search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'sárú' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index sárú:


whereas sárú:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 697

 

Airteagal 3

Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir

1.   Déanfar táirgí nasctha a dhearadh agus a mhonarú, agus déanfar táirgí gaolmhara a dhearadh agus a chur ar fáil, i gcaoi go mbeidh, trí réamhshocrú, fáil ar shonraí an táirge agus na sonraí seirbhíse gaolmhaire go héasca, lena n-áirítear na meiteashonraí is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, go mbeidh siad saor in aisce, i bhformáid atá cuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb féidir go teicniúil, go gcuirfear ar fáil go díreach don úsáideoir iad.

2.   Sula dtabharfar i gcrích conradh chun táirge nasctha a cheannach, a fháil ar cíos nó ar léas, cuirfidh an díoltóir, cíosóir nó léasóir - féadfaidh an monaróir a bheith in aon cheann díobh - an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:

(a)

cineál, formáid agus toirt mheasta na sonraí táirge a d’fhéadfadh an táirge nasctha a ghiniúint;

(b)

an dóchúlacht go mbeadh táirge nasctha in ann sonraí a ghiniúint go leanúnach agus i bhfíor-am;

(c)

an dóchúlacht go mbeidh an táirge nasctha in ann sonraí a stóráil ar ghaireas nó ar chianfhreastalaí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, fad na tréimhse coinneála;

(d)

an chaoi a gheobhaidh an t-úsáideoir rochtain ar na sonraí sin, an chaoi a n-aisghabhfaidh an t-úsáideoir na sonraí nó, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a scriosfaidh an t-úsáideoir na sonraí, lena n-áirítear na modhanna teicniúla chun é sin a dhéanamh, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus a gcáilíocht seirbhíse.

3.   Sula dtabharfar conradh i gcrích chun seirbhís ghaolmhar a sholáthar, cuirfidh soláthraí seirbhíse gaolmhaire den sórt sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:

(a)

cineál, toirt mheasta agus minicíocht bailiúcháin na sonraí táirge a bhfuil súil go bhfaighidh an sealbhóir ionchasach sonraí iad agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe lena bhféadfaidh an t-úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin nó iad a aisghabháil, lena n-áirítear socruithe stórála an tsealbhóra ionchasaigh sonraí agus fad na coinneála;

(b)

cineál agus méid measta na sonraí seirbhíse gaolmhaire atá le giniúint, mar aon leis na socruithe lena bhféadfaidh an t-úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin nó iad a aisghabháil, lena n-áirítear socruithe stórála sonraí an tsealbhóra ionchasaigh sonraí agus fad na coinneála;

(c)

an bhfuil an sealbhóir ionchasach sonraí ag súil go n-úsáidfidh sé nó sí féin na sonraí atá ar fáil go héasca agus na cuspóirí a úsáidtear na sonraí sin, agus an bhfuil sé ar intinn aige cead a thabhairt do thríú páirtí amháin nó níos mó na sonraí a úsáid chun críocha arna gcomhaontú leis an úsáideoir;

(d)

céannacht an tsealbhóra ionchasaigh sonraí, cuir i gcás an t-ainm trádála agus an seoladh geografach ag a bhfuil sé bunaithe agus, i gcás inarb infheidhme, páirtithe eile próiseála sonraí;

(e)

an modh cumarsáide a ligfidh don úsáideoir teagmháil a dhéanamh leis an sealbhóir ionchasach sonraí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis an sealbhóir sonraí sin go héifeachtúil;

(f)

conas is féidir leis an úsáideoir a iarraidh go roinnfear na sonraí le tríú páirtí, agus, i gcás inarb infheidhme, deireadh a chur leis an gcomhroinnt sonraí;

(g)

ceart an úsáideora gearán a dhéanamh lena gcuirtear sárú ar aon cheann de fhorálacha na Caibidle seo in iúl don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37;

(h)

an dóchúlacht gur sealbhóir na rúin trádála atá sna sonraí atá inrochtana ón táirge nasctha nó a ghinfear le linn an ama a sholáthrófar seirbhís ghaolmhar é an sealbhóir ionchasach sonraí, agus, i gcás nach ionann sealbhóir ionchasach na sonraí agus an sealbhóir rúin trádála, céannacht an tsealbhóra rún trádála;

(i)

fad an chonartha idir an t-úsáideoir agus an sealbhóir ionchasach sonraí chomh maith leis na socruithe chun comhaontú den sórt sin a fhoirceannadh.

Airteagal 8

Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí

1.   A mhéid a bhaineann le caidrimh gnólacht le gnólacht, agus i gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, comhaontóidh sealbhóir sonraí, le faighteoir sonraí, na socruithe chun na sonraí a chur ar fáil agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Caibidil IV.

2.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar sonraí agus úsáid sonraí nó le dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na n-oibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach más rud é gurb ionann é agus téarma conarthach éagórach de réir bhrí Airteagal 13 nó, chun dochar don úsáideoir, má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi Chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.

3.   Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú maidir leis na socruithe chun sonraí a chur ar fáil idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena n-áirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha an tsealbhóra sonraí agus sonraí á gcur ar fáil aige nó aici. I gcás ina bhfuil an faighteoir sonraí den tuairim gur coinníollacha idirdhealaitheacha iad na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó nó di idirdhealaitheach, soláthróidh sealbhóir na sonraí gan moill mhíchuí, ar iarraidh réasúnaithe, d’fhaighteoir na sonraí faisnéis lena léirítear nach ndearnadh aon idirdhealú.

4.   Ní chuirfidh sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoir sonraí, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura n-iarrfaidh an t-úsáideoir sin faoi Chaibidil II.

5.   Ní cheanglófar ar shealbhóirí sonraí ná ar fhaighteoirí sonraí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun a fhíorú go gcomhlíontar na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil nó a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 4(6) agus Airteagal 5(9) den Rialachán seo, nó leis an reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, ní chuirfidh oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí oibleagáid ar aon duine rúin trádála a nochtadh.

Airteagal 13

Téarmaí conarthacha éagóracha a fhorchuirtear go haontaobhach ar fhiontar eile

1.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí nó an dliteanas agus na leigheasanna i leith sárú nó foirceannadh oibleagáidí a bhaineann le sonraí agus a d’fhorchuir fiontar go haontaobhach ar fhiontar eile, ní bheidh sé ina cheangal ar an bhfiontar deiridh sin más rud é go bhfuil sé éagórach.

2.   Ní mheasfar gur téarma éagórach téarma conarthach a léiríonn forálacha sainordaitheacha dhlí an Aontais, nó forálacha de dhlí an Aontais a mbeadh feidhm acu mura rialaigh na téarmaí conarthacha an t-ábhar.

3.   Tá téarma conarthach éagórach más de chineál é a n-imíonn a úsáid go mór ó dhea-chleachtas tráchtála maidir le rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí, a bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil.

4.   Go háirithe, beidh téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3, más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach maidir le gníomhartha intinneacha nó le mórfhaillí a eisiamh nó a theorannú;

(b)

maidir leis an bpáirtí ar a ndearnadh an téarma a fhorchur go haontaobhach i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha, na leigheasanna atá ar fáil don pháirtí sin a eisiamh nó maidir le dliteanas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, an dliteanas sin a eisiamh;

(c)

an ceart eisiach a thabhairt don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí a sholáthraítear i gcomhréir leis an gconradh nó aon téarma conarthach a léirmhíniú.

5.   Glacfar leis go bhfuil téarma conarthach éagórach chun críoch mír 3 más é an méid seo a leanas is cuspóir nó is éifeacht dó:

(a)

srian míchuí a chur le leigheasanna i gcás neamh-chomhlíonadh oibleagáidí conarthacha nó dliteanais i gcás sárú ar na hoibleagáidí sin, nó dliteanas an fhiontair ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach a leathnú;

(b)

go dtugtar cead don pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach sonraí an pháirtí chonarthaigh eile a rochtain agus a úsáid ar bhealach a dhéanfadh dochar suntasach do leasanna dlisteanacha an pháirtí chonarthaigh eile, go háirithe nuair a bheidh sonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de sna sonraí sin nó atá faoi chosaint ag rúin trádála nó ag cearta maoine intleachtúla;

(c)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a úsáid le linn thréimhse an chonartha, nó úsáid na sonraí sin a theorannú a mhéid nach bhfuil an páirtí sin i dteideal na sonraí sin a úsáid, a ghabháil, a rochtain nó a rialú nó luach na sonraí sin a shaothrú ar bhealach leordhóthanach;

(d)

cosc a chur ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach comhaontú a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnach;

(e)

go gcuirtear cosc ar an bpáirtí ar ar forchuireadh an téarma go haontaobhach cóip de na sonraí a sholáthair an páirtí sin nó a ghin sé nó sí a fháil le linn thréimhse an chonartha nó laistigh de thréimhse réasúnta tar éis fhoirceannadh an chonartha;

(f)

maidir leis an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach, a chumasú don pháirtí sin an conradh a fhoirceannadh ar ghearrfhógra míréasúnta agus aird á tabhairt ar aon féidearthacht réasúnach an pháirtí chonarthaigh eile athrú go seirbhís mhalartach inchomparáide agus an dochar airgeadais a dhéanann an foirceannadh sin, ach amháin i gcás ina bhfuil forais thromchúiseacha ann chun é sin a dhéanamh;

(g)

a chur ar chumas an pháirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach chun an praghas a shonraítear sa chonradh a athrú go substaintiúil nó aon choinníoll substainteach eile a bhaineann le cineál, formáid, cáilíocht nó cainníocht na sonraí atá le comhroinnt, i gcás nach sonraítear sa chonradh aon chúis bhailí agus gan cheart an pháirtí eile an conradh a fhoirceannadh i gcás athrú den sórt sin.

Ní dhéanfaidh pointe (g) den chéad fhomhír difear do théarmaí lena bhforchoimeádann an páirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach an ceart chun téarmaí conartha a athrú go haontaobhach d’fhad neamhchinntithe, ar choinníoll gur sonraíodh cúis bhailí le hathruithe aontaobhacha den sórt sin sa chonradh, go gceanglaítear ar an bpáirtí a d’fhorchuir an téarma go haontaobhach fógra réasúnach a thabhairt don pháirtí conarthach eile maidir le haon athrú beartaithe den sórt sin, agus go bhfuil sé de shaoirse ag an bpáirtí conarthach eile an conradh a fhoirceannadh gan aon chostas i gcás athraithe.

6.   Measfar téarma conarthach a bheith forchurtha go haontaobhach de réir bhrí an Airteagail seo más rud é gur sholáthair páirtí conarthach amháin é agus nach raibh an páirtí conarthach eile in ann tionchar a imirt ar a inneachar in ainneoin iarracht a dhéanamh é a chaibidil. An páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach, tá sé d'ualach air a chruthú nach ndearnadh an téarma sin a fhorchur go haontaobhach. Ní fhéadfaidh an páirtí conarthach a sholáthair an téarma conarthach faoi chonspóid argóint a dhéanamh gur téarma éagórach é an téarma conarthach.

7.   I gcás inar féidir an téarma conarthach éagórach a dhealú ón gcuid eile de théarmaí an chonartha, beidh na téarmaí atá fágtha ceangailteach.

8.   Níl feidhm ag an Airteagal seo maidir le téarmaí conarthacha lena sainítear príomhábhar an chonartha ná i ndáil le leordhóthanacht an phraghais, mar a bhí i gcoinne na sonraí a soláthraíodh sa mhalartú.

9.   Ní bheidh na páirtithe i gconradh a chumhdaítear le mír 1 cur i bhfeidhm an Airteagail seo a eisiamh, maolú air ná a éifeachtaí a athrú.

CAIBIDIL V

SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

Airteagal 17

Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil

1.   Agus sonraí á n-iarraidh de bhun Airteagal 14, déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

a shonrú ann na sonraí atá ag teastáil, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid;

(b)

a léiriú ann go bhfuil na coinníollacha is gá le go mbeidh riachtanas eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 15 chun na críche a bhfuil na sonraí á n-iarraidh comhlíonta;

(c)

a mhíniú ann cuspóir na hiarrata, úsáid bheartaithe na sonraí a iarradh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ag tríú páirtí i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fad na húsáide sin, agus, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá eisceachtúil;

(d)

a shonrú ann, más féidir, cathain a mheastar go scriosfaidh na páirtithe uile a bhfuil rochtain acu orthu na sonraí;

(e)

údar maith a thabhairt le rogha an tsealbhóra sonraí ar a bhfuil an iarraidh dírithe;

(f)

a shonrú ann aon chomhlacht earnála poiblí eile, nó an Coimisiún, Banc Ceannais Eorpach nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus na tríú páirtithe a bhfuiltear ag súil go roinnfear na sonraí a iarrtar leo;

(g)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, a shonrú ann aon bhearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá agus is comhréireach chun prionsabail cosanta sonraí agus coimircí is gá a chur chun feidhme, amhail bréagainmniú, agus cibé an féidir leis an sealbhóir sonraí anaithnidiú a chur i bhfeidhm sula gcuirfear na sonraí ar fáil;

(h)

luafar an fhoráil dlí lena leithdháiltear ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus atá ábhartha maidir leis na sonraí a iarraidh;

(i)

an spriocdháta a shonrú faoina gcuirfear na sonraí ar fáil agus an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) faoina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó féachaint leis an iarraidh a mhodhnú;

(j)

a dhícheall a dhéanamh chun go gcomhlíonfar an iarraidh ar shonraí a mbeidh dliteanas na sealbhóirí sonraí i leith sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta mar thoradh uirthi a sheachaint.

2.   Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)

déanfar i scríbhinn í agus cuirfear in iúl iad i bhfriotal soiléir, gonta agus simplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;

(b)

beidh sí sonrach maidir leis an gcineál sonraí a iarrtar agus comhfhreagróidh sí do shonraí ag a bhfuil rialú ag sealbhóir na sonraí tráth an iarratais;

(c)

beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann agus beidh údar cuí léi, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna n-iarraidh;

(d)

urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, beidh sí tiomanta cosaint rún trádála a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19(3), agus an costas agus iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;

(e)

bainfidh sí le sonraí neamhphearsanta, agus sa chás amháin go léirítear nach leor sin chun freagairt don ghá eisceachtúil atá le sonraí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a), sonraí pearsanta faoi ainm bréige a iarraidh agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le déanamh chun na sonraí a chosaint a bhunú;

(f)

cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a bheidh le forchur de bhun Airteagal 40 ag an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 i gcás neamh-chomhlíonadh na hiarrata;

(g)

i gcás inarb é comhlacht de chuid na hearnála poiblí a dhéanann an iarraidh, déanfar í a tharchur chuig an gcomhordaitheoir sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 37, de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí iarrthach bunaithe, agus cuirfidh sé an iarraidh ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí mura rud é go measann an comhordaitheoir sonraí go gcruthófaí le foilsiú den sórt sin riosca don tslándáil phoiblí;

(h)

i gcás ina ndéanann an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an iarraidh, cuirfear í ar fáil ar líne gan moill mhíchuí;

(i)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, tabharfar fógra gan moill mhíchuí don údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe.

Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoina n-iarrataí.

3.   Ní chuirfidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, ná comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo ar fáil lena n-athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/868 nó Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/1024. Ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/868 ná ag Treoir (AE) 2019/1024 maidir leis na sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo.

4.   Le mír 3 den Airteagal seo, ní chuirtear bac ar an gcomhlacht earnála poiblí, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach ná ar chomhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo a mhalartú le comhlacht earnála poiblí eile nó leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais d’fhonn na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur i gcrích, mar a shonraítear san iarraidh i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo, ná na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí i gcás ina ndearna sé, trí bhíthin comhaontú atá ar fáil go poiblí, cigireachtaí teicniúla nó feidhmeanna eile a tharmligean don tríú páirtí sin. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar na comhlachtaí earnála poiblí de bhun Airteagal 19, go háirithe coimircí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú, freisin maidir leis na tríú páirtithe sin. I gcás ina ndéanann an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí gan moill mhíchuí.

5.   I gcás ina mheasann an sealbhóir sonraí gur sáraíodh a chearta faoin gCaibidil seo trí shonraí a tharchur nó a chur ar fáil, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

6.   Forbróidh an Coimisiún teimpléad samplach d’iarrataí de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 40

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 12 Meán Fómhair 2025, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh. Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú tráthrialta agus cothabháil tráthrialta ar chlár poiblí, a mbeidh rochtain éasca air, de na bearta sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na moltaí ó EDIB agus na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;

(d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith imthosca an cháis;

(f)

láimhdeachas bliantúil an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san Aontas.

4.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

5.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.


whereas









keyboard_arrow_down