search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'réiteach' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index réiteach:


whereas réiteach:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 629

 

Airteagal 4

Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil

1.   I gcás nach féidir leis an úsáideoir rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí ón táirge nasctha ná ón tseirbhís ghaolmhar, cuirfidh sealbhóirí sonraí na sonraí, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha ar gá leo chun na sonraí sin a léiriú agus a úsáid, ar fáil don úsáideoir gan mhoill, agus cuirfidh sé ar fáil iad go héasca, go sábháilte, saor in aisce, i bhformáid atá intuigthe, struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, agus i gcás inarb ionann an caighdeán agus a bhfuil ar fáil don sealbhóir sonraí, go leanúnach agus i bhfíor-am. Déanfar é sin ar bhonn iarraidh shimplí trí mheán leictreonach i gcás inarb fhéidir sin go teicniúil.

2.   Féadfaidh úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí conradh a dhéanamh chun cosc a chur ar an rochtain, an úsáid nó tuilleadh comhroinnt sonraí, i gcás ina mbainfí an bonn de cheanglais slándála an táirge nasctha, mar a leagtar amach i dlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta iad, de bharr na próiseála sin, agus go mbeadh éifeacht dhíobhála thromchúiseach ar shláinte, ar shábháilteacht nó ar shlándáil daoine nádúrtha dá thoradh. Féadfaidh na húdaráis earnála saineolas teicniúil a sholáthar d’úsáideoirí agus do shealbhóirí sonraí sa chomhthéacs sin. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

3.   Féadfaidh an t-úsáideoir, gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhar cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus i ndáil le haon díospóid leis an sealbhóir sonraí, an méid a leanas a dhéanamh maidir leis na srianta nó na toirmisc chonarthacha dá dtagraítear i mír 2:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b); nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

4.   Ní dhéanfaidh sealbhóirí sonraí feidhmiú na roghanna ná na cearta faoin Airteagal seo ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir ar bhealach nach bhfuil neodrach ná trí neamhspleáchas, cinnteoireacht ná roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú trí struchtúr, dearadh, feidhm ná modh oibriúcháin comhéadain dhigitigh úsáideora ná cuid de.

5.   Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir chun críocha mhír 1, ní chuirfidh sealbhóir sonraí de cheangal ar an duine sin aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóir sonraí aon fhaisnéis, go háirithe sonraí loga, maidir le rochtain an úsáideora ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an úsáideora ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

6.   Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an sealbhóir sonraí agus an t-úsáideoir na bearta uile sula nochtfar iad chun a rúndacht a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. Déanfaidh an sealbhóir sonraí, nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, ina measc na meiteashonraí ábhartha, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an úsáideoir maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe, cuir i gcás na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.

7.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 6, nó i gcás nach gcuireann an t-úsáideoir na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 6 chun feidhme ná go mbaineann an t-úsáideoir an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh an tsealbhóra sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don úsáideoir gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodh ná nár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonn dá rúndacht.

8.   In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlac an t-úsáideoir de bhun mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin bunaithe ar eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí a iarrtar, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don úsáideoir gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

9.   Gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh úsáideoir ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh sealbhóra sonraí comhroinnt sonraí a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 7 agus 8 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, an gcuirtear tús le comhroinnt sonraí nó an leantar de agus na coinníollacha faoina gcuirtear tús leis; nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

10.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir na sonraí a fuarthas de bhun iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chun táirge nasctha a fhorbairt a bheidh in iomaíocht leis an táirge nasctha as ar tháinig na sonraí, ná ní chomhroinnfear na sonraí le tríú páirtí agus an cuspóir sin aige nó aici, ná ní úsáidfidh sé nó sí na sonraí sin chun léargas a fháil ar staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an mhonaróra ná, más infheidhme, an sealbhóir sonraí.

11.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí atá ann chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.

12.   I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ar fáil don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus coinníollacha Airteagal 5(3) den Treoir 2002/58/CE.

13.   Is iad sonraí neamhphearsanta a bhfuil fáil orthu go héasca ar bhonn conartha leis an úsáideoir an t-aon chineál sonraí a úsáidfidh sealbhóir sonraí. Ní úsáidfidh sealbhóir sonraí sonraí den sórt sin chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an úsáideora ná ar úsáid an úsáideora ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an úsáideora sin ar na margaí ina bhfuil an t-úsáideoir gníomhach.

14.   Ní chuirfidh sealbhóirí sonraí sonraí neamhphearsanta ar fáil do thríú páirtithe chun críocha tráchtála ná neamhthráchtála seachas ar mhaithe lena gconarthaí leis an úsáideoir a chomhlíonadh. Cuirfidh sealbhóirí sonraí, i gcás inarb ábhartha, ceangal conartha ar thríú páirtithe gan tuilleadh sonraí a fhaightear uathu a chomhroinnt.

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

1.   Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula n-iarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

3.   I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraí ná atá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.

4.   Beidh rochtain ag custaiméirí agus ag soláthraithe seirbhísí um phróiseáil sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le sáruithe ar chearta custaiméirí agus ar oibleagáidí soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 31.

5.   Déanfaidh an Ballstát inar bunaíodh an comhlacht um réiteach díospóidí, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht sin a dheimhniú, i gcás inar léirigh sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus tá sé lena chuid cinntí a eisiúint i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir, cóir, agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go bhfuil an saineolas is gá aige, go háirithe i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, cúiteamh san áireamh, agus i ndáil le sonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinneadh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

(d)

go bhfuil sé in ann a cinntí a ghlacadh ar bhealach atá tapa, éifeachtúil, costéifeachtach, i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

7.   Diúltóidh comhlacht um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

8.   Tabharfaidh comhlacht um réiteach díospóidí an fhéidearthacht do pháirtithe barúlacha a thabhairt taobh istigh d'achar réasúnta ama maidir le ceisteanna a thug na páirtithe sin os comhair an chomhlachta sin cheana. Sa chomhthéacs sin, cuirfear aighneachtaí an pháirtí eile ina ndíospóid agus aon ráitis ó shaineolaithe ar fáil do gach páirtí i ndíospóid. Tabharfar an fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

9.   Glacfaidh comhlacht um réiteach díospóidí a chinneadh maidir le hábhar a tharchuirfear chuige laistigh de 90 lá tar éis dó iarraidh de bhun mhíreanna 1 agus 4 a fháil.. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh an cinneadh sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

10.   Déanfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí. Áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas go háirithe:

(a)

comhiomlánú thorthaí na ndíospóidí;

(b)

an meánam a tógadh chun díospóidí a réiteach;

(c)

na cúiseanna is coitianta le díospóidí.

11.   D’fhonn malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, féadfaidh comhlacht poiblí um réiteach díospóidí a chinneadh moltaí a chur san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 maidir le conas is féidir fadhbanna a sheachaint nó a réiteach.

12.   Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

13.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte ná binse de chuid Ballstáit.

Airteagal 18

Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí

1.   Cuirfidh sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo na sonraí ar fáil don chomhlacht earnála poiblí iarrthach, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí, agus na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla is gá á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta, féadfaidh sealbhóir sonraí iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo a dhiúltú nó a iarraidh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus gan moill mhíchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil i gcásanna eile ina bhfuil gá eisceachtúil, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl smacht ag an sealbhóir sonraí ar na sonraí a iarradh;

(b)

go ndearna comhlacht earnála poiblí eile nó an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais iarraidh chomhchosúil chun na críche céanna a thíolacadh roimhe sin agus nár tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi léirscriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1) pointe (c);

(c)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 2, pointe (b), léireoidh sé nó sí céannacht an chomhlachta earnála phoiblí nó an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach roimhe sin chun na críche céanna.

4.   I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa sonraí a iarrtar, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a anaithnidiú go cuí, ach amháin má éilíonn comhlíonadh na hiarrata sonraí a chur ar fáil don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais go nochtfar sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhréagainmniú.

5.   I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 38

Ceart chun gearán a dhéanamh

1.   Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh, ina n-aonar nó, i gcás inarb ábhartha, i dteannta a chéile, leis an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, ina bhfuil a n-ionad oibre nó a n-áit bhunaithe má mheasann siad gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo. Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, arna iarraidh sin, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun a ngearáin a dhéanamh leis an údarás inniúil iomchuí.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí agus maidir leis an gcinneadh a rinneadh.

3.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar chun gearáin a láimhseáil agus a réiteach go héifeachtach agus ar bhealach tráthúil, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí. Ní dhéanfaidh an comhar seo difear don sásraí comhair dá bhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679 agus le Rialachán (AE) 2017/2394.


whereas









keyboard_arrow_down