search


keyboard_tab Data Act 2023/2854 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2023/2854 GA cercato: 'éifeachtach' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index éifeachtach:


whereas éifeachtach:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 1002

 

Airteagal 10

Díospóidí a réiteach

1.   Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.

2.   Cuirfidh na comhlachtaí um réiteach díospóidí na táillí, nó na sásraí a úsáidtear chun na táillí a chinneadh, in iúl do na páirtithe lena mbaineann sula n-iarrfaidh na páirtithe sin cinneadh.

3.   I gcás díospóidí a tharchuirtear chuig comhlacht um réiteach díospóidí de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12), i gcás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an úsáideora nó an fhaighteora sonraí, is faoin sealbhóir sonraí a bheidh sé na táillí uile a ghearrfaidh an comhlacht um réiteach díospóidí a íoc agus is faoisean a bheidh sé aon chostais réasúnacha a thabhaigh sé i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc leis an úsáideoir nó an faighteoir sonraí sin. I gcás ina chinneann an comhlacht um réiteach díospóidí díospóid i bhfabhar an tsealbhóra sonraí, ní bheidh de cheangal ar an úsáideoir ná ar an bhfaighteoir sonraí aon táille ná costas a d’íoc an sealbhóir sonraí ná atá le híoc aige nó aici i ndáil leis an réiteach díospóide a aisíoc, cé is moite de chás ina gcinneann an comhlacht um réiteach díospóidí gur go follasach a ghníomhaigh an t-úsáideoir nó an faighteoir sonraí de mheon mímhacánta.

4.   Beidh rochtain ag custaiméirí agus ag soláthraithe seirbhísí um phróiseáil sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach i ndáil le sáruithe ar chearta custaiméirí agus ar oibleagáidí soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagail 23 go 31.

5.   Déanfaidh an Ballstát inar bunaíodh an comhlacht um réiteach díospóidí, arna iarraidh sin don chomhlacht sin, an comhlacht sin a dheimhniú, i gcás inar léirigh sé go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:

(a)

go bhfuil sé neamhchlaonta agus neamhspleách, agus tá sé lena chuid cinntí a eisiúint i gcomhréir le rialacha nós imeachta atá soiléir, cóir, agus neamh-idirdhealaitheach;

(b)

go bhfuil an saineolas is gá aige, go háirithe i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha, cúiteamh san áireamh, agus i ndáil le sonraí a chur ar fáil ar bhealach trédhearcach, rud a chuirfidh ar chumas an chomhlachta na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinneadh go héifeachtach;

(c)

go bhfuil rochtain éasca air trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí;

(d)

go bhfuil sé in ann a cinntí a ghlacadh ar bhealach atá tapa, éifeachtúil, costéifeachtach, i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais ar a laghad.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na comhlachtaí um réiteach díospóide arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 5. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí sin ar shuíomh gréasáin tiomnaithe agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

7.   Diúltóidh comhlacht um réiteach díospóidí déileáil le hiarraidh chun díospóid a réiteach a tugadh os comhair comhlachta eile um réiteach díospóidí nó os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit.

8.   Tabharfaidh comhlacht um réiteach díospóidí an fhéidearthacht do pháirtithe barúlacha a thabhairt taobh istigh d'achar réasúnta ama maidir le ceisteanna a thug na páirtithe sin os comhair an chomhlachta sin cheana. Sa chomhthéacs sin, cuirfear aighneachtaí an pháirtí eile ina ndíospóid agus aon ráitis ó shaineolaithe ar fáil do gach páirtí i ndíospóid. Tabharfar an fhéidearthacht do na páirtithe barúlacha a thabhairt maidir leis na haighneachtaí agus na ráitis sin.

9.   Glacfaidh comhlacht um réiteach díospóidí a chinneadh maidir le hábhar a tharchuirfear chuige laistigh de 90 lá tar éis dó iarraidh de bhun mhíreanna 1 agus 4 a fháil.. Is i scríbhinn nó ar mheán marthanach a bheidh an cinneadh sin agus beidh ráiteas ar na cúiseanna atáthar ag tacú le gach cinneadh ag gabháil leis an gcinneadh sin.

10.   Déanfaidh comhlachtaí um réiteach díospóidí na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí. Áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas go háirithe:

(a)

comhiomlánú thorthaí na ndíospóidí;

(b)

an meánam a tógadh chun díospóidí a réiteach;

(c)

na cúiseanna is coitianta le díospóidí.

11.   D’fhonn malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú, féadfaidh comhlacht poiblí um réiteach díospóidí a chinneadh moltaí a chur san áireamh sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 10 maidir le conas is féidir fadhbanna a sheachaint nó a réiteach.

12.   Ní bheidh cinneadh an chomhlachta um réiteach díospóide ina cheangal ar na páirtithe ach amháin más rud é gur thoiligh na páirtithe go sainráite lena chineál ceangailteach sula gcuirfear tús leis na himeachtaí um réiteach díospóide.

13.   Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do cheart na bpáirtithe leigheas éifeachtach a lorg os comhair cúirte ná binse de chuid Ballstáit.

Airteagal 15

Riachtanas eisceachtúil le sonraí a úsáid

1.   Beidh gá eisceachtúil le sonraí áirithe a úsáid de réir bhrí na Caibidle seo teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de agus measfar gurb ann dó amháin in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil gá leis na sonraí a iarrtar chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus nach bhfuil an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach ná comhlacht de chuid an Aontais in ann na sonraí sin a fháil ar bhealaí malartacha ar bhealach tráthúil agus éifeachtach faoi choinníollacha coibhéiseacha;

(b)

in imthosca nach gcumhdaítear le pointe (a) agus a mhéid a bhaineann le sonraí neamhphearsanta amháin, sna cásanna seo a leanas:

(i)

tá comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais ag gníomhú ar bhonn dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus tá sonraí sonracha sainaitheanta aige, ar sonraí iad a chuireann cosc air cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail a chomhlíonadh, dá bhforáiltear go sainráite sa dlí, amhail staidrimh oifigiúla a tháirgeadh nó maolú nó téarnamh ó éigeandáil phoiblí; agus

(ii)

go bhfuil gach modh eile atá ar fáil dó ídithe ag an gcomhlacht earnála poiblí, ag an gCoimisiún, ag an mBanc Ceannais Eorpach nó ag comhlacht de chuid an Aontais chun na sonraí sin a fháil, lena n-áirítear sonraí neamhphearsanta a cheannach ar an margadh trí rátaí margaidh a thairiscint, nó trí bhrath ar oibleagáidí atá ann cheana maidir le sonraí a chur ar fáil nó trí bhearta reachtacha nua a ghlacadh lena bhféadfaí infhaighteacht thráthúil na sonraí a ráthú.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1, pointe (b), maidir le micrifhiontair ná fiontair bheaga.

3.   Ní bheidh feidhm leis an oibleagáid a léiriú nach raibh an comhlacht earnála poiblí in ann sonraí neamhphearsanta a fháil trína gceannach ar an margadh i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta sonraí den sórt sin a cheannach.

Airteagal 23

Deireadh a chur le bacainní ar mhalartú éifeachtach

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 25, 26, 27, 29 agus 30 chun a chur ar chumas custaiméirí malartú chuig seirbhís próiseála sonraí, lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse, a sholáthraíonn soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó, chuig bonneagar TFC san áitreabh, nó, i gcás inarb ábhartha, chun roinnt soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a úsáid ag an am céanna. Go háirithe, ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí bacainní, réamhthráchtála, tráchtála, teicniúla, conarthacha agus eagraíochtúla a fhorchur agus a bhaint, ar bacainní iad a chuireann bac ar chustaiméirí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)

conradh na seirbhíse próiseála sonraí a fhoirceannadh, tar éis na huastréimhse fógra agus bailchríoch rathúil a chur ar an bpróiseas malartaithe, i gcomhréir le hAirteagal 25;

(b)

conarthaí nua a thabhairt i gcrích le soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí a chumhdaíonn an cineál céanna seirbhíse;

(c)

sonraí agus sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe an chustaiméara a phortáil chuig soláthraí eile seirbhísí próiseála sonraí nó chuig bonneagar TFC san áitreabh, lena n-áirítear tar éis tairbhe a bhaint as tairiscint saor in aisce;

(d)

i gcomhréir le hAirteagal 24, coibhéis fheidhmiúil a bhaint amach in úsáid na seirbhíse nua próiseála sonraí i dtimpeallacht TFC de chuid soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse.

(e)

seirbhísí próiseála sonraí dá dtagraítear in Airteagal 30(1) a dhíchuachadh, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, ó sheirbhísí próiseála sonraí eile arna soláthar ag soláthraí seirbhísí próiseála sonraí.

Airteagal 25

Téarmaí conarthacha a bhaineann le malartú éifeachtach

1.   Maidir le cearta an chustaiméara agus oibleagáidí an tsoláthraí seirbhísí próiseála sonraí i ndáil le malartú idir soláthraithe na seirbhísí sin nó, i gcás inarb infheidhme, chuig bonneagar TFC san áitreabh, leagfar amach go soiléir iad i gconradh i scríbhinn. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an conradh sin ar fáil don chustaiméir sula síneofar an conradh ar bhealach a scaoileann leis an gcustaiméir an conradh a stóráil agus a atáirgeadh.

2.   Gan dochar do Threoir (AE) 2019/770, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

clásail lena gceadaítear don chustaiméir, arna iarraidh sin dó, malartú chuig seirbhís próiseála sonraí a thairgeann soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí nó na sonraí agus na sócmhainní digiteacha in-onnmhairithe uile a phortáil chuig bonneagar TFC san áitreabh, gan moill mhíchuí agus in aon chás tráth nach déanaí ná an idirthréimhse uasta éigeantach 30 lá féilire, a thosófar tar éis na huastréimhse fógra dá dtagraítear i bpointe (d), ar lena linn a bhfuil an conradh seirbhíse fós infheidhme agus ar lena linn a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an méid seo a leanas:

(i)

cúnamh réasúnach a sholáthar don chustaiméir agus do na tríú páirtithe atá údaraithe ag an gcustaiméir sa phróiseas malartaithe;

(ii)

gníomhú le cúram cuí chun leanúnachas gnó a chothabháil, agus leanúint de na feidhmeanna nó na seirbhísí faoin gconradh a sholáthar;

(iii)

faisnéis shoiléir a sholáthar maidir le rioscaí aitheanta do leanúnachas i soláthar na bhfeidhmeanna nó na seirbhísí ar thaobh sholáthraí foinseach na seirbhísí próiseála sonraí;

(iv)

a áirithiú go gcoinneofar ardleibhéal slándála le linn an phróisis malartaithe, go háirithe slándáil na sonraí le linn a n-aistrithe agus slándáil leanúnach na sonraí le linn na tréimhse aisghabhála a shonraítear i bpointe (g), i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(b)

oibleagáid ar sholáthraí na seirbhísí próiseála sonraí tacú le straitéis scoir an chustaiméara atá ábhartha do na seirbhísí atá ar conradh, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a sholáthar;

(c)

clásal ina sonraítear go measfar an conradh a bheith foirceanta agus go dtabharfar fógra don chustaiméir faoin bhfoirceannadh, i gceann de na cásanna seo a leanas:

(i)

i gcás inarb infheidhme, ar an bpróiseas malartaithe a thabhairt chun críche go rathúil;

(ii)

i ndeireadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír (d), i gcás nach mian leis an gcustaiméir athrú ach a shonraí in-onnmhairithe agus sócmhainní digiteacha a scriosadh ar fhoirceannadh seirbhíse;

(d)

uastréimhse fógra chun an próiseas malartaithe a thionscnamh, tréimhse nach faide ná dhá mhí;

(e)

sonraíocht uileghabhálach ar na catagóirí uile sonraí agus sócmhainní feidhmchláir is féidir a phortáil le linn an phróisis malartaithe, lena n-áirítear, ar a laghad, na sonraí uile in-onnmhairithe;

(f)

sonraíocht uileghabhálach ar chatagóirí sonraí a bhaineann go sonrach le feidhmiú inmheánach sheirbhís próiseála sonraí an tsoláthraí atá le díolmhú ó na sonraí in-onnmhairithe faoi phointe (e) den mhír seo i gcás ina bhfuil riosca ann go sárófar rúin trádála an tsoláthraí, ar choinníoll nach gcuireann díolúintí den sórt sin bac ná moill ar an bpróiseas aistrithe dá bhforáiltear in Airteagal 23, pointe (c);

(g)

íostréimhse 30 lá féilire ar a laghad chun sonraí a aisghabháil, ag tosú tar éis fhoirceannadh na hidirthréimhse a comhaontaíodh idir an custaiméir agus an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí, i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, agus mír 4;

(h)

clásal lena ráthaítear léirscriosadh iomlán na sonraí in-onnmhairithe agus na sócmhainní digiteacha arna nginiúint go díreach ag an gcustaiméir, nó a bhaineann leis an gcustaiméir go díreach, tar éis dhul in éag na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g) nó tar éis dul in éag tréimhse chomhaontaithe mhalartach ar dháta is déanaí ná dáta éagtha na tréimhse aisghabhála dá dtagraítear i bpointe (g), ar choinníoll go bhfuil an próiseas malartaithe curtha i gcrích go rathúil;

(i)

muirir mhalartaithe a fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 29.

3.   Áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena bhforáiltear go bhféadfaidh an custaiméir fógra a thabhairt don soláthraí seirbhísí próiseála sonraí maidir lena chinneadh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh ar fhoirceannadh na huastréimhse fógra dá dtagraítear i mír 2, pointe (d):

(a)

athrú chuig soláthraí éagsúil seirbhísí próiseála sonraí, agus sa chás sin soláthróidh an custaiméir na sonraí is gá maidir leis an soláthraí sin;

(b)

mhalartú chuig bonneagar TFC san áitreabh;

(c)

a shonraí in-onnmhairithe agus a shócmhainní digiteacha a scrios.

4.   I gcás nach bhfuil an idirthréimhse uasta éigeantach dá bhforáiltear i mír 2, pointe (a) indéanta go teicniúil, tabharfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí fógra don chustaiméir laistigh de 14 lá oibre tar éis an iarraidh ar mhalartú a dhéanamh, agus tabharfaidh sé údar cuí don neamh-indéantacht theicniúil agus léireoidh sé idirthréimhse mhalartach, nach mbeidh níos faide ná 7 mí. I gcomhréir le mír 1, áiritheofar leanúnachas iomlán seirbhíse ar feadh na hidirthréimhse malartaí.

5.   Gan dochar do mhír 4, áireofar sa chonradh dá dtagraítear i mír 1, clásail lena dtugtar an ceart don chustaiméir síneadh a chur leis an idirthréimhse uair amháin ar feadh tréimhse a mheasann an custaiméir a bheith níos iomchuí chun a chríocha féin.

Airteagal 27

Oibleagáid de mheon macánta

Comhoibreoidh na páirtithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear soláthraithe cinn scríbe seirbhísí próiseála sonraí, de mheon macánta chun an próiseas malartaithe a dhéanamh éifeachtach, chun aistriú tráthúil na sonraí a chumasú agus chun leanúnachas na seirbhíse próiseála sonraí a choinneáil.

Airteagal 32

Rochtain rialtasach idirnáisiúnta agus aistriú

1.   Déanfaidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí na bearta leordhóthanacha teicniúla, eagraíochtúla agus dlíthiúla uile, lena n-áirítear conarthaí, chun cosc a chur ar rochtain agus aistriú rialtais idirnáisiúnta nó tríú tír ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, gan dochar do mhír 2 nó 3.

2.   Aon chinneadh nó breithiúnas cúirte tríú thír nó binse agus aon chinneadh ó údarás riaracháin tríú tíre a cheanglaíonn ar sholáthraí seirbhísí próiseála sonraí aistriú ó shonraí neamhphearsanta san Aontas nó na sonraí neamhphearsanta sin a nochtadh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ní aithneofar é ná ní bheidh sé in-fhorfheidhmithe ar aon bhealach ach amháin má tá sé bunaithe ar chomhaontú idirnáisiúnta, amhail conradh i ndáil le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach, atá i bhfeidhm idir an tríú tír iarrthach agus an tAontas nó aon chomhaontú mar sin idir an tríú tír iarrthach agus Ballstát.

3.   In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a)

ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;

(b)

tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus

(c)

tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.

Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   Má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 nó i mír 3, soláthróidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí an t-íosmhéid sonraí is incheadaithe mar fhreagairt ar iarraidh, ar bhonn léirmhíniú réasúnta an tsoláthraí nó an chomhlachta nó an údaráis náisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 3, an dara fomhír, ar an iarraidh sin.

5.   Cuirfidh an soláthraí seirbhísí próiseála sonraí an custaiméir ar an eolas gurb ann d’iarraidh ó údarás tríú tír rochtain a fháil ar a chuid sonraí sula gcomhlíonfaidh sé an iarraidh sin, seachas i gcásanna ina bhfónann an iarraidh chun críocha fhorghníomhú an dlí agus a fhad is gá sin chun éifeachtacht na gníomhaíochta forghníomhaithe dlí a chaomhnú.

CAIBIDIL VIII

IDIR-INOIBRITHEACHT

Airteagal 37

Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

2.   I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.

3.   Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.

4.   Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:

(a)

i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;

(b)

beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:

(a)

feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;

(b)

gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;

(c)

imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;

(d)

pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;

(e)

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;

(f)

oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;

(g)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;

(h)

oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

(i)

a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;

(j)

scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.

I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.

6.   Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:

(a)

gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(b)

a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;

(c)

an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).

7.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.

8.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.

10.   Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

11.   Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.

12.   Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.

13.   Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.

14.   Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.

15.   I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.

16.   Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.

Airteagal 38

Ceart chun gearán a dhéanamh

1.   Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó breithiúnach eile, beidh sé de cheart ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha gearán a dhéanamh, ina n-aonar nó, i gcás inarb ábhartha, i dteannta a chéile, leis an údarás inniúil ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu, ina bhfuil a n-ionad oibre nó a n-áit bhunaithe má mheasann siad gur sáraíodh a gcearta faoin Rialachán seo. Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, arna iarraidh sin, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha chun a ngearáin a dhéanamh leis an údarás inniúil iomchuí.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil ar taisceadh an gearán leis an gearánach ar an eolas, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir le dul chun cinn na n-imeachtaí agus maidir leis an gcinneadh a rinneadh.

3.   Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar chun gearáin a láimhseáil agus a réiteach go héifeachtach agus ar bhealach tráthúil, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí. Ní dhéanfaidh an comhar seo difear don sásraí comhair dá bhforáiltear i gCaibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679 agus le Rialachán (AE) 2017/2394.

Airteagal 39

Ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach

1.   D’ainneoin aon leigheas riaracháin nó aon leigheas neamhbhreithiúnach eile, beidh ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach dá ndéantar difear an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i ndáil le cinntí atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a dhéanann údaráis inniúla.

2.   I gcás ina dteipeann ar údarás inniúil gníomhú i ndáil le gearán, beidh an ceart ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach dá ndéantar difear, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil nó rochtain a fháil ar athbhreithniú ag comhlacht neamhchlaonta a bhfuil an saineolas iomchuí aige.

3.   Déanfar imeachtaí de bhun an Airteagail seo a thabhairt os comhair chúirteanna nó bhinsí Bhallstát an údaráis inniúil a bhfuil an leigheas breithiúnach á lorg ina choinne, ar bhonn aonair nó, i gcás inarb ábhartha, i dteannta a chéile, ag ionadaithe duine nádúrtha nó dlítheanach amháin nó níos mó.

Airteagal 40

Pionóis

1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, faoin 12 Meán Fómhair 2025, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh. Déanfaidh an Coimisiún nuashonrú tráthrialta agus cothabháil tráthrialta ar chlár poiblí, a mbeidh rochtain éasca air, de na bearta sin.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na moltaí ó EDIB agus na critéir neamh-uileghabhálacha seo a leanas maidir le pionóis a fhorchur i leith sáruithe ar an Rialachán seo:

(a)

cineál, tromchúis, scála agus fad an tsáraithe;

(b)

aon ghníomhaíocht a rinne an páirtí sáraitheach chun an damáiste a rinne an sárú a mhaolú nó a leigheas;

(c)

aon sáruithe a rinne an páirtí sáraitheach roimhe sin;

(d)

na sochair airgeadais a ghnóthaigh an páirtí sáraitheach, nó na caillteanais a sheachain sé de bharr an tsáraithe, a mhéid is féidir na sochair nó na caillteanais sin a shuí go hiontaofa;

(e)

aon toisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme i leith imthosca an cháis;

(f)

láimhdeachas bliantúil an pháirtí sháraithigh sa bhliain airgeadais roimhe sin san Aontas.

4.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus V den Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679, laistigh de raon feidhme a n-inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 83 de Rialachán (AE) 2016/679 agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 83(5) den Rialachán sin.

5.   Maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil V den Rialachán seo, féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, laistigh de raon feidhme a inniúlachta, fíneálacha riaracháin a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 66 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus suas leis an méid dá dtagraítear in Airteagal 66(3) den Rialachán sin.


whereas









keyboard_arrow_down