search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'tuairim' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index tuairim:


whereas tuairim:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 726

 

Airteagal 8

Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí

1.   A mhéid a bhaineann le caidrimh gnólacht le gnólacht, agus i gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, comhaontóidh sealbhóir sonraí, le faighteoir sonraí, na socruithe chun na sonraí a chur ar fáil agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Caibidil IV.

2.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar sonraí agus úsáid sonraí nó le dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na n-oibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach más rud é gurb ionann é agus téarma conarthach éagórach de réir bhrí Airteagal 13 nó, chun dochar don úsáideoir, má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi Chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.

3.   Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú maidir leis na socruithe chun sonraí a chur ar fáil idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena n-áirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha an tsealbhóra sonraí agus sonraí á gcur ar fáil aige nó aici. I gcás ina bhfuil an faighteoir sonraí den tuairim gur coinníollacha idirdhealaitheacha iad na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó nó di idirdhealaitheach, soláthróidh sealbhóir na sonraí gan moill mhíchuí, ar iarraidh réasúnaithe, d’fhaighteoir na sonraí faisnéis lena léirítear nach ndearnadh aon idirdhealú.

4.   Ní chuirfidh sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoir sonraí, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura n-iarrfaidh an t-úsáideoir sin faoi Chaibidil II.

5.   Ní cheanglófar ar shealbhóirí sonraí ná ar fhaighteoirí sonraí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun a fhíorú go gcomhlíontar na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil nó a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 4(6) agus Airteagal 5(9) den Rialachán seo, nó leis an reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, ní chuirfidh oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí oibleagáid ar aon duine rúin trádála a nochtadh.

Airteagal 32

Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta leordhóthanacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla uile, lena n-áirítear conarthaí, chun cosc a chur ar rochtain agus aistriú rialtais idirnáisiúnta nó tríú tír ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte tríú thír nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san Aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú mar sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.

Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó i mír 3, soláthróidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an t-íosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, ar bhonn léirmhíniú réasúnta an tsoláthraí nó an chomhlachta nó an údaráis náisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar an iarraidh sin.

5.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás tríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

IDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 33

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí

1.   Rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile, comhlíonfaidh siad na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas chun idir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a éascú, ar creataí idir-inoibritheacht sainchuspóireacha nó earnála nó trasearnála do chaighdeáin agus do chleachtais choiteanna iad chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a fhorbairt:

(a)

I gcás inarb infheidhme, déanfar tuairisc leordhóthanach ar inneachar an tacair sonraí, ar shrianta úsáide, ar cheadúnais, ar mhodheolaíocht bailithe sonraí, ar cháilíocht agus ar neamhchinnteacht sonraí i bhformáid mheaisín-inléite ionas go mbeidh an faighteoir in ann na sonraí a aimsiú, a rochtain agus a úsáid;

(b)

I gcás go mbeidh fáil orthu, déanfar tuairisc ar struchtúir sonraí, formáidí sonraí, stóir focal, scéimeanna aicmithe, tacsanomaíochtaí agus códliostaí ar bhealach comhsheasmhach atá ar fáil go poiblí;

(c)

déanfar tuairisc leordhóthanach ar na modhanna teicniúla chun rochtain a fháil ar na sonraí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus cáilíocht a seirbhíse le gur féidir sonraí a rochtain agus a tharchur go huathoibríoch idir páirtithe, lena n-áirítear go leanúnach, in oll-íoslódáil, nó i bhfíor-am, i bhformáid mheaisín-inléite i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus nach gcuireann sé isteach ar dhea-fheidhmiú an táirge nasctha;

(d)

i gcás inarb infheidhme, soláthrófar na modhanna chun idir-inoibritheacht uirlisí a chumasú chun feidhmiú comhaontuithe comhroinnte sonraí a uathoibriú, amhail conarthaí cliste.

D’fhéadfadh cineál cineálach a bheith ag baint leis na ceanglais sin nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha ar leith, agus an t-idirghaol le ceanglais a thagann ó dhlí eile de chuid an Aontais nó ó dhlí náisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, i ndáil leis na ceanglais sin nach féidir, de bharr a gcineáil, an éifeacht bheartaithe a bheith acu mura ndéanfar iad a shonrú tuilleadh i ngníomhartha dlí ceangailteacha de chuid an Aontais agus chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú i gceart.

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún comhairle EDIB i gcomhréir le hAirteagal 42, pointe (c)(iii) san áireamh.

3.   Measfar go bhfuil rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, agus a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin choimhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

4.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus:

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

6.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 5 den Airteagal seo comhlíonta.

7.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

8.   Na rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 nó codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

9.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún chun críche a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nó codanna díobh a chumhdaíonn na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

10.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

11.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh agus an togra ó EDIB á chur san áireamh aige i gcomhréir le hAirteagal 30, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/868 lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna sonraí Eorpacha.

Airteagal 35

Idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí

1.   Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí:

(a)

bainfear amach leo, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse;

(b)

cuirfear feabhas leo ar iniomparthacht sócmhainní digiteacha idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

(c)

éascófar leo, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, coibhéis fheidhmiúil idir seirbhísí próiseála sonraí éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 30(1) lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse;

(d)

ní dhéanfar leo dochar do shlándáil ná do shláine seirbhísí próiseála sonraí agus sonraí;

(e)

beidh siad deartha ar bhealach a fhágann go bhféadfar dul chun cinn teicniúil a dhéanamh agus feidhmeanna nua agus nuálaíocht a chur san áireamh i seirbhísí próiseála sonraí.

2.   Maidir le sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte agus caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh idir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí, tabharfar leo aghaidh leordhóthanach ar an méid seo a leanas:

(a)

gnéithe néal-idir-inoibritheachta na h-idir-inoibritheachta iompair, na h-idir-inoibritheachta comhréirí, na h-idir-inoibritheachta sonraíséimeantacha, na h-idir-inoibritheachta iompraíochta agus na h-idir-inoibritheachta beartas;

(b)

gnéithe iniomparthachta sonraí néil na hiniomparthachta comhréirí sonraí, na hiniomparthachta sonraí séimeantachaagus na hiniomparthachta beartais sonraí;

(c)

gnéithe feidhmchláir néil na hiniomparthachta comhréirí feidhmchláir, na hiniomparthachta treorach feidhmchláir, na hiniomparthachta meiteashonraí feidhmchláir, na hiniomparthachta iompraíochta feidhmchláir agus na hiniomparthachta beartais feidhmchláir.

3.   Comhlíonfaidh sonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

4.   Tar éis caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha agus tionscnaimh féinrialála ábhartha á gcur san áireamh, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh bunaithe ar shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte lena gcumhdófar na ceanglais bhunriachtanacha uile a leagtar síos i míreanna 1 agus 2.

6.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí na n-údarás inniúil ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 37(5), pointe (h) agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

7.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

8.   Chun críche Airteagal 30(3), foilseoidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe agus do shonraíochtaí coiteanna i gcomhair idir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí i lárstóras um chaighdeáin de chuid an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí.

9.   Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

Airteagal 36

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú

1.   Díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar, leis na conarthaí cliste sin, na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

stóinseacht agus rialú rochtana, chun a áirithiú go bhfuil an conradh cliste deartha chun sásraí rialaithe rochtana agus leibhéal an-ard stóinseachta a thairiscint chun earráidí feidhmiúla a sheachaint agus chun ionramháil ag tríú páirtithe a sheasamh;

(b)

foirceannadh agus briseadh sábháilte, chun a áirithiú go bhfuil sásra ann chun deireadh a chur le forghníomhú leanúnach na n-idirbheart agus go n-áirítear sa chonradh cliste feidhmeanna inmheánacha lenar féidir an conradh a athshocrú nó a threorú chun an oibríocht a stopadh nó a bhriseadh, go háirithe chun forghníomhú tionóisceach amach anseo a sheachaint;

(c)

cartlannú agus leanúnachas sonraí chun a áirithiú go mbeidh féidearthacht ann, in imthosca inar gá conradh cliste a fhoirceannadh nó a dhíghníomhachtú, na sonraí idirbhirt, an loighice agus cód chonartha chliste a chartlannú chun taifead a choinneáil ar na hoibríochtaí a rinneadh ar na sonraí san am a chuaigh thart (in-iniúchóireacht);

(d)

rialú rochtana, chun a áirithiú go ndéantar conradh cliste a chosaint trí bhíthin sásraí rialaithe rochtana diana ag na sraitheanna rialachais agus ag na sraitheanna conartha cliste; agus

(e)

comhsheasmhacht, chun comhsheasmhacht a áirithiú le téarmaí an chomhaontaithe comhroinnte sonraí a chuirtear i gcrích leis an gconradh cliste.

2.   Díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, déanfaidh sé measúnú comhréireachta d’fhonn na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus, ar chomhlíonadh na gceanglas sin, eiseoidh sé dearbhú comhréireachta AE.

3.   Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, maidir leis an díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, beidh sé freagrach as na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   Toimhdeofar conradh cliste lena gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na codanna ábhartha díobh a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin nó le codanna díobh.

5.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus;

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

7.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 6 den Airteagal seo comhlíonta.

8.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

9.   Maidir le díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste a imscaradh do dhaoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, lena gcomhlíontar na sonraíochtaí arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 nó le codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

10.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí é don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

11.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

CAIBIDIL IX

CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ


whereas









keyboard_arrow_down