search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'comhéadain' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index comhéadain:


whereas comhéadain:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 672

 

Airteagal 4

Cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí maidir le rochtain a fháil ar shonraí táirge agus ar shonraí seirbhíse gaolmhaire, iad a úsáid agus a chur ar fáil

1.   I gcás nach féidir leis an úsáideoir rochtain dhíreach a fháil ar na sonraí ón táirge nasctha ná ón tseirbhís ghaolmhar, cuirfidh sealbhóirí sonraí na sonraí, lena n-áirítear na meiteashonraí ábhartha ar gá leo chun na sonraí sin a léiriú agus a úsáid, ar fáil don úsáideoir gan mhoill, agus cuirfidh sé ar fáil iad go héasca, go sábháilte, saor in aisce, i bhformáid atá intuigthe, struchtúrtha, a úsáidtear go coiteann agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, agus i gcás inarb ionann an caighdeán agus a bhfuil ar fáil don sealbhóir sonraí, go leanúnach agus i bhfíor-am. Déanfar é sin ar bhonn iarraidh shimplí trí mheán leictreonach i gcás inarb fhéidir sin go teicniúil.

2.   Féadfaidh úsáideoirí agus sealbhóirí sonraí conradh a dhéanamh chun cosc a chur ar an rochtain, an úsáid nó tuilleadh comhroinnt sonraí, i gcás ina mbainfí an bonn de cheanglais slándála an táirge nasctha, mar a leagtar amach i dlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta iad, de bharr na próiseála sin, agus go mbeadh éifeacht dhíobhála thromchúiseach ar shláinte, ar shábháilteacht nó ar shlándáil daoine nádúrtha dá thoradh. Féadfaidh na húdaráis earnála saineolas teicniúil a sholáthar d’úsáideoirí agus do shealbhóirí sonraí sa chomhthéacs sin. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

3.   Féadfaidh an t-úsáideoir, gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhar cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus i ndáil le haon díospóid leis an sealbhóir sonraí, an méid a leanas a dhéanamh maidir leis na srianta nó na toirmisc chonarthacha dá dtagraítear i mír 2:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b); nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

4.   Ní dhéanfaidh sealbhóirí sonraí feidhmiú na roghanna ná na cearta faoin Airteagal seo ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint don úsáideoir ar bhealach nach bhfuil neodrach ná trí neamhspleáchas, cinnteoireacht ná roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú trí struchtúr, dearadh, feidhm ná modh oibriúcháin comhéadain dhigitigh úsáideora ná cuid de.

5.   Chun críoch a fhíorú an gcáilíonn duine nádúrtha nó dlítheanach mar úsáideoir chun críocha mhír 1, ní chuirfidh sealbhóir sonraí de cheangal ar an duine sin aon eolas seachas an fhaisnéis a bhfuil gá léi a thabhairt. Ní choimeádfaidh sealbhóir sonraí aon fhaisnéis, go háirithe sonraí loga, maidir le rochtain an úsáideora ar na sonraí a iarrtar thar a bhfuil riachtanach chun iarraidh an úsáideora ar rochtain a fhorghníomhú go fónta agus chun slándáil agus coinneáil ar bun an bhonneagair sonraí a áirithiú.

6.   Déanfar rúin trádála a chaomhnú agus ní nochtfar iad ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an sealbhóir sonraí agus an t-úsáideoir na bearta uile sula nochtfar iad chun a rúndacht a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. Déanfaidh an sealbhóir sonraí, nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála, ina measc na meiteashonraí ábhartha, agus tiocfaidh sé nó sí ar chomhaontú leis an úsáideoir maidir le gach beart comhréireach teicniúil agus eagraíochtúil is gá chun rúndacht na sonraí comhroinnte a chaomhnú, go háirithe maidir le tríú páirtithe, cuir i gcás na téarmaí conarthacha eiseamláireacha, comhaontuithe rúndachta, prótacail dhiana rochtana, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm na gcód iompair.

7.   I gcás nach dtiocfar ar chomhaontú maidir leis na bearta is gá dá dtagraítear i mír 6, nó i gcás nach gcuireann an t-úsáideoir na bearta a comhaontaíodh de bhun mhír 6 chun feidhme ná go mbaineann an t-úsáideoir an bonn de rúndacht na rún trádála, féadfaidh an sealbhóir sonraí comhroinnt na sonraí a shainaithnítear ina rúin trádála a choinneáil siar nó, más amhlaidh an cás, an comhroinnt a chur ar fionraí. Tabharfar bunús cuí le cinneadh an tsealbhóra sonraí agus cuirfear ar fáil i scríbhinn é don úsáideoir gan moill mhíchuí. Sna cásanna sin, tabharfaidh an sealbhóir sonraí fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 á rá go ndearna sé nó sí comhroinnt sonraí a choinneáil siar nó a chur ar fionraí agus sainaithneoidh sé nó sí cé na bearta nár comhaontaíodh ná nár cuireadh chun feidhme agus, i gcás inarb ábhartha, cé na rúin trádála ar baineadh an bonn dá rúndacht.

8.   In imthosca eisceachtúla, i gcás inar féidir leis an sealbhóir sonraí ar sealbhóir rúin trádála é nó í a léiriú gur rídhócha go ndéanfar damáiste tromchúiseach eacnamaíoch dó nó di de bharr rúin trádála a nochtadh, d’ainneoin na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlac an t-úsáideoir de bhun mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an sealbhóir sonraí sin iarraidh ar rochtain ar na sonraí sonracha atá i gceist a dhiúltú ar bhonn cás ar chás. Beidh bunús cuí leis an léiriú sin bunaithe ar eilimintí oibiachtúla, go háirithe in-fhorfheidhmitheacht na cosanta ar rúin trádála i dtríú tíortha, cineál agus leibhéal rúndachta na sonraí a iarrtar, agus uathúlacht agus úrnuacht an táirge nasctha, agus soláthrófar é i scríbhinn don úsáideoir gan moill mhíchuí. I gcás ina ndiúltaíonn an sealbhóir sonraí na sonraí a chomhroinnt de bhun na míre seo, tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37.

9.   Gan dochar do cheart an úsáideora sásamh a lorg ag céim ar bith os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh úsáideoir ar mian leis nó léi agóid a dhéanamh i gcoinne chinneadh sealbhóra sonraí comhroinnt sonraí a dhiúltú, a choinneáil siar nó a chur ar fionraí de bhun mhíreanna 7 agus 8 an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

gearán a thaisceadh leis an údarás inniúil, i gcomhréir le hAirteagal 37(5), pointe (b), a chinnfidh, gan moill mhíchuí, an gcuirtear tús le comhroinnt sonraí nó an leantar de agus na coinníollacha faoina gcuirtear tús leis; nó

(b)

comhaontú a shocrú leis an sealbhóir sonraí an t-ábhar a chur faoi bhráid comhlacht um réiteach díospóidí, i gcomhréir le hAirteagal 10(1).

10.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir na sonraí a fuarthas de bhun iarraidh dá dtagraítear i mír 1 chun táirge nasctha a fhorbairt a bheidh in iomaíocht leis an táirge nasctha as ar tháinig na sonraí, ná ní chomhroinnfear na sonraí le tríú páirtí agus an cuspóir sin aige nó aici, ná ní úsáidfidh sé nó sí na sonraí sin chun léargas a fháil ar staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an mhonaróra ná, más infheidhme, an sealbhóir sonraí.

11.   Ní úsáidfidh an t-úsáideoir modhanna comhéigneacha ná ní mhí-úsáidfidh sé nó sí bearnaí i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí atá ann chun na sonraí a chosaint chun rochtain a fháil ar shonraí.

12.   I gcás nach ábhar sonraí é nó í an t-úsáideoir a bhfuil a sonraí pearsanta á n-iarraidh, ní chuirfidh an sealbhóir sonraí aon sonraí pearsanta a ghintear trí tháirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a úsáid ar fáil don úsáideoir ach amháin i gcás ina bhfuil bunús dlí bailí maidir le próiseáil faoi Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 9 den Rialachán sin agus coinníollacha Airteagal 5(3) den Treoir 2002/58/CE.

13.   Is iad sonraí neamhphearsanta a bhfuil fáil orthu go héasca ar bhonn conartha leis an úsáideoir an t-aon chineál sonraí a úsáidfidh sealbhóir sonraí. Ní úsáidfidh sealbhóir sonraí sonraí den sórt sin chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar shócmhainní ná ar mhodhanna táirgthe an úsáideora ná ar úsáid an úsáideora ar aon bhealach eile, ar sonraí iad a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de staid tráchtála an úsáideora sin ar na margaí ina bhfuil an t-úsáideoir gníomhach.

14.   Ní chuirfidh sealbhóirí sonraí sonraí neamhphearsanta ar fáil do thríú páirtithe chun críocha tráchtála ná neamhthráchtála seachas ar mhaithe lena gconarthaí leis an úsáideoir a chomhlíonadh. Cuirfidh sealbhóirí sonraí, i gcás inarb ábhartha, ceangal conartha ar thríú páirtithe gan tuilleadh sonraí a fhaightear uathu a chomhroinnt.

Airteagal 30

Gnéithe teicniúla an athraithe

1.   Maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a bhaineann le hacmhainní ríomhaireachta inscálaithe agus leaisteacha atá teoranta do ghnéithe bonneagair amhail freastalaithe, líonraí agus na hacmhainní fíorúla is gá chun an bonneagar a oibriú, ach nach soláthraíonn rochtain ar na seirbhísí oibriúcháin, ar bhogearraí agus ar fheidhmchláir a stóráiltear, a phróiseáiltear nó a úsáidtear ar bhealach eile ar na heilimintí bonneagair, i gcomhréir le hAirteagal 27, déanfaidh siad gach beart laistigh dá gcumhacht chun a éascú don chustaiméir, tar éis dó malartú chuig seirbhís lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse de ar fáil, go mbainfidh siad coibhéis fheidhmiúil amach in úsáid na seirbhíse próiseála sonraí cinn scríbe. Éascóidh soláthraí foinseach na seirbhísí próiseála sonraí an próiseas malartaithe trí chumais, faisnéis leormhaith, doiciméadacht, tacaíocht theicniúil agus, i gcás inarb iomchuí, na huirlisí is gá a sholáthar.

2.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1, comhéadain oscailte ar fáil go cothrom dá gcustaiméirí uile agus do sholáthraithe cinn scríbe seirbhísí próiseála sonraí lena mbaineann saor in aisce chun an próiseas malartaithe a éascú. Áireofar sna comhéadain sin faisnéis leordhóthanach maidir leis an tseirbhís lena mbaineann chun gur féidir bogearraí a fhorbairt chun cumarsáid a dhéanamh leis na seirbhísí, chun críocha iniomparthachta agus idir-inoibritheachta sonraí.

3.   I gcás seirbhísí próiseála sonraí seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí comhoiriúnacht le sonraíochtaí coiteanna bunaithe ar shonraíochtaí idir-inoibritheachta oscailte nó caighdeáin chomhchuibhithe don idir-inoibritheacht 12 mhí ar a laghad tar éis na tagairtí do na sonraíochtaí coiteanna nó do na caighdeáin chomhchuibhithe sin maidir le hidir-inoibritheacht na seirbhísí próiseála sonraí sin a fhoilsiú i lárstóras um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí tar éis fhoilsiú na ngníomhartha cur chun feidhme bunúsacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 35(7).

4.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an clár ar líne dá dtagraítear in Airteagal 26, pointe (b) a nuashonrú i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi mhír 3 den Airteagal seo.

5.   I gcás malartaithe idir sheirbhísí den chineál céanna seirbhíse, nár foilsíodh sonraíochtaí coiteanna nó caighdeáin chomhchuibhithe don idir-inoibritheacht dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i lárstóras um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagal 35(7), déanfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí, arna iarraidh sin don chustaiméir, na sonraí in-onnmhairithe uile a onnmhairiú i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite.

6.   Ní cheanglófar ar sholáthraithe seirbhísí próiseála sonraí teicneolaíochtaí nó seirbhísí nua a fhorbairt, sonraí a nochtadh ná sócmhainní digiteacha atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó arb ionann iad agus rún ceirde a aistriú chuig custaiméir ná chuig soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí ná slándáil agus sláine seirbhíse an chustaiméara nó an tsoláthraí a chur i mbaol.

Airteagal 33

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí

1.   Rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile, comhlíonfaidh siad na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas chun idir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a éascú, ar creataí idir-inoibritheacht sainchuspóireacha nó earnála nó trasearnála do chaighdeáin agus do chleachtais choiteanna iad chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a fhorbairt:

(a)

I gcás inarb infheidhme, déanfar tuairisc leordhóthanach ar inneachar an tacair sonraí, ar shrianta úsáide, ar cheadúnais, ar mhodheolaíocht bailithe sonraí, ar cháilíocht agus ar neamhchinnteacht sonraí i bhformáid mheaisín-inléite ionas go mbeidh an faighteoir in ann na sonraí a aimsiú, a rochtain agus a úsáid;

(b)

I gcás go mbeidh fáil orthu, déanfar tuairisc ar struchtúir sonraí, formáidí sonraí, stóir focal, scéimeanna aicmithe, tacsanomaíochtaí agus códliostaí ar bhealach comhsheasmhach atá ar fáil go poiblí;

(c)

déanfar tuairisc leordhóthanach ar na modhanna teicniúla chun rochtain a fháil ar na sonraí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus cáilíocht a seirbhíse le gur féidir sonraí a rochtain agus a tharchur go huathoibríoch idir páirtithe, lena n-áirítear go leanúnach, in oll-íoslódáil, nó i bhfíor-am, i bhformáid mheaisín-inléite i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus nach gcuireann sé isteach ar dhea-fheidhmiú an táirge nasctha;

(d)

i gcás inarb infheidhme, soláthrófar na modhanna chun idir-inoibritheacht uirlisí a chumasú chun feidhmiú comhaontuithe comhroinnte sonraí a uathoibriú, amhail conarthaí cliste.

D’fhéadfadh cineál cineálach a bheith ag baint leis na ceanglais sin nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha ar leith, agus an t-idirghaol le ceanglais a thagann ó dhlí eile de chuid an Aontais nó ó dhlí náisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, i ndáil leis na ceanglais sin nach féidir, de bharr a gcineáil, an éifeacht bheartaithe a bheith acu mura ndéanfar iad a shonrú tuilleadh i ngníomhartha dlí ceangailteacha de chuid an Aontais agus chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú i gceart.

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún comhairle EDIB i gcomhréir le hAirteagal 42, pointe (c)(iii) san áireamh.

3.   Measfar go bhfuil rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, agus a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin choimhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

4.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus:

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

6.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 5 den Airteagal seo comhlíonta.

7.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

8.   Na rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 nó codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

9.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún chun críche a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nó codanna díobh a chumhdaíonn na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

10.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

11.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh agus an togra ó EDIB á chur san áireamh aige i gcomhréir le hAirteagal 30, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/868 lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna sonraí Eorpacha.


whereas









keyboard_arrow_down