search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'fhíorú' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index fhíorú:


whereas fhíorú:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 770

 

Airteagal 4

Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil

1.   I gcás nach féidir leis an úsáideoir rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí ón táirge nasctha ná ón tseirbhís ghaolmhar, cuirfidh sealbhóirí sonraí na sonraí, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha ar gá leo chun na sonraí sin a léiriú agus a úsáid, ar fáil don úsáideoir gan mhoill, agus cuirfidh sé ar fáil iad go héasca, go sábháilte, saor in aisce, i bhformáid atá intuigthe, struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, agus i gcás inarb ionann an caighdeán agus a bhfuil ar fáil don sealbhóir sonraí, go leanúnach agus i bhfíor-am. Déanfar é sin ar bhonn iarraidh shimplí trí mheán leictreonach i gcás inarb fhéidir sin go teicniúil.

2.   Féadfaidh úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí conradh a dhéanamh chun cosc a chur ar an rochtain, an úsáid nó tuilleadh comhroinnt sonraí, i gcás ina mbainfí an bonn de cheanglais slándála an táirge nasctha, mar a leagtar amach i dlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta iad, de bharr na próiseála sin, agus go mbeadh éifeacht dhíobhála thromchúiseach ar shláinte, ar shábháilteacht nó ar shlándáil daoine nádúrtha dá thoradh. Féadfaidh na húdaráis earnála saineolas teicniúil a sholáthar d’úsáideoirí agus do shealbhóirí sonraí sa chomhthéacs sin. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

3.   Féadfaidh an t-úsáideoir, gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhar cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus i ndáil le haon díospóid leis an sealbhóir sonraí, an méid a leanas a dhéanamh maidir leis na srianta nó na toirmisc chonarthacha dá dtagraítear i mír 2:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b); nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

4.   Ní dhéanfaidh sealbhóirí sonraí feidhmiú na roghanna ná na cearta faoin Airteagal seo ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir ar bhealach nach bhfuil neodrach ná trí neamhspleáchas, cinnteoireacht ná roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú trí struchtúr, dearadh, feidhm ná modh oibriúcháin comhéadain dhigitigh úsáideora ná cuid de.

5.   Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir chun críocha mhír 1, ní chuirfidh sealbhóir sonraí de cheangal ar an duine sin aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóir sonraí aon fhaisnéis, go háirithe sonraí loga, maidir le rochtain an úsáideora ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an úsáideora ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

6.   Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an sealbhóir sonraí agus an t-úsáideoir na bearta uile sula nochtfar iad chun a rúndacht a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. Déanfaidh an sealbhóir sonraí, nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, ina measc na meiteashonraí ábhartha, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an úsáideoir maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe, cuir i gcás na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.

7.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 6, nó i gcás nach gcuireann an t-úsáideoir na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 6 chun feidhme ná go mbaineann an t-úsáideoir an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh an tsealbhóra sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don úsáideoir gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodh ná nár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonn dá rúndacht.

8.   In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlac an t-úsáideoir de bhun mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin bunaithe ar eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí a iarrtar, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don úsáideoir gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

9.   Gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh úsáideoir ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh sealbhóra sonraí comhroinnt sonraí a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 7 agus 8 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, an gcuirtear tús le comhroinnt sonraí nó an leantar de agus na coinníollacha faoina gcuirtear tús leis; nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

10.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir na sonraí a fuarthas de bhun iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chun táirge nasctha a fhorbairt a bheidh in iomaíocht leis an táirge nasctha as ar tháinig na sonraí, ná ní chomhroinnfear na sonraí le tríú páirtí agus an cuspóir sin aige nó aici, ná ní úsáidfidh sé nó sí na sonraí sin chun léargas a fháil ar staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an mhonaróra ná, más infheidhme, an sealbhóir sonraí.

11.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí atá ann chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.

12.   I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ar fáil don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus coinníollacha Airteagal 5(3) den Treoir 2002/58/CE.

13.   Is iad sonraí neamhphearsanta a bhfuil fáil orthu go héasca ar bhonn conartha leis an úsáideoir an t-aon chineál sonraí a úsáidfidh sealbhóir sonraí. Ní úsáidfidh sealbhóir sonraí sonraí den sórt sin chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an úsáideora ná ar úsáid an úsáideora ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an úsáideora sin ar na margaí ina bhfuil an t-úsáideoir gníomhach.

14.   Ní chuirfidh sealbhóirí sonraí sonraí neamhphearsanta ar fáil do thríú páirtithe chun críocha tráchtála ná neamhthráchtála seachas ar mhaithe lena gconarthaí leis an úsáideoir a chomhlíonadh. Cuirfidh sealbhóirí sonraí, i gcás inarb ábhartha, ceangal conartha ar thríú páirtithe gan tuilleadh sonraí a fhaightear uathu a chomhroinnt.

Airteagal 5

Ceart an úsáideora sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe

1.   Arna iarraidh sin d’úsáideoir, nó do pháirtí atá ag gníomhú thar ceann úsáideora, cuirfidh an sealbhóir sonraí sonraí ar fáil go héasca, chomh maith leis na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, do thríú páirtí, gan aon mhoill mhíchuí, den cháilíocht chéanna agus atá ar fáil don sealbhóir sonraí, go héasca, go slán, saor in aisce don úsáideoir, i bhformáid chuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, go leanúnach agus i bhfíor-am. Cuirfidh an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil don tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le sonraí atá ar fail go héasca i gcomhthéacs táirgí nasctha, substaintí ná próisis nua nár cuireadh ar an margadh go fóill a thástáil ach amháin má cheadaítear a n-úsáid ag tríú páirtí go conarthach.

3.   Aon ghnóthas a ainmníodh mar gheatóir, de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925, ní tríú páirtí incháilithe é faoin Airteagal seo agus dá bhrí sin:

(a)

úsáideoir a shireadh nó a dhreasú ar bhonn tráchtála ar aon bhealach, lena n-áirítear trí chúiteamh airgeadaíochta nó aon chúiteamh eile a sholáthar, chun sonraí a chur ar fáil do cheann dá sheirbhísí a fuair an t-úsáideoir de bhun iarraidh faoi Airteagal 4(1);

(b)

úsáideoir a shireadh nó a dhreasú ar bhonn tráchtála chun iarraidh ar an sealbhóir sonraí a chur ar fáil do cheann dá sheirbhísí de bhun mhír 1 den Airteagal seo;

(c)

sonraí a fháil ó úsáideoir a fuair an t-úsáideoir de bhun iarraidh faoi Airteagal 4(1).

4.   Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir nó mar thriú páirtí chun críocha mhír 1, ní chuirfear de cheangal ar an úsáideoir ná ar an tríú páirtí aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóirí sonraí aon fhaisnéis maidir le rochtain an tríú páirtí ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an tríú páirtí ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

5.   Ní úsáidfidh an tríú páirtí modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil sealbhóra sonraí a dearadh chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.

6.   Ní bhainfidh an sealbhóir sonraí úsáid as sonraí atá ar fáil go héasca chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an tríú páirtí ná ar úsáid an tríú páirtí ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an tríú páirtí sna margaí ina bhfuil an tríú páirtí gníomhach, murar thug an tríú páirtí cead leis an úsáid sin agus mura bhfuil an deis theicniúil aige nó aici an cead sin a tharraingt siar go héasca tráth ar bith.

7.   I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha ná seirbhís ghaolmhar a úsáid,, ar fáil don triú páirtí ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus Airteagal 5(3) de Threoir 2002/58/CE.

8.   Mura dtagann an sealbhóir sonraí agus an tríú páirtí ar chomhaontú maidir le socruithe maidir leis na sonraí a tharchur, ní chuirfidh sé bac, cosc ná cur isteach ar fheidhmiú chearta an ábhair sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus, go háirithe, ar an gceart ar iniomparthacht sonraí faoi Airteagal 20 den Rialachán sin.

9.   Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach do thríú páirtithe ach amháin a mhéid a bhfuil fíorghá le nochtadh den sórt sin chun an cuspóir a comhaontaíodh idir an t-úsáideoir agus an tríú páirtí a chomhlíonadh. Déanfaidh an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, lena n-áirítear sna meiteashonraí ábhartha, a shainaithint, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an tríú páirtí maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, amhail na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.

10.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo, nó i gcás nach gcuireann an tríú páirtí na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 9 den Airteagal seo chun feidhme ná go mbaineann sé nó sí an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh shealbhóir na sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don tríú páirtí gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodh ná nár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonn dá rúndacht.

11.   In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil arna ndéanamh ag an tríú páirtí de bhun mhír 9 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin, ar bhonn eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí arna n-iarraidh, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don triú páirtí gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé nó sí fógra don údarás inniúil náisiúnta arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

12.   Gan dochar don cheart sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh tríú páirtí ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh sealbhóra sonraí maidir le comhroinnt sonraí de bhun míreanna 10 agus 11 a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, ar cheart tús a chur leis an gcomhroinnt sonraí agus na coinníollacha faoina gcuirfear tús leis sin; nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí maidir leis an ábhar a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

13.   Ní dhéanfaidh an ceart dá dtagraítear i mír 1 dochar do chearta na n-ábhar sonraí de bhun dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Airteagal 8

Na coinníollacha faoina gcuireann sealbhóirí sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí

1.   A mhéid a bhaineann le caidrimh gnólacht le gnólacht, agus i gcás ina mbeidh sé d’oibleagáid ar shealbhóir sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí faoi Airteagal 5 nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, comhaontóidh sealbhóir sonraí, le faighteoir sonraí, na socruithe chun na sonraí a chur ar fáil agus déanfaidh sé nó sí amhlaidh ar théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus ar bhealach trédhearcach i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus le Caibidil IV.

2.   Téarma conarthach a bhaineann le rochtain ar sonraí agus úsáid sonraí nó le dliteanas agus na leigheasanna maidir le sárú na n-oibleagáidí a bhaineann le sonraí, nó maidir le foirceannadh na n-oibleagáidí sin, ní bheidh an téarma sin ceangailteach más rud é gurb ionann é agus téarma conarthach éagórach de réir bhrí Airteagal 13 nó, chun dochar don úsáideoir, má eisiatar leis éifeacht chur i bhfeidhm chearta an úsáideora faoi Chaibidil II, nó má mhaolaítear ar an éifeacht sin nó má athraítear í.

3.   Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú maidir leis na socruithe chun sonraí a chur ar fáil idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena n-áirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha an tsealbhóra sonraí agus sonraí á gcur ar fáil aige nó aici. I gcás ina bhfuil an faighteoir sonraí den tuairim gur coinníollacha idirdhealaitheacha iad na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó nó di idirdhealaitheach, soláthróidh sealbhóir na sonraí gan moill mhíchuí, ar iarraidh réasúnaithe, d’fhaighteoir na sonraí faisnéis lena léirítear nach ndearnadh aon idirdhealú.

4.   Ní chuirfidh sealbhóir sonraí sonraí ar fáil d’fhaighteoir sonraí, lena n-áirítear ar bhonn eisiach, mura n-iarrfaidh an t-úsáideoir sin faoi Chaibidil II.

5.   Ní cheanglófar ar shealbhóirí sonraí ná ar fhaighteoirí sonraí aon fhaisnéis a sholáthar thar a bhfuil riachtanach chun a fhíorú go gcomhlíontar na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil nó a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile is infheidhme de chuid an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta is infheidhme a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais.

6.   Mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 4(6) agus Airteagal 5(9) den Rialachán seo, nó leis an reachtaíocht náisiúnta a glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais, ní chuirfidh oibleagáid chun sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoir sonraí oibleagáid ar aon duine rúin trádála a nochtadh.

Airteagal 16

Caidreamh le hoibleagáidí eile chun sonraí a chur ar fáil do na comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus comhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Ní dhéanfaidh an Chaibidil seo difear d’oibleagáidí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun críche tuairiscithe, iarrataí maidir le rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh nó chun comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla a léiriú nó a fhíorú.

2.   Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le comhlachtaí earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlachtaí de chuid an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí chun cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais. Leis an gCaibidil seo, ní dhéantar difear do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cionta coiriúla nó riaracháin a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó maidir le pionóis choiriúla nó riaracháin a fhorghníomhú, ná maidir le riarachán custaim nó cánachais.

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.


whereas









keyboard_arrow_down