search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'iarrataí' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index iarrataí:


whereas iarrataí:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 859

 

Airteagal 11

Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí

1.   Féadfaidh sealbhóir sonraí bearta cosanta teicniúla iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear conarthaí cliste agus criptiú, chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí a chosc, lena n-áirítear meiteashonraí, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 9, chomh maith leis na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil. Ní dhéanfaidh na bearta cosanta teicniúla sin idirdhealú idir faighteoirí sonraí ná ní chuirfidh siad bac ar cheart an úsáideora cóip, aisghabháil, úsáid nó rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a sholáthar do thríú páirtithe de bhun Airteagal 5 ná aon cheart de chuid tríú páirtí faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh úsáideoirí, tríú páirtithe ná faighteoirí sonraí bearta cosanta teicniúla den sórt sin a athrú ná a bhaint ach amháin má chomhaontaíonn an sealbhóir sonraí leis sin.

2.   Sna himthosca dá dtagraítear i mír 3, comhlíonfaidh an tríú páirtí nó an faighteoir sonraí, gan moill mhíchuí, iarrataí an tsealbhóra sonraí agus, i gcás inarb infheidhme agus i gcás nach iad an duine céanna iad, iarrataí ón sealbhóir rúin trádála nó ón úsáideoir chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na sonraí a chuir an sealbhóir sonraí ar fáil agus aon chóipeanna díobh a scriosadh;

(b)

deireadh a chur le táirgeadh, tairiscint nó cur ar an margadh nó úsáid earraí, sonraí díorthacha nó seirbhísí arna dtáirgeadh ar bhonn an eolais a fhaightear trí na sonraí sin, nó earraí sáraitheacha a allmhairiú, a onnmhairiú nó a stóráil chun na gcríoch sin, agus aon earraí sáraitheacha a scriosadh, i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh úsáid neamhdhleathach na sonraí sin dochar suntasach don sealbhóir sonraí, don sealbhóir rún trádála nó don úsáideoir nó i gcás nach mbeadh an beart sin díréireach i bhfianaise leasanna an tsealbhóra sonraí, an tsealbhóra rún trádála nó an úsáideora;

(c)

an t-úsáideoir a chur ar an eolas faoi úsáid neamhúdaraithe nó nochtadh na sonraí agus na bearta a glacadh chun deireadh a chur le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh na sonraí;

(d)

cúiteamh a thabhairt don pháirtí atá thíos le mí-úsáid nó nochtadh na sonraí sin a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh go neamhdhleathach.

3.   Beidh feidhm ag mír 2 i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas déanta ag tríú páirtí nó ag faighteoir sonraí.

(a)

chun críocha sonraí a fháil lena rinneadh faisnéis bhréagach a sholáthar do shealbhóir sonraí, úsáid a bhaint as modhanna meabhlacha nó comhéigneacha nó mí-úsáid a bhaint as bearnaí follasacha i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí a ceapadh chun na sonraí a chosaint;

(b)

úsáid bainte as sonraí a cuireadh ar fáil chun críoch neamhúdaraithe, lena n-áirítear táirge nasctha atá in iomaíocht leis a fhorbairt de réir bhrí Airteagal 6(2), pointe (e),

(c)

sonraí a nochtadh go neamhdhleathach do pháirtí eile,

(d)

gan na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a comhaontaíodh de bhun Airteagal 5(9) a choimeád, nó,

(e)

bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí a athrú nó a bhaint, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gan comhaontú an tsealbhóra sonraí;

4.   Beidh feidhm ag mír 2 freisin i gcás ina n-athraíonn nó ina mbainfidh úsáideoir bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí nó nach gcoimeádann sé na bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna nglacadh ag an úsáideoir i gcomhaontú leis an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, le sealbhóir na rún trádála, murab é nó í an sealbhóir sonraí é nó í, chun rúin trádála a chaomhnú, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le haon pháirtí eile a fhaigheann na sonraí ón úsáideoir trí shárú ar an Rialachán seo.

5.   I gcás ina sáraíonn an faighteoir sonraí Airteagal 6(2), pointí (a) agus (b), beidh na cearta céanna ag úsáideoirí agus atá ag sealbhóirí sonraí faoi mhír 2 den Airteagal seo.

Airteagal 16

Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Ní dhéanfaidh an Chaibidil seo difear d’oibleagáidí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun críche tuairiscithe, iarrataí maidir le rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla a léiriú nó a fhíorú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais. Leis an gCaibidil seo, ní dhéantar difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla nó riaracháin a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais.

Airteagal 17

iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil

1.   Agus sonraí á n-iarraidh de bhun Airteagal 14, déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

a shonrú ann na sonraí atá ag teastáil, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid;

(b)

a léiriú ann go bhfuil na coinníollacha is gá le go mbeidh riachtanas eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 15 chun na críche a bhfuil na sonraí á n-iarraidh comhlíonta;

(c)

a mhíniú ann cuspóir na hiarrata, úsáid bheartaithe na sonraí a iarradh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ag tríú páirtí i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fad na húsáide sin, agus, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá eisceachtúil;

(d)

a shonrú ann, más féidir, cathain a mheastar go scriosfaidh na páirtithe uile a bhfuil rochtain acu orthu na sonraí;

(e)

údar maith a thabhairt le rogha an tsealbhóra sonraí ar a bhfuil an iarraidh dírithe;

(f)

a shonrú ann aon chomhlacht earnála poiblí eile, nó an Coimisiún, Banc Ceannais Eorpach nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus na tríú páirtithe a bhfuiltear ag súil go roinnfear na sonraí a iarrtar leo;

(g)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, a shonrú ann aon bhearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá agus is comhréireach chun prionsabail cosanta sonraí agus coimircí is gá a chur chun feidhme, amhail bréagainmniú, agus cibé an féidir leis an sealbhóir sonraí anaithnidiú a chur i bhfeidhm sula gcuirfear na sonraí ar fáil;

(h)

luafar an fhoráil dlí lena leithdháiltear ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus atá ábhartha maidir leis na sonraí a iarraidh;

(i)

an spriocdháta a shonrú faoina gcuirfear na sonraí ar fáil agus an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) faoina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó féachaint leis an iarraidh a mhodhnú;

(j)

a dhícheall a dhéanamh chun go gcomhlíonfar an iarraidh ar shonraí a mbeidh dliteanas na sealbhóirí sonraí i leith sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta mar thoradh uirthi a sheachaint.

2.   Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)

déanfar i scríbhinn í agus cuirfear in iúl iad i bhfriotal soiléir, gonta agus simplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;

(b)

beidh sí sonrach maidir leis an gcineál sonraí a iarrtar agus comhfhreagróidh sí do shonraí ag a bhfuil rialú ag sealbhóir na sonraí tráth an iarratais;

(c)

beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann agus beidh údar cuí léi, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna n-iarraidh;

(d)

urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, beidh sí tiomanta cosaint rún trádála a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19(3), agus an costas agus iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;

(e)

bainfidh sí le sonraí neamhphearsanta, agus sa chás amháin go léirítear nach leor sin chun freagairt don ghá eisceachtúil atá le sonraí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a), sonraí pearsanta faoi ainm bréige a iarraidh agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le déanamh chun na sonraí a chosaint a bhunú;

(f)

cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a bheidh le forchur de bhun Airteagal 40 ag an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 i gcás neamh-chomhlíonadh na hiarrata;

(g)

i gcás inarb é comhlacht de chuid na hearnála poiblí a dhéanann an iarraidh, déanfar í a tharchur chuig an gcomhordaitheoir sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 37, de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí iarrthach bunaithe, agus cuirfidh sé an iarraidh ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí mura rud é go measann an comhordaitheoir sonraí go gcruthófaí le foilsiú den sórt sin riosca don tslándáil phoiblí;

(h)

i gcás ina ndéanann an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an iarraidh, cuirfear í ar fáil ar líne gan moill mhíchuí;

(i)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, tabharfar fógra gan moill mhíchuí don údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe.

Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoina n-iarrataí.

3.   Ní chuirfidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, ná comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo ar fáil lena n-athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/868 nó Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/1024. Ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/868 ná ag Treoir (AE) 2019/1024 maidir leis na sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo.

4.   Le mír 3 den Airteagal seo, ní chuirtear bac ar an gcomhlacht earnála poiblí, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach ná ar chomhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo a mhalartú le comhlacht earnála poiblí eile nó leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais d’fhonn na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur i gcrích, mar a shonraítear san iarraidh i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo, ná na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí i gcás ina ndearna sé, trí bhíthin comhaontú atá ar fáil go poiblí, cigireachtaí teicniúla nó feidhmeanna eile a tharmligean don tríú páirtí sin. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar na comhlachtaí earnála poiblí de bhun Airteagal 19, go háirithe coimircí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú, freisin maidir leis na tríú páirtithe sin. I gcás ina ndéanann an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí gan moill mhíchuí.

5.   I gcás ina mheasann an sealbhóir sonraí gur sáraíodh a chearta faoin gCaibidil seo trí shonraí a tharchur nó a chur ar fáil, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

6.   Forbróidh an Coimisiún teimpléad samplach d’iarrataí de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 18

Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí

1.   Cuirfidh sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo na sonraí ar fáil don chomhlacht earnála poiblí iarrthach, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí, agus na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla is gá á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta, féadfaidh sealbhóir sonraí iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo a dhiúltú nó a iarraidh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus gan moill mhíchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil i gcásanna eile ina bhfuil gá eisceachtúil, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl smacht ag an sealbhóir sonraí ar na sonraí a iarradh;

(b)

go ndearna comhlacht earnála poiblí eile nó an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais iarraidh chomhchosúil chun na críche céanna a thíolacadh roimhe sin agus nár tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi léirscriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1) pointe (c);

(c)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 2, pointe (b), léireoidh sé nó sí céannacht an chomhlachta earnála phoiblí nó an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach roimhe sin chun na críche céanna.

4.   I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa sonraí a iarrtar, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a anaithnidiú go cuí, ach amháin má éilíonn comhlíonadh na hiarrata sonraí a chur ar fáil don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais go nochtfar sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhréagainmniú.

5.   I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 22

Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann

1.   Oibreoidh na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais le chéile agus cuideoidh siad le chéile an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

2.   Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil de bhun mhír 1 ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad.

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlacht earnála poiblí sonraí a iarraidh ar shealbhóir sonraí atá bunaithe i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ar dtús d’údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 sa Bhallstát sin, faoin rún sin. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le hiarrataí ón gCoimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus chomhlachtaí an Aontais. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe, scrúdú ar an iarraidh.

4.   Tar éis dó an iarraidh a scrúdú i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha, gan moill mhíchuí, ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

an iarraidh a tharchur chuig an sealbhóir sonraí agus, más infheidhme, comhairle a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gCoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais maidir leis an ngá, más ann dó, le comhoibriú le comhlachtaí earnála poiblí an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe d’fhonn an t-ualach riaracháin ar an sealbhóir sonraí i gcomhlíonadh na hiarrata a laghdú.

(b)

diúltú don iarraidh ar fhorais cuí-réasúnaithe, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Cuirfidh an comhlacht earnála poiblí iarrthach, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus an comhlacht de chuid an Aontais san áireamh comhairle an údaráis inniúil ábhartha agus na forais arna soláthar aige de bhun na chéad fhomhíre sula ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht bhreise amhail an iarraidh a chur isteach an athuair, i gcás inarb infheidhme.

CAIBIDIL VI

AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 49

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cásanna a mheasfar a bheith ina staideanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil chun críoch Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcleachtas, go háirithe an taithí maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo ag comhlachtaí earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais; líon agus toradh na n-imeachtaí arna dtabhairt don údarás inniúil faoi Airteagal 18(5) maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo, arna dtuairisciú ag na húdaráis inniúla; tionchar oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh; tionchar sásraí deonacha um chomhroinnt sonraí, amhail na sásraí sin arna gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí altrúchais ó thaobh sonraí de a aithnítear faoi Rialachán (AE) 2022/868, maidir le cuspóirí Chaibidil V den Rialachán seo a bhaint amach, agus ról na sonraí pearsanta i gcomhthéacs Airteagal 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear éabhlóid na dteicneolaíochtaí chun príobháideachas a fheabhsú;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar úsáid sonraí sa gheilleagar, lena n-áirítear ar nuálaíocht sonraí, ar chleachtais um luach airgid a chur ar shonraí agus ar sheirbhísí idirghabhála sonraí, chomh maith le comhroinnt sonraí laistigh de na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(c)

inrochtaineacht agus úsáid catagóirí agus cineálacha éagsúla sonraí;

(d)

catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

(e)

easpa aon tionchair ar chearta maoine intleachtúla;

(f)

an tionchar ar rúin trádála, lena n-áirítear ar an gcosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, chomh maith le tionchar an tsásra lena gceadaítear don sealbhóir sonraí diúltú d’iarraidh an úsáideora faoi Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(11), agus aon athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/943, á chur san áireamh, a mhéid is féidir;

(g)

an bhfuil an liosta de théarmaí conarthacha éagóracha dá dtagraítear in Airteagal 13 cothrom le dáta i bhfianaise cleachtais nua ghnó agus luas tapa na nuálaíochta margaidh;

(h)

athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(i)

an laghdú ar mhuirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí don phróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 29;

(j)

idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don gheilleagar sonraí;

(k)

rochtain rialtais neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc;

(l)

éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin a cheanglaítear faoi Airteagal 37;

(m)

tionchar an Rialacháin seo ar FBManna i ndáil lena n-acmhainneacht nuálaíochta agus le hinfhaighteacht seirbhísí próiseála sonraí d’úsáideoirí san Aontas agus an t-ualach a bhaineann le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den Aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.


whereas









keyboard_arrow_down