keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA
BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf
- 1 Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II
COMHROINNT SONRAÍ GNÓLACHT LE TOMHALTÓIR AGUS GNÓLACHT LE GNÓLACHT
CAIBIDIL III
OIBLEAGÁIDÍ AR SHEALBHÓIRÍ SONRAÍ A BHFUIL OIBLEAGÁID ORTHU SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DE BHUN DHLÍ AN AONTAIS
CAIBIDIL IV
TÉARMAÍ CONARTHACHA ÉAGÓRACHA A BHAINEANN LE ROCHTAIN AR SHONRAÍ AGUS ÚSÁID SONRAÍ IDIR FIONTAIR
CAIBIDIL V
SONRAÍ A CHUR AR FÁIL DO NA COMHLACHTAÍ EARNÁLA POIBLÍ, DON CHOIMISIÚN, DON BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS DO CHOMHLACHTAÍ DE CHUID AN AONTAIS AR BHONN RIACHTANAIS EISCEACHTÚIL
CAIBIDIL VI
AISTRIÚ IDIR SEIRBHÍSÍ PRÓISEÁLA SONRAÍ
CAIBIDIL VII
ROCHTAIN RIALTASACH IDIRNÁISIÚNTA NEAMHDHLEATHACH AGUS AISTRIÚ SONRAÍ NEAMHPHEARSANTA
CAIBIDIL VIII
IDIR-INOIBRITHEACHT
CAIBIDIL IX
CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ
CAIBIDIL X
CEART SUI GENERIS FAOI THREOIR 96/9/CE
CAIBIDIL XI
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
- sonraí 15
- agus 9
- cúiteamh 6
- gcás 6
- leis 5
- sealbhóir 5
- airteagal 5
- bhun 4
- iarraidh 4
- arna 4
- comhlacht 4
- fáil 4
- chur 4
- aontais 3
- chuid 3
- poiblí 3
- earnála 3
- pointe 3
- dlí 2
- bheidh 2
- oifigiúil 2
- dteideal 2
- staidreamh 2
- gceadaítear 2
- déanamh 2
- cúitimh 2
- choimisiún 2
- náisiúnta 2
- comhlíonadh 2
- costais 2
- cheannach 2
- chomhlacht 2
- réasúnta 2
- nach 2
- maidir 2
- tháirgeadh 2
- inarb 2
- coimisiún 2
- bhfuil 2
- sealbhóirí 2
- chun 2
- phoiblí 2
- sonrach 1
- seachas 1
- micrifhiontair 1
- phobail 1
- leas 1
- mhaithe 1
- dhéantar 1
- admháil 1
Airteagal 20
Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
1. Déanfaidh sealbhóirí sonraí seachas micrifhiontair agus fiontair bheaga, na sonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí de bhun Airteagal 15(1), pointe (a), a chur ar fáil saor in aisce. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó an comhlacht de chuid an Aontais a fuair sonraí admháil phoiblí a thabhairt do shealbhóir na sonraí má iarrann sealbhóir na sonraí amhlaidh.
2. Beidh an sealbhóir sonraí i dteideal cúiteamh cóir as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b) á comhlíonadh. Le cúiteamh den sórt sin, clúdófar na costais theicniúla agus eagraíochtúla a tabhaíodh i dtaca leis an iarraidh a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na costais maidir le hanaithnidiú, bréagainmniú, comhiomlánú agus oiriúnú teicniúil, agus móide corrlach réasúnta. Arna iarraidh sin don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais, soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis ar bhonn ríomh na gcostas agus an chorrlaigh réasúnta.
3. Chomh maith leis sin, bheidh feidhm ag mír 2 i gcás ina n-éilíonn micrifhiontar agus fiontar beag cúiteamh as sonraí a chur ar fáil.
4. Ní bheidh sealbhóirí sonraí i dteideal cúitimh as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b), á comhlíonadh, i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i gcás nach gceadaítear faoin dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh.
5. I gcás ina n-easaontóidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais maidir leis an leibhéal cúitimh a d’iarr an sealbhóir sonraí, féadfaidh siad gearán a thaisceadh leis an údaráis inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.
whereas