search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'choimisiún' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index choimisiún:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS

    CAIBIDIL IV
    TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR

    CAIBIDIL V
    SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL

    CAIBIDIL VI
    AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ

    CAIBIDIL VII
    ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA

    CAIBIDIL VIII
    IDIR-INOIBRITHEACHT

    CAIBIDIL IX
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

    CAIBIDIL X
    CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

    CAIBIDIL XI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA


whereas choimisiún:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1460

 

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha comhchuibhithe, inter alia, maidir le:

(a)

sonraí táirge agus sonraí seirbhíse gaolmhaire a chur ar fáil d’úsáideoir an táirge nasctha nó na seirbhíse gaolmhaire;

(b)

sonraí a chur ar fáil d’fhaighteoirí sonraí ag sealbhóirí sonraí;

(c)

sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí earnála poiblí, don choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais ag sealbhóirí sonraí, i gcás ina bhfuil géarghá leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích;

(d)

malartú idir seirbhísí próiseála sonraí a éascú;

(e)

coimircí a thabhairt isteach in aghaidh rochtain neamhdhleathach tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta; agus

(f)

caighdeán idir-inoibritheachta a fhorbairt chun rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a aistriú agus sonraí a úsáid.

2.   Cumhdaítear leis an Rialachán seo sonraí pearsanta agus neamhphearsanta, lena n-áirítear na cineálacha sonraí seo a leanas, sna comhthéacsanna seo a leanas:

(a)

tá feidhm ag Caibidil II maidir le sonraí, cé is moite d’ábhar, a bhaineann le feidhmíocht, úsáid agus timpeallacht na dtáirgí nasctha agus na seirbhísí gaolmhara;

(b)

tá feidhm ag Caibidil III maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach atá faoi réir oibleagáidí reachtúla maidir le comhroinnt sonraí;

(c)

tá feidhm ag Caibidil IV maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach a ndéantar rochtain orthu agus a úsáidtear ar bhonn conartha idir fiontair;

(d)

tá feidhm ag Caibidil V maidir le haon sonraí ón earnáil phríobháideach lena ndírítear ar shonraí neamhphearsanta;

(e)

tá feidhm ag Caibidil VI maidir le haon sonraí agus seirbhísí arna bpróiseáil ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí;

(f)

tá feidhm ag Caibidil VII maidir le haon sonraí neamhphearsanta atá á gcoinneáil san Aontas ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

3.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

monaróirí táirgí nasctha a chuirtear ar an margadh san Aontas agus soláthraithe seirbhísí gaolmhara, gan beann ar áit bhunaíochta na monaróirí agus na soláthraithe sin;

(b)

úsáideoirí táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara san Aontas dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

sealbhóirí sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a chuireann sonraí ar fáil d’fhaighteoirí sonraí san Aontas;

(d)

faighteoirí sonraí san Aontas a gcuirtear sonraí ar fáil dóibh;

(e)

comhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus comhlachtaí de chuid an Aontais a iarrann ar shealbhóirí sonraí sonraí a chur ar fáil i gcás ina bhfuil riachtanas eisceachtúil leis na sonraí sin chun cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích agus i gcás ina soláthraíonn sealbhóirí sonraí na sonraí sin mar fhreagra ar iarraidh mar sin;

(f)

soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí, gan beann ar a n-áit bhunaíochta, a sholáthraíonn seirbhísí mar sin do chustaiméirí san Aontas;

(g)

rannpháirtithe i spásanna sonraí agus díoltóirí feidhmchlár a úsáideann conarthaí cliste agus daoine a mbaineann a dtrádáil, a ngnó nó a ngairm le conarthaí cliste a imscaradh le haghaidh daoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe a fhorghníomhú.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt sa Rialachán seo do tháirgí nasctha nó do sheirbhísí gaolmhara, tuigfear go n-áirítear le tagairtí den sórt sin cúntóirí fíorúla freisin, a mhéid a idirghníomhaíonn siad le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar.

5.   Ní dochar an Rialachán seo do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta maidir le sonraí pearsanta a chosaint, príobháideachas agus rúndacht cumarsáide agus sláine trealaimh teirminéil, ag a mbeidh feidhm maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE, lena n-áirítear cumhachtaí agus inniúlachtaí na n-údarás maoirseachta agus cearta na n-ábhar sonraí. A mhéid is ábhair sonraí iad úsáideoirí, comhlánóidh na cearta a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán seo cearta rochtana na n-ábhar sonraí agus cearta chun iniomparthacht sonraí faoi Airteagail 15 agus 20 de Rialachán (AE) 2016/679. I gcás ina mbeidh coimhlint ann idir an Rialachán seo agus dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta nó príobháideachas, nó an reachtaíocht náisiúnta arna ghlacadh i gcomhréir leis an dlí sin de chuid an Aontais, agus ag dlí ábhartha an Aontais nó ag an dlí ábhartha náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a bheidh an forlámhas.

6.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le socruithe deonacha malartaithe sonraí idir eintitis phríobháideacha agus phoiblí, go háirithe socruithe deonacha comhroinnte sonraí, agus ní thagann sé roimh na socruithe sin.

Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais ná do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chomhroinnt sonraí, d’úsáid sonraí agus do rochtain ar shonraí chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, ná chun críocha custaim agus cánachais, go háirithe Rialacháin (AE) 2021/784, (AE) 2022/2065 agus (AE) 2023/1543 agus Treoir (AE) 2023/1544, ná do chomhar idirnáisiúnta sa réimse sin. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le bailiú nó comhroinnt sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847, maidir le rochtain ar shonraí ná maidir le húsáid sonraí faoi Rialachán (AE) 2015/847 agus Treoir (AE) 2015/849. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais agus i gcás ar bith ní dhéantar difear leis d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le slándáil phoiblí, cosaint nó slándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a gcuireann na Ballstáit de chúram air cúraimí a dhéanamh i ndáil leis na hinniúlachtaí sin, ná ar an gcumhacht atá acu feidhmeanna bunriachtanacha eile Stáit a choimirciú, lena n-áirítear iomláine chríochach an Stáit a áirithiú agus an smacht reachta a chaomhnú. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann le riarachán custaim agus cánach nó le sláinte agus sábháilteacht na saoránach.

7.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear cur chuige féinrialála Rialachán (AE) 2018/1807 trí oibleagáidí atá infheidhme go ginearálta maidir le malartú néalríomhaireachta a chur leis.

8.   Ní dochar an Rialachán seo do ghníomhartha dlí an Aontais agus do ghníomhartha dlí náisiúnta lena bhforáiltear do chearta maoine intleachtúla a chosaint, go háirithe Treoracha 2001/29/CE, 2004/48/CE, agus (AE) 2019/790.

9.   Leis an Rialachán seo, comhlánaítear dlí an Aontais agus ní dochar é do dhlí an Aontais arb é is aidhm dó leasanna tomhaltóirí a chur chun cinn agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, agus a sláinte, a sábháilteacht agus a leasanna eacnamaíocha a chosaint, go háirithe Treoracha 93/13/CEE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE

10.   Ní chuirtear bac, leis an Rialachán seo, ar chonarthaí deonacha comhroinnte sonraí dleathacha a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cómhalartach, ar conarthaí iad lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

1.   Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula n-iarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

3.   I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraí ná atá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.

4.   Beidh rochtain ag custaiméirí agus ag soláthraithe seirbhísí um phróiseáil sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le sáruithe ar chearta custaiméirí agus ar oibleagáidí soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 31.

5.   Déanfaidh an Ballstát inar bunaíodh an comhlacht um réiteach díospóidí, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht sin a dheimhniú, i gcás inar léirigh sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus tá sé lena chuid cinntí a eisiúint i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir, cóir, agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go bhfuil an saineolas is gá aige, go háirithe i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, cúiteamh san áireamh, agus i ndáil le sonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinneadh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

(d)

go bhfuil sé in ann a cinntí a ghlacadh ar bhealach atá tapa, éifeachtúil, costéifeachtach, i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

7.   Diúltóidh comhlacht um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

8.   Tabharfaidh comhlacht um réiteach díospóidí an fhéidearthacht do pháirtithe barúlacha a thabhairt taobh istigh d'achar réasúnta ama maidir le ceisteanna a thug na páirtithe sin os comhair an chomhlachta sin cheana. Sa chomhthéacs sin, cuirfear aighneachtaí an pháirtí eile ina ndíospóid agus aon ráitis ó shaineolaithe ar fáil do gach páirtí i ndíospóid. Tabharfar an fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

9.   Glacfaidh comhlacht um réiteach díospóidí a chinneadh maidir le hábhar a tharchuirfear chuige laistigh de 90 lá tar éis dó iarraidh de bhun mhíreanna 1 agus 4 a fháil.. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh an cinneadh sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

10.   Déanfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí. Áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas go háirithe:

(a)

comhiomlánú thorthaí na ndíospóidí;

(b)

an meánam a tógadh chun díospóidí a réiteach;

(c)

na cúiseanna is coitianta le díospóidí.

11.   D’fhonn malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, féadfaidh comhlacht poiblí um réiteach díospóidí a chinneadh moltaí a chur san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 maidir le conas is féidir fadhbanna a sheachaint nó a réiteach.

12.   Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

13.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte ná binse de chuid Ballstáit.

Airteagal 18

Comhlíonadh na n-iarrataí ar shonraí

1.   Cuirfidh sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo na sonraí ar fáil don chomhlacht earnála poiblí iarrthach, don choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí, agus na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla is gá á gcur san áireamh.

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta, féadfaidh sealbhóir sonraí iarraidh ar shonraí a chur ar fáil faoin gCaibidil seo a dhiúltú nó a iarraidh gan moill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus gan moill mhíchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 30 lá oibre tar éis an iarraidh sin a fháil i gcásanna eile ina bhfuil gá eisceachtúil, ar aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

níl smacht ag an sealbhóir sonraí ar na sonraí a iarradh;

(b)

go ndearna comhlacht earnála poiblí eile nó an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais iarraidh chomhchosúil chun na críche céanna a thíolacadh roimhe sin agus nár tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi léirscriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1) pointe (c);

(c)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 2, pointe (b), léireoidh sé nó sí céannacht an chomhlachta earnála phoiblí nó an Choimisiúin, an Bhainc Ceannais Eorpaigh nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach roimhe sin chun na críche céanna.

4.   I gcás ina n-áirítear sonraí pearsanta sa sonraí a iarrtar, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a anaithnidiú go cuí, ach amháin má éilíonn comhlíonadh na hiarrata sonraí a chur ar fáil don chomhlacht earnála poiblí, don choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais go nochtfar sonraí pearsanta. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí na sonraí a bhréagainmniú.

5.   I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 19

Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais

1.   Déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann sonraí de bhun iarraidh arna déanamh faoi Airteagal 14 an méid seo a leanas:

(a)

ní úsáidfidh sé na sonraí ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;

(b)

bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bheith curtha chun feidhme acu lena gcaomhnaítear rúndacht agus sláine na sonraí arna n-iarraidh agus slándáil na n-aistrithe sonraí, go háirithe sonraí pearsanta, agus lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí;

(c)

na sonraí a léirscriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche sonraithe agus a chuir iúl don sealbhóir sonraí agus do na daoine aonair nó do na heagraíochtaí a fuair na sonraí de bhun Airteagal 21(1) gur scriosadh na sonraí, mura rud é go bhfuil gá leis na sonraí a chartlannú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i gcomhthéacs oibleagáidí trédhearcachta.

2.   Maidir le comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais, comhlacht de chuid an Aontais nó tríú páirtí a fhaigheann sonraí faoin gCaibidil seo, ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)

sonraí nó léargais maidir le staid eacnamaíoch, sócmhainní agus modhanna táirgthe nó oibriúcháin an tsealbhóra sonraí a úsáid chun táirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a fhorbairt nó a fheabhsú a bheidh in iomaíocht le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar an tsealbhóra sonraí;

(b)

na sonraí a chomhroinnt le tríú páirtí eile chun aon cheann de na críocha sin dá dtagraítear i bpointe (a).

3.   Ní cheanglófar rúin trádála a nochtadh do chomhlacht earnála poiblí, don choimisiún, don Bhanc Cheannais Eorpach ná do chomhlacht de chuid an Aontais ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun cuspóir iarrata a bhaint amach faoi Airteagal 15. I gcás mar sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála,, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála a shainaithint, lena n-áirítear sna meiteashonraí ábhartha. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais, sula ndéanfar nochtadh na rún trádála, gach beart teicniúil agus eagraíochtúil is gá agus is iomchuí chun rúndacht na rún trádála a chaomhnú, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, téarmaí conarthacha eiseamláireacha, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm cód iompair a úsáid.

4.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais freagrach as slándáil na sonraí a fhaigheann sé.

Airteagal 20

Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann

1.   Déanfaidh sealbhóirí sonraí seachas micrifhiontair agus fiontair bheaga, na sonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí de bhun Airteagal 15(1), pointe (a), a chur ar fáil saor in aisce. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó an comhlacht de chuid an Aontais a fuair sonraí admháil phoiblí a thabhairt do shealbhóir na sonraí má iarrann sealbhóir na sonraí amhlaidh.

2.   Beidh an sealbhóir sonraí i dteideal cúiteamh cóir as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b) á comhlíonadh. Le cúiteamh den sórt sin, clúdófar na costais theicniúla agus eagraíochtúla a tabhaíodh i dtaca leis an iarraidh a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na costais maidir le hanaithnidiú, bréagainmniú, comhiomlánú agus oiriúnú teicniúil, agus móide corrlach réasúnta. Arna iarraidh sin don chomhlacht earnála poiblí, don choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais, soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis ar bhonn ríomh na gcostas agus an chorrlaigh réasúnta.

3.   Chomh maith leis sin, bheidh feidhm ag mír 2 i gcás ina n-éilíonn micrifhiontar agus fiontar beag cúiteamh as sonraí a chur ar fáil.

4.   Ní bheidh sealbhóirí sonraí i dteideal cúitimh as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b), á comhlíonadh, i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don choimisiún i gcás nach gceadaítear faoin dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh.

5.   I gcás ina n-easaontóidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais maidir leis an leibhéal cúitimh a d’iarr an sealbhóir sonraí, féadfaidh siad gearán a thaisceadh leis an údaráis inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 21

Sonraí a fhaightear i gcomhthéacs riachtanas eisceachtúil a chomhroinnt le heagraíochtaí taighde nó le comhlachtaí staidrimh

1.   Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais i dteideal sonraí a fhaightear faoin gCaibidil seo a chomhroinnt:

(a)

le daoine aonair nó le heagraíochtaí d’fhonn taighde eolaíoch nó anailísíocht a dhéanamh atá comhoiriúnach leis an gcuspóir ar iarradh na sonraí; nó

(b)

le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus Eurostat chun staidreamh oifigiúil a sholáthair.

2.   Gníomhóidh na daoine aonair nó na heagraíochtaí a gheobhaidh na sonraí de bhun mhír 1 ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misin leasa phoiblí atá aitheanta i ndlí an Aontais nó i ndlí náisiúnta. Ní áireofar orthu eagraíochtaí a bhfuil tionchar suntasach ag gnóthais tráchtála orthu, ar dóigh dóibh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh orthu.

3.   Comhlíonfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na hoibleagáidí céanna atá infheidhme maidir leis na comhlachtaí earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí de chuid an Aontais de bhun Airteagal 17(3) agus Airteagal 19.

4.   D’ainneoin Airteagal 19(1), pointe (c), féadfaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a fhaigheann na sonraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo na sonraí arna bhfáil chun na críche ar iarradh na sonraí ina leith a choinneáil ar feadh suas le 6 mhí tar éis do na comhlachtaí earnála poiblí, don choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach agus do chomhlachtaí de chuid an Aontais na sonraí a léirscriosadh.

5.   I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag comhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais sonraí a tharchur nó a chur ar fáil faoi mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra gan mhoill mhíchuí don sealbhóir sonraí óna bhfuarthas na sonraí, agus luafaidh sé céannacht agus sonraí teagmhála na heagraíochta nó an duine aonair a fhaigheann na sonraí, an cuspóir atá leis na sonraí a tharchur nó a chur ar fáil, an tréimhse ar lena linn a bheidh na sonraí le húsáid agus na bearta teicniúla cosanta agus eagraíochtúla a rinneadh, lena n-áirítear i gcás ina mbeidh sonraí pearsanta nó rúin trádála i gceist. I gcás nach n-aontaíonn an sealbhóir sonraí le tarchur nó le cur ar fáil sonraí, féadfaidh sé gearán a dhéanamh leis an údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

Airteagal 29

Muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile

1.   Ón 12 Eanáir 2027, ní ghearrfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí aon mhuirir mhalartaithe ar an gcustaiméir ar an bpróiseas malartaithe.

2.   Ón 11 Eanáir 2024 go dtí an 12 Eanáir 2027 féadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí muirir mhalartaithe laghdaithe a fhorchur ar an gcustaiméir as an bpróiseas malartaithe.

3.   Ní rachaidh na muirir mhalartaithe laghdaithe dá dtagraítear i mír 2 thar na costais a thabhaíonn an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí a bhfuil nasc díreach acu leis an bpróiseas malartaithe lena mbaineann.

4.   Sula ndéanfaidh siad conradh le custaiméir, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis shoiléir ar fáil don chustaiméir ionchasach maidir leis na táillí caighdeánacha seirbhíse agus na pionóis luathfhoirceannta a d’fhéadfaí a fhorchur, chomh maith leis na muirir mhalartaithe laghdaithe a d’fhéadfaí a fhorchur le linn na tréimhse ama dá dtagraítear i mír 2.

5.   I gcás inarb ábhartha, cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí faisnéis ar fáil do chustaiméir maidir le seirbhísí próiseála sonraí lena mbaineann malartú an-chasta nó an-chostasach nó seirbhísí a bhfuil sé dodhéanta aistriú ina leith gan cur isteach suntasach ar ailtireacht na sonraí, na sócmhainní digiteacha nó na seirbhíse.

6.   I gcás inarb infheidhme, cuirfidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 ar fáil go poiblí do chustaiméirí trí roinn thiomnaithe dá suíomh gréasáin nó ar aon bhealach eile atá inrochtana go héasca.

7.   Tugtar de chumhacht don choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shásra faireacháin a bhunú don choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar mhuirir mhalartaithe, arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí ar an margadh chun a áirithiú go ndéanfar na muirir mhalartaithe a tharraingt siar agus a laghdú, de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i gcomhréir leis na spriocdhátaí a leagtar síos sna míreanna sin.

Airteagal 32

Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta leordhóthanacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla uile, lena n-áirítear conarthaí, chun cosc a chur ar rochtain agus aistriú rialtais idirnáisiúnta nó tríú tír ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte tríú thír nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san Aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú mar sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.

Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó i mír 3, soláthróidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an t-íosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, ar bhonn léirmhíniú réasúnta an tsoláthraí nó an chomhlachta nó an údaráis náisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar an iarraidh sin.

5.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás tríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

IDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 33

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí

1.   Rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile, comhlíonfaidh siad na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas chun idir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a éascú, ar creataí idir-inoibritheacht sainchuspóireacha nó earnála nó trasearnála do chaighdeáin agus do chleachtais choiteanna iad chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a fhorbairt:

(a)

I gcás inarb infheidhme, déanfar tuairisc leordhóthanach ar inneachar an tacair sonraí, ar shrianta úsáide, ar cheadúnais, ar mhodheolaíocht bailithe sonraí, ar cháilíocht agus ar neamhchinnteacht sonraí i bhformáid mheaisín-inléite ionas go mbeidh an faighteoir in ann na sonraí a aimsiú, a rochtain agus a úsáid;

(b)

I gcás go mbeidh fáil orthu, déanfar tuairisc ar struchtúir sonraí, formáidí sonraí, stóir focal, scéimeanna aicmithe, tacsanomaíochtaí agus códliostaí ar bhealach comhsheasmhach atá ar fáil go poiblí;

(c)

déanfar tuairisc leordhóthanach ar na modhanna teicniúla chun rochtain a fháil ar na sonraí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus cáilíocht a seirbhíse le gur féidir sonraí a rochtain agus a tharchur go huathoibríoch idir páirtithe, lena n-áirítear go leanúnach, in oll-íoslódáil, nó i bhfíor-am, i bhformáid mheaisín-inléite i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus nach gcuireann sé isteach ar dhea-fheidhmiú an táirge nasctha;

(d)

i gcás inarb infheidhme, soláthrófar na modhanna chun idir-inoibritheacht uirlisí a chumasú chun feidhmiú comhaontuithe comhroinnte sonraí a uathoibriú, amhail conarthaí cliste.

D’fhéadfadh cineál cineálach a bheith ag baint leis na ceanglais sin nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha ar leith, agus an t-idirghaol le ceanglais a thagann ó dhlí eile de chuid an Aontais nó ó dhlí náisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán.

2.   Tugtar de chumhacht don choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, i ndáil leis na ceanglais sin nach féidir, de bharr a gcineáil, an éifeacht bheartaithe a bheith acu mura ndéanfar iad a shonrú tuilleadh i ngníomhartha dlí ceangailteacha de chuid an Aontais agus chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú i gceart.

Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún comhairle EDIB i gcomhréir le hAirteagal 42, pointe (c)(iii) san áireamh.

3.   Measfar go bhfuil rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, agus a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin choimhchuibhithe sin nó le codanna díobh.

4.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus:

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).

6.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 5 den Airteagal seo comhlíonta.

7.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

8.   Na rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 nó codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

9.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don choimisiún chun críche a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nó codanna díobh a chumhdaíonn na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

10.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

11.   Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh agus an togra ó EDIB á chur san áireamh aige i gcomhréir le hAirteagal 30, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/868 lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna sonraí Eorpacha.

Airteagal 36

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le conarthaí cliste chun socruithe chomhroinnte sonraí a fhorghníomhú

1.   Díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar, leis na conarthaí cliste sin, na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

stóinseacht agus rialú rochtana, chun a áirithiú go bhfuil an conradh cliste deartha chun sásraí rialaithe rochtana agus leibhéal an-ard stóinseachta a thairiscint chun earráidí feidhmiúla a sheachaint agus chun ionramháil ag tríú páirtithe a sheasamh;

(b)

foirceannadh agus briseadh sábháilte, chun a áirithiú go bhfuil sásra ann chun deireadh a chur le forghníomhú leanúnach na n-idirbheart agus go n-áirítear sa chonradh cliste feidhmeanna inmheánacha lenar féidir an conradh a athshocrú nó a threorú chun an oibríocht a stopadh nó a bhriseadh, go háirithe chun forghníomhú tionóisceach amach anseo a sheachaint;

(c)

cartlannú agus leanúnachas sonraí chun a áirithiú go mbeidh féidearthacht ann, in imthosca inar gá conradh cliste a fhoirceannadh nó a dhíghníomhachtú, na sonraí idirbhirt, an loighice agus cód chonartha chliste a chartlannú chun taifead a choinneáil ar na hoibríochtaí a rinneadh ar na sonraí san am a chuaigh thart (in-iniúchóireacht);

(d)

rialú rochtana, chun a áirithiú go ndéantar conradh cliste a chosaint trí bhíthin sásraí rialaithe rochtana diana ag na sraitheanna rialachais agus ag na sraitheanna conartha cliste; agus

(e)

comhsheasmhacht, chun comhsheasmhacht a áirithiú le téarmaí an chomhaontaithe comhroinnte sonraí a chuirtear i gcrích leis an gconradh cliste.

2.   Díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, déanfaidh sé measúnú comhréireachta d’fhonn na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh agus, ar chomhlíonadh na gceanglas sin, eiseoidh sé dearbhú comhréireachta AE.

3.   Tríd an dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas, maidir leis an díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird, a ghnó nó a ghairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, beidh sé freagrach as na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh.

4.   Toimhdeofar conradh cliste lena gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na codanna ábhartha díobh a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le caighdeáin chomhchuibhithe den sórt sin nó le codanna díobh.

5.   Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.

6.   Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíonfar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus;

(i)

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii)

nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii)

nach gcomhlíontar na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus

(b)

nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 67(2).

7.   Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 6 den Airteagal seo comhlíonta.

8.   Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.

9.   Maidir le díoltóir conartha chliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste a imscaradh do dhaoine eile i gcomhthéacs comhaontuithe maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, lena gcomhlíontar na sonraíochtaí arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 nó le codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.

10.   I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí é don choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nó codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.

11.   Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

CAIBIDIL IX

CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 40

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 12 Meán Fómhair 2025, fógra a thabhairt don choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh. Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú tráthrialta agus cothabháil tráthrialta ar chlár poiblí, a mbeidh rochtain éasca air, de na bearta sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na moltaí ó EDIB agus na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;

(d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith imthosca an cháis;

(f)

láimhdeachas bliantúil an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san Aontas.

4.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

5.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.

Airteagal 42

Ról EDIB

Tacóidh EDIB arna bhunú ag an gCoimisiún mar shainghrúpa de bhun Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2022/868, ina ndéanfar ionadaíocht d’údaráis inniúla, le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir le cleachtas comhsheasmhach a fhorbairt d’údaráis inniúla i bhforfheidhmiú Chaibidlí II, III, V agus VII;

(b)

comhar idir údaráis inniúla a éascú trí fhothú acmhainneachta agus malartú faisnéise, go háirithe trí mhodhanna a bhunú chun faisnéis a mhalartú go héifeachtúil a bhaineann le forfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí faoi Chaibidlí II, III agus V i gcásanna trasteorann, lena n-áirítear comhordú maidir le pionóis a shocrú;

(c)

comhairle agus cúnamh a thabhairt don choimisiún maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

cé acu a iarrfar nó nach n-iarrfar go ndréachtófaí caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 33(4), Airteagal 35(4) agus Airteagal 36(5);

(ii)

ullmhú na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 33(5), Airteagal 35(5) agus (8) agus Airteagal 36(6);

(iii)

ullmhú na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2); agus

(iv)

glacadh na dtreoirlínte lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna Eorpacha sonraí dá dtagraítear in Airteagal 33(11).

CAIBIDIL X

CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE

Airteagal 45

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2) a thabhairt don choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ón 11 Eanáir 2024.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 29(7) agus Airteagal 33(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó dáta níos faide anonn a shonraítear ann. Ní dhéanfar leis difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 29(7) nó Airteagal 33(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 46

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/868 cúnamh don choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 49

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Sa mheastóireacht sin, déanfar measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

cásanna a mheasfar a bheith ina staideanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil chun críoch Airteagal 15 den Rialachán seo agus chun Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcleachtas, go háirithe an taithí maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo ag comhlachtaí earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag comhlachtaí de chuid an Aontais; líon agus toradh na n-imeachtaí arna dtabhairt don údarás inniúil faoi Airteagal 18(5) maidir le cur i bhfeidhm Chaibidil V den Rialachán seo, arna dtuairisciú ag na húdaráis inniúla; tionchar oibleagáidí eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta chun iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a chomhlíonadh; tionchar sásraí deonacha um chomhroinnt sonraí, amhail na sásraí sin arna gcur i bhfeidhm ag eagraíochtaí altrúchais ó thaobh sonraí de a aithnítear faoi Rialachán (AE) 2022/868, maidir le cuspóirí Chaibidil V den Rialachán seo a bhaint amach, agus ról na sonraí pearsanta i gcomhthéacs Airteagal 15 den Rialachán seo, lena n-áirítear éabhlóid na dteicneolaíochtaí chun príobháideachas a fheabhsú;

(b)

tionchar an Rialacháin seo ar úsáid sonraí sa gheilleagar, lena n-áirítear ar nuálaíocht sonraí, ar chleachtais um luach airgid a chur ar shonraí agus ar sheirbhísí idirghabhála sonraí, chomh maith le comhroinnt sonraí laistigh de na spásanna coiteanna Eorpacha sonraí;

(c)

inrochtaineacht agus úsáid catagóirí agus cineálacha éagsúla sonraí;

(d)

catagóirí áirithe fiontar a eisiamh mar thairbhithe faoi Airteagal 5;

(e)

easpa aon tionchair ar chearta maoine intleachtúla;

(f)

an tionchar ar rúin trádála, lena n-áirítear ar an gcosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, chomh maith le tionchar an tsásra lena gceadaítear don sealbhóir sonraí diúltú d’iarraidh an úsáideora faoi Airteagal 4(8) agus Airteagal 5(11), agus aon athbhreithniú ar Threoir (AE) 2016/943, á chur san áireamh, a mhéid is féidir;

(g)

an bhfuil an liosta de théarmaí conarthacha éagóracha dá dtagraítear in Airteagal 13 cothrom le dáta i bhfianaise cleachtais nua ghnó agus luas tapa na nuálaíochta margaidh;

(h)

athruithe ar chleachtais chonarthacha soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí agus cé acu is leor nó nach leor an méid sin chun Airteagal 25 a chomhlíonadh;

(i)

an laghdú ar mhuirir arna bhforchur ag soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí don phróiseas malartaithe, i gcomhréir le muirir mhalartaithe a tharraingt siar de réir a chéile de bhun Airteagal 29;

(j)

idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais atá ábhartha don gheilleagar sonraí;

(k)

rochtain rialtais neamhdhleathach ar shonraí neamhphearsanta a chosc;

(l)

éifeachtúlacht an chórais forfheidhmiúcháin a cheanglaítear faoi Airteagal 37;

(m)

tionchar an Rialacháin seo ar FBManna i ndáil lena n-acmhainneacht nuálaíochta agus le hinfhaighteacht seirbhísí próiseála sonraí d’úsáideoirí san Aontas agus an t-ualach a bhaineann le hoibleagáidí nua a chomhlíonadh.

2.   Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den Aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.

3.   Soláthróidh na Ballstáit don choimisiún an fhaisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ullmhú.

4.   Ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Rialachán seo a leasú.


whereas









keyboard_arrow_down