(2) Foráiltear le hAirteagal 26(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go nglacfaidh an tAontas bearta a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bhunú nó a áirithiú, ar ann dó limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéanfar saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú.
Foráiltear le Airteagal 169(1), agus le pointe (a) d’Airteagal 169(2) CFAE, go rannchuideodh an tAontas le hardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí trí bhíthin bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 CFAE i gcomhthéacs chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh.
Is é is aidhm leis an Treoir seo an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach agus iomaíochas fiontar a chur chun cinn, agus urraim do phrionsabal na coimhdeachta á háirithiú san am céanna.
- = -
(3) Ba cheart comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a sholáthar, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bheith mar bhonn don méid sin, chun fíormhargadh aonair digiteach a bhaint amach, deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú agus costais idirbheart a laghdú, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).
- = -
(8) Ba cheart do thomhaltóirí leas a bhaint as cearta comhchuibhithe chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar a chuireann leibhéal ard cosanta ar fáil.
Ba cheart go mbeadh cearta éigeantacha soiléire acu nuair a gheobhaidh siad ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha ó aon áit san Aontas.
Na cearta sin a bheith acu, ba cheart go méadódh sé an mhuinín atá acu ábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha a fháil.
Ba cheart freisin go rannchuideodh sé leis an díobháil a dhéantar do chustaiméirí faoi láthair a laghdú, toisc go mbeadh sraith shoiléir de chearta ann a chuirfidh ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhíonn acu maidir le hábhar digiteach nó seirbhísí digiteacha.
- = -
(9) Leis an Treoir seo, ba cheart go ndéanfaí príomhrialacha áirithe nach bhfuil rialú déanta orthu go fóill ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a chomhchuibhiú go hiomlán.
- = -
(11) Leis an Treoir seo, ba cheart go leagfaí síos rialacha comhchoiteanna maidir le ceanglais áirithe a bhaineann le conarthaí idir trádálaithe agus tomhaltóirí le haghaidh ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach a sholáthar.
Chun na críche sin, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas a chomhchuibhiú go hiomlán: rialacha maidir le comhréireacht an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití leis an gconradh, leigheasanna i gcás nach ann don chomhréireacht sin nó i gcás mainneachtain soláthair agus na modúlachtaí chun na leigheasanna sin a fheidhmiú, chomh maith le modhnú an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití.
Le rialacha atá comhchuibhithe go hiomlán i dtaca le gnéithe áirithe bunriachtanacha de dhlí na gconarthaí, d’fhéadfadh gnólachtaí, go háirithe FBManna, a gcuid táirgí a sholáthar ar bhealach níos éasca i mBallstáit eile.
Bhainfeadh tomhaltóirí tairbhe as ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus as na sochair leasa shóisialta trí rialacha a chomhchuibhiú go hiomlán.
Cuirtear bac ar na Ballstáit aon cheanglais fhoirmiúla nó shubstainteacha bhreise eile a sholáthar faoi raon feidhme na Treorach seo.
Mar shampla, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh do rialacha atá difriúil leis an méid a ndéantar foráil dó sa Treoir seo maidir le hualach an chruthúnais a aisiompú, nó d’oibleagáid a bheith ar an tomhaltóir fógra a thabhairt don trádálaí faoi easpa comhréireachta laistigh de thréimhse shonrach.
- = -
(42) Leis an ábhar digiteach nó don tseirbhís dhigiteach, ba cheart na ceanglais a comhaontaíodh idir an trádálaí agus an tomhaltóir sa chonradh a chomhlíonadh.
Ba cheart go gcomhlíonfaí leis, go háirithe, an cur síos, an chainníocht (líon na gcomhad ceoil ar féidir rochtain a fháil orthu mar shampla), an cháilíocht (an taifeach mar shampla), teanga agus an leagan a comhaontaíodh sa chonradh.
Ba cheart go n-áiritheofaí leis freisin an tslándáil, an fheidhmiúlacht, an chomhoiriúnacht, an idir-inoibritheacht agus gnéithe eile, mar a cheanglaítear leis an gconradh.
Ba cheart go n-áireofaí ar cheanglais an chonartha na cinn sin atá ann mar thoradh ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá ina dlúthchuid den chonradh i gcomhréir le Treoir 2011/83/AE.
D’fhéadfaí na ceanglais sin a leagan amach freisin i gcomhaontú leibhéal seirbhíse, i gcás, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ina mbeidh comhaontú den sórt sin ina chuid den chaidreamh conarthach idir an tomhaltóir agus an trádálaí faoin dlí náisiúnta is infheidhme.
- = -
(50) Nuair a bheidh rialacha na Treorach seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart do thrádálaithe leas a bhaint as caighdeáin, sonraíochtaí teicniúla oscailte, dea-chleachtais agus cóid iompair, lena n-áirítear i dtaca leis an bhformáid a úsáidtear go coitianta agus atá inléite ag meaisín chun an t-ábhar seachas sonraí pearsanta a aisghabháil, ábhar a chuir an tomhaltóir ar fáil nó a chruthaigh an tomhaltóir agus an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach á úsáid, agus lena n-áirítear maidir le slándáil córas faisnéise agus timpeallachtaí digiteacha, cé acu an mbunaítear ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal Eorpach nó ar leibhéal a bhaineann le hearnáil tionscail shonrach.
Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfar caighdeáin idirnáisiúnta agus Aontais a fhorbairt agus cód iompair a tharraingt suas ag cumainn trádála agus eagraíochtaí ionadaíocha eile a d’fhéadfadh tacú le cur chun feidhme aonfhoirmeach na Treorach seo.
- = -
(86) Ós rud é, maidir le cuspóirí na Treorach seo, eadhon rannchuidiú le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí dhul i ngleic ar bhealach comhsheasmhach le bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí maidir le soláthar ábhair dhigitigh nó seirbhíse digití agus, ag an am céanna, cosc a chur ar ilroinnt dlí, nach féidir leis na Ballstáit iad a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna maidir le comhleanúnachas foriomlán na ndlíthe náisiúnta a áirithiú lena n-éascófaí freisin gníomhaíochtaí comhordaithe forfheidhmithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
- = -