search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'gcoimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index gcoimisiún:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

    CAIBIDIL IV
    TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

    CAIBIDIL V
    SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

    CAIBIDIL VI
    AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

    CAIBIDIL VII
    ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

    CAIBIDIL VIII
    IDIR-INOIBRITHEACHT

    CAIBIDIL IX
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

    CAIBIDIL X
    CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

    CAIBIDIL XI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas gcoimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1161

 

Airteagal 15

Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid

1.   Beidh gá eisceachtúil le sonraí áirithe a úsáid de réir bhrí na Caibidle seo teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de agus measfar gurb ann dó amháin in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil gá leis na sonraí a iarrtar chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus nach bhfuil an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlacht de chuid an Aontais in ann na sonraí sin a fháil ar bhealaí malartacha ar bhealach tráthúil agus éifeachtach faoi choinníollacha coibhéiseacha;

(b)

in imthosca nach gcumhdaítear le pointe (a) agus a mhéid a bhaineann le sonraí neamhphearsanta amháin, sna cásanna seo a leanas:

(i)

tá comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais ag gníomhú ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus tá sonraí sonracha sainaitheanta aige, ar sonraí iad a chuireann cosc air cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chomhlíonadh, dá bhforáiltear go sainráite sa dlí, amhail staidrimh oifigiúla a tháirgeadh nó maolú nó téarnamh ó éigeandáil phoiblí; agus

(ii)

go bhfuil gach modh eile atá ar fáil dó ídithe ag an gcomhlacht earnála poiblí, ag an gcoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais chun na sonraí sin a fháil, lena n-áirítear sonraí neamhphearsanta a cheannach ar an margadh trí rátaí margaidh a thairiscint, nó trí bhrath ar oibleagáidí atá ann cheana maidir le sonraí a chur ar fáil nó trí bhearta reachtacha nua a ghlacadh lena bhféadfaí infhaighteacht thráthúil na sonraí a ráthú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (b), maidir le micrifhiontair ná fiontair bheaga.

3.   Ní bheidh feidhm leis an oibleagáid a léiriú nach raibh an comhlacht earnála poiblí in ann sonraí neamhphearsanta a fháil trína gceannach ar an margadh i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta sonraí den sórt sin a cheannach.

Airteagal 17

Iarrataí ar shonraí atá le cur ar fáil

1.   Agus sonraí á n-iarraidh de bhun Airteagal 14, déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an méid seo a leanas:

(a)

a shonrú ann na sonraí atá ag teastáil, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid;

(b)

a léiriú ann go bhfuil na coinníollacha is gá le go mbeidh riachtanas eisceachtúil dá dtagraítear in Airteagal 15 chun na críche a bhfuil na sonraí á n-iarraidh comhlíonta;

(c)

a mhíniú ann cuspóir na hiarrata, úsáid bheartaithe na sonraí a iarradh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ag tríú páirtí i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, fad na húsáide sin, agus, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a ndéanfar na sonraí pearsanta a phróiseáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá eisceachtúil;

(d)

a shonrú ann, más féidir, cathain a mheastar go scriosfaidh na páirtithe uile a bhfuil rochtain acu orthu na sonraí;

(e)

údar maith a thabhairt le rogha an tsealbhóra sonraí ar a bhfuil an iarraidh dírithe;

(f)

a shonrú ann aon chomhlacht earnála poiblí eile, nó an Coimisiún, Banc Ceannais Eorpach nó comhlachtaí de chuid an Aontais agus na tríú páirtithe a bhfuiltear ag súil go roinnfear na sonraí a iarrtar leo;

(g)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, a shonrú ann aon bhearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá agus is comhréireach chun prionsabail cosanta sonraí agus coimircí is gá a chur chun feidhme, amhail bréagainmniú, agus cibé an féidir leis an sealbhóir sonraí anaithnidiú a chur i bhfeidhm sula gcuirfear na sonraí ar fáil;

(h)

luafar an fhoráil dlí lena leithdháiltear ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gcoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail agus atá ábhartha maidir leis na sonraí a iarraidh;

(i)

an spriocdháta a shonrú faoina gcuirfear na sonraí ar fáil agus an spriocdháta dá dtagraítear in Airteagal 18(2) faoina bhféadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó féachaint leis an iarraidh a mhodhnú;

(j)

a dhícheall a dhéanamh chun go gcomhlíonfar an iarraidh ar shonraí a mbeidh dliteanas na sealbhóirí sonraí i leith sárú ar dhlí an Aontais nó ar an dlí náisiúnta mar thoradh uirthi a sheachaint.

2.   Maidir le hiarraidh ar shonraí arna déanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh an méid seo a leanas i gceist léi:

(a)

déanfar i scríbhinn í agus cuirfear in iúl iad i bhfriotal soiléir, gonta agus simplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;

(b)

beidh sí sonrach maidir leis an gcineál sonraí a iarrtar agus comhfhreagróidh sí do shonraí ag a bhfuil rialú ag sealbhóir na sonraí tráth an iarratais;

(c)

beidh sí comhréireach leis an riachtanas eisceachtúil atá ann agus beidh údar cuí léi, maidir le gráinneacht agus méid na sonraí a iarrtar agus maidir le minicíocht rochtana na sonraí arna n-iarraidh;

(d)

urramóidh sí aidhmeanna dlisteanacha an tsealbhóra sonraí, beidh sí tiomanta cosaint rún trádála a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 19(3), agus an costas agus iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil;

(e)

bainfidh sí le sonraí neamhphearsanta, agus sa chás amháin go léirítear nach leor sin chun freagairt don ghá eisceachtúil atá le sonraí a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 15(1), pointe (a), sonraí pearsanta faoi ainm bréige a iarraidh agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le déanamh chun na sonraí a chosaint a bhunú;

(f)

cuirfidh sí an sealbhóir sonraí ar an eolas faoi na pionóis a bheidh le forchur de bhun Airteagal 40 ag an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 i gcás neamh-chomhlíonadh na hiarrata;

(g)

i gcás inarb é comhlacht de chuid na hearnála poiblí a dhéanann an iarraidh, déanfar í a tharchur chuig an gcomhordaitheoir sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 37, de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí iarrthach bunaithe, agus cuirfidh sé an iarraidh ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí mura rud é go measann an comhordaitheoir sonraí go gcruthófaí le foilsiú den sórt sin riosca don tslándáil phoiblí;

(h)

i gcás ina ndéanann an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais an iarraidh, cuirfear í ar fáil ar líne gan moill mhíchuí;

(i)

i gcás ina n-iarrtar sonraí pearsanta, tabharfar fógra gan moill mhíchuí don údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht earnála poiblí bunaithe.

Cuirfidh an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí an Aontais an Coimisiún ar an eolas faoina n-iarrataí.

3.   Ní chuirfidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, ná comhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo ar fáil lena n-athúsáid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2022/868 nó Airteagal 2, pointe (11), de Threoir (AE) 2019/1024. Ní bheidh feidhm ag Rialachán (AE) 2022/868 ná ag Treoir (AE) 2019/1024 maidir leis na sonraí atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo.

4.   Le mír 3 den Airteagal seo, ní chuirtear bac ar an gcomhlacht earnála poiblí, ar an gcoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach ná ar chomhlacht de chuid an Aontais sonraí arna bhfáil de bhun na Caibidle seo a mhalartú le comhlacht earnála poiblí eile nó leis an gcoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais d’fhonn na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur i gcrích, mar a shonraítear san iarraidh i gcomhréir le mír 1, pointe (f), den Airteagal seo, ná na sonraí a chur ar fáil do thríú páirtí i gcás ina ndearna sé, trí bhíthin comhaontú atá ar fáil go poiblí, cigireachtaí teicniúla nó feidhmeanna eile a tharmligean don tríú páirtí sin. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí atá ar na comhlachtaí earnála poiblí de bhun Airteagal 19, go háirithe coimircí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú, freisin maidir leis na tríú páirtithe sin. I gcás ina ndéanann an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoin mír seo, tabharfaidh sé fógra ina leith sin don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí gan moill mhíchuí.

5.   I gcás ina mheasann an sealbhóir sonraí gur sáraíodh a chearta faoin gCaibidil seo trí shonraí a tharchur nó a chur ar fáil, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

6.   Forbróidh an Coimisiún teimpléad samplach d’iarrataí de bhun an Airteagail seo.

Airteagal 18

Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí

1.   Cuirfidh sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo na sonraí ar fáil don chomhlacht earnála poiblí iarrthach, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí, agus na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla is gá á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta, féadfaidh sealbhóir sonraí iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo a dhiúltú nó a iarraidh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus gan moill mhíchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil i gcásanna eile ina bhfuil gá eisceachtúil, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl smacht ag an sealbhóir sonraí ar na sonraí a iarradh;

(b)

go ndearna comhlacht earnála poiblí eile nó an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais iarraidh chomhchosúil chun na críche céanna a thíolacadh roimhe sin agus nár tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi léirscriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1) pointe (c);

(c)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 2, pointe (b), léireoidh sé nó sí céannacht an chomhlachta earnála phoiblí nó an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach roimhe sin chun na críche céanna.

4.   I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa sonraí a iarrtar, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a anaithnidiú go cuí, ach amháin má éilíonn comhlíonadh na hiarrata sonraí a chur ar fáil don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais go nochtfar sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhréagainmniú.

5.   I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gcoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 21

Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh

1.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais i dteideal sonraí a fhaightear faoin gCaibidil seo a chomhroinnt:

(a)

le daoine aonair nó le heagraíochtaí d’fhonn taighde eolaíoch nó anailísíocht a dhéanamh atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí; nó

(b)

le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun staidreamh oifigiúil a sholáthair.

2.   Gníomhóidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misin leasa phoiblí atá aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. Ní áireofar orthu eagraíochtaí a bhfuil tionchar suntasach ag gnóthais tráchtála orthu, ar dóigh dóibh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh orthu.

3.   Comhlíonfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na hoibleagáidí céanna atá infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí, leis an gcoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 19.

4.   D’ainneoin Airteagal 19(1), pointe (c), féadfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na sonraí arna bhfáil chun na críche ar iarradh na sonraí ina leith a choinneáil ar feadh suas le 6 mhí tar éis do na comhlachtaí earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais na sonraí a léirscriosadh.

5.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag comhlacht earnála poiblí, ag an gcoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra gan mhoill mhíchuí don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí, agus luafaidh sé céannacht agus sonraí teagmhála na heagraíochta nó an duine aonair a fhaigheann na sonraí, an cuspóir atá leis na sonraí a tharchur nó a chur ar fáil, an tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí le húsáid agus na bearta teicniúla cosanta agus eagraíochtúla a rinneadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta nó rúin trádála i gceist. I gcás nach n-aontaíonn an sealbhóir sonraí le tarchur nó le cur ar fáil sonraí, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 22

Cúnamh frithpháirteach agus comhar trasteorann

1.   Oibreoidh na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais le chéile agus cuideoidh siad le chéile an Chaibidil seo a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach.

2.   Ní úsáidfear aon sonraí a malartaíodh i dtaca leis an gcúnamh a iarradh agus a cuireadh ar fáil de bhun mhír 1 ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad.

3.   I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag comhlacht earnála poiblí sonraí a iarraidh ar shealbhóir sonraí atá bunaithe i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ar dtús d’údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 sa Bhallstát sin, faoin rún sin. Beidh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le hiarrataí ón gcoimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus chomhlachtaí an Aontais. Déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe, scrúdú ar an iarraidh.

4.   Tar éis dó an iarraidh a scrúdú i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 17, déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha, gan moill mhíchuí, ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

an iarraidh a tharchur chuig an sealbhóir sonraí agus, más infheidhme, comhairle a chur ar an gcomhlacht earnála poiblí iarrthach, ar an gcoimisiún, ar an mBanc Ceannais Eorpach nó ar chomhlacht de chuid an Aontais maidir leis an ngá, más ann dó, le comhoibriú le comhlachtaí earnála poiblí an Bhallstáit ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe d’fhonn an t-ualach riaracháin ar an sealbhóir sonraí i gcomhlíonadh na hiarrata a laghdú.

(b)

diúltú don iarraidh ar fhorais cuí-réasúnaithe, i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

Cuirfidh an comhlacht earnála poiblí iarrthach, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus an comhlacht de chuid an Aontais san áireamh comhairle an údaráis inniúil ábhartha agus na forais arna soláthar aige de bhun na chéad fhomhíre sula ndéanfaidh siad aon ghníomhaíocht bhreise amhail an iarraidh a chur isteach an athuair, i gcás inarb infheidhme.

CAIBIDIL VI

AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

Airteagal 32

Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta leordhóthanacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla uile, lena n-áirítear conarthaí, chun cosc a chur ar rochtain agus aistriú rialtais idirnáisiúnta nó tríú tír ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte tríú thír nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san Aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú mar sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gcoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.

Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó i mír 3, soláthróidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an t-íosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, ar bhonn léirmhíniú réasúnta an tsoláthraí nó an chomhlachta nó an údaráis náisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar an iarraidh sin.

5.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás tríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

IDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gcoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gcoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 42

Ról EDIB

Tacóidh EDIB arna bhunú ag an gcoimisiún mar shainghrúpa de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/868, ina ndéanfar ionadaíocht d’údaráis inniúla, le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt d’údaráis inniúla i bhforfheidhmiú Chaibidlí II, III, V agus VII;

(b)

comhar idir údaráis inniúla a éascú trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú chun faisnéis a mhalartú go héifeachtúil a bhaineann le forfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí faoi Chaibidlí II, III agus V i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear comhordú maidir le pionóis a shocrú;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

cé acu a iarrfar nó nach n-iarrfar go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 33(4), Airteagal 35(4) agus Airteagal 36(5);

(ii)

ullmhú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33(5), Airteagal 35(5) agus (8) agus Airteagal 36(6);

(iii)

ullmhú na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2); agus

(iv)

glacadh na dtreoirlínte lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna Eorpacha sonraí dá dtagraítear in Airteagal 33(11).

CAIBIDIL X

CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

Airteagal 49

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cásanna a mheasfar a bheith ina staideanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil chun críoch Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcleachtas, go háirithe an taithí maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo ag comhlachtaí earnála poiblí, ag an gcoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais; líon agus toradh na n-imeachtaí arna dtabhairt don údarás inniúil faoi Airteagal 18(5) maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo, arna dtuairisciú ag na húdaráis inniúla; tionchar oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh; tionchar sásraí deonacha um chomhroinnt sonraí, amhail na sásraí sin arna gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí altrúchais ó thaobh sonraí de a aithnítear faoi Rialachán (AE) 2022/868, maidir le cuspóirí Chaibidil V den Rialachán seo a bhaint amach, agus ról na sonraí pearsanta i gcomhthéacs Airteagal 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear éabhlóid na dteicneolaíochtaí chun príobháideachas a fheabhsú;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar úsáid sonraí sa gheilleagar, lena n-áirítear ar nuálaíocht sonraí, ar chleachtais um luach airgid a chur ar shonraí agus ar sheirbhísí idirghabhála sonraí, chomh maith le comhroinnt sonraí laistigh de na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(c)

inrochtaineacht agus úsáid catagóirí agus cineálacha éagsúla sonraí;

(d)

catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

(e)

easpa aon tionchair ar chearta maoine intleachtúla;

(f)

an tionchar ar rúin trádála, lena n-áirítear ar an gcosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, chomh maith le tionchar an tsásra lena gceadaítear don sealbhóir sonraí diúltú d’iarraidh an úsáideora faoi Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(11), agus aon athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/943, á chur san áireamh, a mhéid is féidir;

(g)

an bhfuil an liosta de théarmaí conarthacha éagóracha dá dtagraítear in Airteagal 13 cothrom le dáta i bhfianaise cleachtais nua ghnó agus luas tapa na nuálaíochta margaidh;

(h)

athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(i)

an laghdú ar mhuirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí don phróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 29;

(j)

idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don gheilleagar sonraí;

(k)

rochtain rialtais neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc;

(l)

éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin a cheanglaítear faoi Airteagal 37;

(m)

tionchar an Rialacháin seo ar FBManna i ndáil lena n-acmhainneacht nuálaíochta agus le hinfhaighteacht seirbhísí próiseála sonraí d’úsáideoirí san Aontas agus an t-ualach a bhaineann le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den Aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 12 Meán Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag an oibleagáid a eascraíonn as Airteagal 3(1) maidir le táirgí nasctha agus na seirbhísí a bhaineann leo agus a chuirtear ar an margadh tar éis an 12 Meán Fómhair 2026.

Ní bheidh feidhm ag Caibidil III ach amháin maidir le hoibleagáidí chun sonraí a chur ar fáil faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, a thiocfaidh i bhfeidhm amhail ón 12 Meán Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag Caibidil IV maidir le conarthaí a thabharfar i gcrích tar éis an 12 Meán Fómhair 2025.

Beidh feidhm ag Caibidil IV ón an 12 Meán Fómhair 2027 maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích an 12 Meán Fómhair 2025 nó roimhe ar choinníoll:

(a)

gur conarthaí tréimhse éiginnte iad; nó

(b)

go mbeidh siad le dul in éag tar éis ar a laghad 10 mbliana ón an 11 Eanáir 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, 13 Nollaig 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)   IO C 402, 19.10.2022, lch. 5.

(2)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 18.

(3)   IO C 375, 30.9.2022, lch. 112.

(4)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Samhain 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 27 Samhain 2023.

(5)  Moladh 2003/361/CE ón gcoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(6)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(8)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(9)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(10)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(11)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(12)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(13)  Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 118).

(15)  Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lch. 181).

(16)  Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gcoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(18)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(19)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise. (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(20)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú. (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(21)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(22)  Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).

(23)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch.1).

(24)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(25)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le trádáil leictreonach) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha) (IO L 265, 12.10.2022, lch. 1).

(27)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach. (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(28)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(29)  Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).

(30)  Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach. (IO L 303, 28.11.2018, lch. 59).

(31)  Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1.)

(33)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).

(34)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).

(35)  Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).

(36)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(37)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(38)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(39)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gcoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)



whereas









keyboard_arrow_down