céim ar bith, chun na cinntí sin ó sholáthraithe ardán ar líne a chonspóid os comhair cúirte i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

2.   Rachaidh an dá pháirtí i mbun idirphlé, de mheon macánta, leis an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a roghnaíodh d’fhonn an díospóid a réiteach.

Féadfaidh soláthraithe ardán ar líne diúltú dul i mbun idirphlé le comhlacht den sórt sin um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, más rud é gur réitíodh cheana díospóid a bhaineann leis an bhfaisnéis chéanna agus leis na forais chéanna maidir le neamhdhleathacht nó neamhréireacht líomhnaithe inneachair.

Ní bheidh sé de chumhacht ag an gcomhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt réiteach ceangailteach ar an díospóid a fhorchur ar na páirtithe.

3.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt bunaithe, ar feadh tréimhse 5 bliana ar a mhéad, a fhéadfar a athnuachan, an comhlacht a dheimhniú, arna iarraidh sin dó, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an gcomhlacht go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo ar fad a leanas:

(a)

tá sé neamhchlaonta agus neamhspleách, lena n-áirítear neamhspleách ó thaobh airgeadais de, ar sholáthraithe ardán ar líne agus ar fhaighteoirí na seirbhíse arna soláthar ag soláthraithe ardán ar líne, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógraí tíolactha acu;

(b)

tá an saineolas is gá aige i ndáil leis na saincheisteanna a thagann chun cinn i réimse amháin, nó i níos mó ná réimse amháin, d’inneachar neamhdhleathach, nó i ndáil le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú téarmaí agus coinníollacha de chineál amháin ardán ar líne, nó níos mó ná cineál amháin ardán ar líne, ag ceadú don chomhlacht cuidiú go héifeachtach le réiteach díospóidí;

(c)

déantar luach saothair a thabhairt dá chomhaltaí ar bhealach nach bhfuil nasctha le toradh an nós imeachta;

(d)

tá rochtain éasca ar an réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chuireann sé ar fáil, trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí agus déantar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht réiteach díospóidí a thionscnamh agus doiciméid tacaíochta riachtanacha a chur isteach ar líne;

(e)

tá sé ábalta díospóidí a réiteach ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach agus i dteanga oifigiúil amháin de chuid institiúidí an Aontais ar a laghad;

(f)

déantar an díospóid lasmuigh den chúirt a réiteach i gcomhréir le rialacha nós imeachta soiléire agus cothroma atá inrochtana go héasca agus go poiblí, agus a chomhlíonann an dlí is infheidhme, lena n-áirítear an tAirteagal seo.

Sonróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sa deimhniú, i gcás inarb infheidhme:

(a)

na saincheisteanna ar leith lena mbaineann saineolas an chomhlachta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b); agus

(b)

an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais inar féidir leis an gcomhlacht díospóidí a réiteach, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (e).

4.   Tabharfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt tuairisc don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh iad, ar bhonn bliantúil, maidir lena bhfeidhmiú, ina sonrófar ar a laghad líon na ndíospóidí a fuair siad, an fhaisnéis faoi thorthaí na ndíospóidí sin, an meán-am a thóg sé chun iad a réiteach agus aon easnaimh nó deacrachtaí a bhí ann. Cuirfidh siad faisnéis bhreise ar fáil arna iarraidh sin don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin.

Gach 2 bhliain, déanfaidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha tuarascáil a tharraingt suas maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu. Sa tuarascáil sin beidh an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

liostófar líon na ndíospóidí a fuair gach comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gach bliain;

(b)

tabharfar léiriú ar thorthaí na nósanna imeachta a tugadh os comhair na gcomhlachtaí sin agus ar an meán-am a thóg sé chun na díospóidí a réiteach;

(c)

saineofar agus míneofar aon easnaimh nó deacrachtaí córasacha nó earnála a tháinig chun cinn maidir le feidhmiú na gcomhlachtaí sin;

(d)

saineofar na dea-chleachtais a bhaineann leis an bhfeidhmiú sin;

(e)

moltaí a dhéanamh maidir le conas an feidhmiú sin a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí.

Déanfaidh comhlachtaí deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a gcinntí a chur ar fáil do na páirtithe laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 90 lá féilire tar éis an gearán a fháil. I gcás díospóidí an-chasta, féadfaidh an comhlacht deimhnithe um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, dá rogha féin, an tréimhse 90 lá féilire a shíneadh go gceann tréimhse bhreise nach faide ná 90 lá, a fhágfaidh go mbeidh uastréimhse iomlán 180 lá ann.

5.   Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear duine aonair nó eintiteas a bhfuil fógra tíolactha acu, íocfaidh soláthraí an ardáin ar líne gach táille a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, agus aisíocfaidh sé an faighteoir sin, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, as aon chostais réasúnacha eile a d’íoc an faighteoir i ndáil le réiteach na díospóide. Má chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an díospóid a réiteach i bhfabhar sholáthraí an ardáin ar líne, ní cheanglófar ar fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear an duine aonair nó an t-eintiteas, aon táillí ná costais eile a d’íoc soláthraí an ardáin ar líne nó a chaithfidh sé a íoc i ndáil le réiteach na díospóide, a aisíoc, mura gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt gur ghníomhaigh an faighteoir go follasach de mheon mímhacánta.

Beidh na táillí a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar na soláthraithe ardán ar líne le haghaidh réiteach díospóidí réasúnta agus in aon chás ní rachaidh siad thar na costais arna dtabhú ag an gcomhlacht. I gcás fhaighteoirí na seirbhíse, beidh an réiteach díospóide ar fáil saor in aisce nó ar tháille ainmniúil.

Cuirfidh comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt na táillí, nó na sásraí a úsáideadh chun na táillí a shocrú, in iúl d’fhaighteoir na seirbhíse, lena n-áirítear daoine aonair nó eintitis a bhfuil fógra tíolactha acu agus do sholáthraí an ardáin ar líne lena mbaineann, sula dtosóidh siad ar réiteach na díospóide.

6.   Féadfaidh na Ballstáit comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhunú chun críocha mhír 1 nó tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí roinnt comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt nó iad ar fad atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3.

Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcéad fhomhír difear do chumas a gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha na comhlachtaí lena mbaineann a dheimhniú i gcomhréir le mír 3.

7.   Déanfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a dheimhnigh comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt an deimhniú sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, nach gcomhlíonann an comhlacht um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 a thuilleadh. Sula ndéanfar an deimhniú sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don chomhlacht sin freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún deimhniú an chomhlachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a chúlghairm.

8.   Tabharfaidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá deimhnithe acu i gcomhréir le mír 3, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme na sonraíochtaí dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír sin, chomh maith leis na comhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bhfuil a ndeimhniú cúlghairthe acu. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin, lena n-áirítear na sonraíochtaí sin, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe a mbeidh rochtain éasca air, agus coinneoidh sé an suíomh gréasáin sin cothrom le dáta.

9   Tá an tAirteagal seo gan dochar do Threoir 2013/11/AE agus nósanna imeachta malartacha um réiteach díospóidí agus eintitis le haghaidh tomhaltóirí a bhunaítear faoin Treoir sin.

Airteagal 22

Comharthóirí iontaofa

1.   Déanfaidh soláthraithe ardán ar líne na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun a áirithiú go dtugtar tosaíocht le fógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimse ainmnithe saineolais, trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16 a phróiseáil agus go ndéanfar cinneadh ina leith gan moill mhíchuí.

2.   Bronnfaidh Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an Bhallstáit ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, stádas na “gcomharthóra iontaofa” faoin Rialachán seo, ar iarratas ó aon eintiteas, ar iarratasóir a léirigh go gcomhlíonann sé gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá saineolas agus inniúlacht shonrach aige chun críocha inneachar neamhdhleathach a bhrath, a shainaithint agus fógra a thabhairt ina leith;

(b)

tá sé neamhspleách ar aon soláthraí ardán ar líne;

(c)

tugann sé faoina ghníomhaíochtaí chun críocha fógraí a chur isteach go dícheallach, go beacht agus go hoibiachtúil.

3.   Foilseoidh comharthóirí iontaofa tuarascálacha mionsonraithe atá intuigthe, uair amháin sa bhliain ar a laghad, ar fhógraí a cuireadh isteach i gcomhréir le hAirteagal 16 le linn na tréimhse ábhartha. Liostófar sa tuarascáil, ar a laghad, líon na bhfógraí arna n-aicmiú de réir an mhéid seo a leanas:

(a)

céannacht sholáthraí na seirbhísí óstála;

(b)

an cineál inneachair a líomhnaítear a bheith neamhdhleathach ar tugadh fógra ina leith;

(c)

an ghníomhaíocht a rinne an soláthraí.

Áireofar sna tuarascálacha sin míniú ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun a áirithiú go gcoinneoidh an comharthóir iontaofa a neamhspleáchas i gcónaí.

Seolfaidh comharthóirí iontaofa na tuarascálacha sin chuig Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha an bhronnta, agus cuirfidh siad ar fáil go poiblí iad. Ní bheidh sonraí pearsanta san fhaisnéis sna tuarascálacha sin.

4.   Cuirfidh na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha in iúl don Choimisiún ainmneacha, seoltaí agus seoltaí ríomhphoist na n-eintiteas ar bhronn siad stádas mar chomharthóirí iontaofa orthu i gcomhréir le mír 2 nó iad siúd ar chuir siad a stádas mar chomharthóir iontaofa ar fionraí 6 nó ar chúlghairm siad a stádas mar chomharthóir iontaofa i gcomhréir le mír 7.

5.   Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, i bhformáid éasca le rochtain agus inléite ag meaisín, agus coinneoidh sé an bunachar sonraí sin cothrom le dáta.

6.   I gcás ina bhfuil faisnéis ag soláthraí ardán ar líne a léiríonn gur chuir comharthóir iontaofa líon suntasach fógraí nach bhfuil sách beacht, cruinn ná leorbhunaithe trí na sásraí dá dtagraítear in Airteagal 16, lena n-áirítear faisnéis a bailíodh i ndáil le próiseáil gearán trí na córais inmheánacha um láimhseáil gearán dá dtagraítear in Airteagal 20(4), cuirfidh sé an fhaisnéis sin in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas sin mar chomharthóir iontaofa ar an eintiteas lena mbaineann, ag cur na míniúcháin agus na doiciméid tacaíochta is gá ar fáil. Ar an bhfaisnéis sin a fháil ó sholáthraí ardán ar líne agus má mheasann an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha go bhfuil cúiseanna dlisteanacha ann imscrúdú a chur ar bun, cuirfear stádas an chomharthóra iontaofa ar fionraí le linn thréimhse an imscrúdaithe. Déanfar an t-imscrúdú sin gan moill mhíchuí.

7.   Déanfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a bhronn an stádas mar chomharthóir iontaofa an stádas sin a chúlghairm má chinneann sé, tar éis imscrúdú ar a thionscnamh féin nó ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó thríú páirtithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuir soláthraí ardán ar líne ar fáil de bhun mhír 6, nach gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh. Sula ndéanfar an stádas sin a chúlghairm, tabharfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha deis don eintiteas freagairt ar thorthaí a imscrúdaithe agus ar a rún stádas an eintitis mar chomharthóir iontaofa a chúlghairm.

8.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a eisiúint, i gcás inar gá, chun cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le cur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6 agus 7.

Airteagal 33

Ardáin an-mhór ar líne agus innill chuardaigh an-mhór ar líne

1.   Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le hardáin ar líne agus le hinnill chuardaigh ar líne a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas atá cothrom le 45 mhilliún nó níos airde acu, agus a ainmnítear mar ardáin an-mhór ar líne nó innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun mhír 4.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 87 chun meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas dá dtagraítear i mír 1 a choigeartú, i gcás ina dtagann méadú nó laghdú 5 % ar dhaonra an Aontais i gcomparáid lena dhaonra in 2020 nó, ar a dhaonra i ndiaidh leasaithe trí bhíthin gníomh tarmligthe sa bhliain inar glacadh leis an ngníomh tarmligthe is déanaí. I gcás den sórt sin, leasóidh sé an uimhir go mbeadh sé cothrom le 10 % de dhaonra an Aontais sa bhliain inar ghlac sé leis an ngníomh tarmligthe, agus déanfar an méid a shlánú suas nó síos ionas go mbeifear in ann an uimhir a léiriú mar mhilliún.

3.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 87, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a leagan síos chun líon mheánfhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas a ríomh, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagal 24(2), chun a áirithiú go gcuirfear forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha san áireamh sa mhodheolaíocht.

4.   Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát bunaíochta nó tar éis dó an fhaisnéis arna soláthar ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a chur san áireamh de bhun Airteagal 24(4), glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena n-ainmnítear mar ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun críocha an Rialacháin seo an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne ag a bhfuil meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse atá cothrom leis an uimhir nó níos airde ná an uimhir dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an Coimisiún a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag soláthraí an ardáin ar líne nó ag soláthraí an innill cuardaigh ar líne de bhun Airteagal 24(2), nó ar bhonn faisnéis bhreise a iarrtar de bhun Airteagal 24(3) nó ar bhonn aon fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar líne Airteagal 24(2) a chomhlíonadh nó iarraidh an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha bunaíochta nó iarraidh an Choimisiúin de bhun Airteagal 24(3) a chomhlíonadh cosc ar an gCoimisiún an soláthraí sin a ainmniú mar sholáthraí ardán an-mhór ar líne nó soláthraí innill chuardaigh an-mhór ar líne de bhun na míre seo.

I gcás ina mbunaíonn an Coimisiún a chinneadh ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo nó ar bhonn faisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun Airteagal 24(3), tabharfaidh an Coimisiún 10 lá oibre do sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh ar líne lena mbaineann a thuairimí a chur ar fáil ar na réamhthorthaí ón gCoimisiún agus faoina rún an t-ardán ar líne nó an t-inneall cuardaigh ar líne a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na tuairimí arna gcur isteach ag an soláthraí lena mbaineann.

Ní chuirfidh mainneachtain sholáthraí an ardáin ar líne nó sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann a thuairimí a chur ar isteach de bhun an tríú fomhír cosc ar an gCoimisiún an t-ardán sin ar líne nó an t-inneall cuardaigh sin ar line a ainmniú mar ardán an-mhór ar líne nó mar inneall cuardaigh an-mhór ar líne, faoi seach, bunaithe ar fhaisnéis eile atá ar fáil don Choimisiún.

5.   Foirceannfaidh an Coimisiún an t-ainmniú más rud é, ar feadh tréimhse bliana gan bhriseadh, nach bhfuil meánlíon áirithe faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse ag an ardán ar líne nó ag an inneall cuardaigh ar line atá cothrom leis an líon dá dtagraítear i mír 1 nó níos airde ná an líon sin.

6.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina chinntí de bhun mhíreanna 4 agus 5, gan moill mhíchuí, do sholáthraí an ardáin ar líne nó do sholáthraí an innill cuardaigh ar line lena mbaineann, don Bhord agus do Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha na bunaíochta.

Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilsítear an liosta d’ardáin atá ainmnithe mar ardáin an-mhór ar líne nó mar innill chuardaigh an-mhór ar line in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus coinneoidh sé an liosta cothrom le dáta. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Roinn seo, nó scoirfidh siad d’fheidhm a bheith leo, maidir leis na hardáin an-mhór agus na hinnill chuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Airteagal 75

Maoirseacht fheabhsaithe ar leigheasanna chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar oibleagáidí a leagtar síos i Roinn 5 de Chaibidil III

1.   Agus cinneadh á ghlacadh aige de bhun Airteagal 73 i ndáil le sárú a bheith déanta ag soláthraí ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí innill cuardaigh an-mhór ar líne ar aon cheann d’fhorálacha Roinn 5 de Chaibidil III, úsáidfidh an Coimisiún an córas maoirseachta feabhsaithe a leagtar síos san Airteagal seo. Agus é sin á dhéanamh aige, beidh lánaird aige ar aon tuairim ón mBord de bhun an Airteagail seo.

2.   Sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 73, cuirfidh an Coimisiún de cheangal ar sholáthraí ardáin an-mhór ar líne nó ar sholáthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann plean gníomhaíochta a tharraingt suas agus a chur in iúl, laistigh de thréimhse réasúnach a shonrófar sa chinneadh, do na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, don Choimisiún agus don Bhord, ina leagfar amach na bearta riachtanacha atá leordhóthanach chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas. Áireofar sna bearta sin gealltanas go ndéanfar iniúchadh neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 37(3) agus (4) maidir leis na bearta eile a chur chun feidhme, agus sonrófar céannacht na n-iniúchóirí, chomh maith le modheolaíocht agus uainiú an iniúchta agus an obair a dhéanfar ina dhiaidh. Féadfar a áireamh sna bearta freisin, i gcás inarb iomchuí, gealltanas a bheith rannpháirteach i gcód iompair ábhartha dá bhforáiltear in Airteagal 45.

3.   Cuirfidh an Bord a thuairim faoin bplean gníomhaíochta in iúl don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a fhaigheann sé an plean gníomhaíochta. Laistigh d’aon mhí amháin tar éis dó an tuairim sin a fháil, cinnfidh an Coimisiún an leor na bearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas, agus socróidh sé tréimhse réasúnta chun é a chur chun feidhme. Cuirfear san áireamh sa chinneadh sin an gealltanas a d’fhéadfaí a thabhairt go gcloífear le cóid iompair ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Chuige sin, cuirfidh soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann an tuarascáil iniúchóireachta in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí a luaithe a bheidh fáil uirthi, agus coinneoidh sé an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta a dhéanfar chun an plean gníomhaíochta a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá sin le haghaidh faireachán den sórt sin, a cheangal ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann faisnéis bhreise a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta arna leagan síos ag an gCoimisiún.

coinneoidh an Coimisiún an Bord agus na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha ar an eolas maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta, agus maidir leis an bhfaireachán a dhéanfar air.

4.   Féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, go háirithe Airteagal 76(1), pointe (e), agus Airteagal 82(1), sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní sholáthraíonn soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó soláthraí an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann aon phlean gníomhaíochta, an tuarascáil iniúchóireachta, na nuashonruithe riachtanacha nó aon fhaisnéis bhreise is gá, laistigh den tréimhse is infheidhme;

(b)

diúltaíonn an Coimisiún don phlean gníomhaíochta atá beartaithe toisc go measann sé nach leor na bearta a leagtar amach ann chun an sárú a fhoirceannadh nó a leigheas; nó

(c)

measann an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála iniúchóireachta, aon nuashonruithe nó faisnéis bhreise arna soláthar nó aon fhaisnéis ábhartha eile atá ar fáil dó, nach leor cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chun deireadh a chur leis an sárú nó chun é a leigheas.


whereas









keyboard_arrow_down