search


keyboard_tab Contratti digitali 2019/0770 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0770 GA Art. 2 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 174

 

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “ábhar digiteachsonraí a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach;

(2)

ciallaíonn “seirbhís dhigiteach”:

(a)

seirbhís lenar féidir leis an tomhaltóir sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó

(b)

seirbhís lenar féidir sonraí a chomhroinnt nó aon idirghníomhaíocht eile a dhéanamh le sonraí i bhfoirm dhigiteach arna n-uaslódáil nó arna gcruthú ag an tomhaltóir nó ag úsáideoirí eile na seirbhíse sin;

(3)

ciallaíonn “earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha” ítimí sochorraithe inláimhsithe lena n-ionchorpraítear ábhar digiteachseirbhís dhigiteach nó a bhíonn idirnasctha leis nó léi sa chaoi agus go gcuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh sin nó na seirbhíse digití sin cosc ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna ag na hearraí;

(4)

ciallaíonn “comhtháthú” ábhar digiteachseirbhís dhigiteach mar aon leis na comhpháirteanna de thimpeallacht dhigiteach an tomhaltóra a nascadh agus a ionchorprú ionas go bhféadfar an t-ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a úsáid i gcomhréir leis na ceanglais maidir le comhréireacht dá bhforáiltear leis an Treoir seo;

(5)

ciallaíonn “trádálaí” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheirdlena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

(6)

ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú i ndáil le conarthaí a chumhdaítear faoin Rialachán seo, chun críocha atá lasmuigh de cheird, de ghnó, d’ealaín nó de ghairm an duine sin;

(7)

ciallaíonn “praghas” airgead nó léiriú digiteach ar luach atá dlite mar mhalairt ar sholáthar ábhair dhigitighseirbhíse digití;

(8)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679;

(9)

ciallaíonn “timpeallacht dhigiteachcrua-earraí, bogearraí agus aon nasc líonra arna úsáid ag an tomhaltóir chun rochtain a fháil ar ábhar digiteach nó ar sheirbhís dhigiteachchun úsáid a bhaint astu;

(10)

ciallaíonn “comhoiriúnacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraíbogearraí lena ndéantar ábhar digiteachseirbhísí digiteacha den chineál céanna a úsáid de ghnáth, gan an gá a bheith leis an ábhar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach a thiontú;

(11)

ciallaíonn “feidhmiúlacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh ag féachaint dá aidhm nó dá aidhm;

(12)

ciallaíonn “idir-inoibritheacht” cumas an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití feidhmiú le crua-earraíbogearraí atá difriúil ó na cinn sin a úsáidtear de ghnáth le hábhar digiteach nó le seirbhísí digiteacha den chineál céanna;

(13)

ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim lenar féidir leis an tomhaltóirleis an trádálaí faisnéis a díríodh chuig an duine sin é féin nó í a stóráil ar bhealach atá inrochtana lena húsáid amach anseo go ceann tréimhse a bheidh leordhóthanach chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh gur féidir an fhaisnéis a bheidh stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú.


whereas









keyboard_arrow_down